Cúrsaidhe an tSaoghail
Éire
Bhí ceannach maith ar chapallaibh ar an aonach mór i
Mhainisdir Fhear Muighe. Ar chapallaibh fiadhaigh agus
ar chapallaibh luatha caráisde is mó bhí éileamh agus
díoladh a lán do'n tsaghas sain ann.
Tá for-fhógra curtha ó'n bPápa go dtí n-a chlainn i
ngach áird do'n domhan go gcoimeádfar an bhliadhain
seo chugainn 'na bhliadhain lúthgháire (jubilee) do réir
na h-Eaglaise. Solamhuighthear an luthgháir seo i
gceann gach aon leath chéad bliadhan ó d'órduigheadh
do na Iudachaibh é sa tseanracht.
Cuireadh bannaidhe síothchána go ceann bliadhna ar
bhain tighearna talmhan do mhuintir Mhic Domhnail i
nOileán Acaill mar gheall ar phiostol a bhagairt ar
dhuine dá tionántaibh.
Cheannaigh Bórd na gCeanntar gCúmhang (congested
districts) le deidheannaighe céad míle acra do stát i
gCondae Mhuigh-Eó, comhgarach do Bheul Áth' Amhnais,
le roinnt imeasg sglábhuighe agus daoine bocht. An
Tighearna Diolún ba mhaighisdir ar an stát roimhe seo.
Tuairim ceathramha milliúin airgid a tugadh air, agus
deirthear go roinnfear ar an gcuma gceudna, i ndiaidh
a chéile, mórán eile do na machairibh breaghdha talmhan
atá ag cothughadh stuic i gConnachtaibh. Deir na Gaedhil
Aontuighthe gurab ortha féin a bhuidheachas. Pé acu
sain é is maith an sgeul é do na daoinibh bochta gheobhaidh
stiall do'n talamh.
Bhí cúis Sheagháin Mhic h-Éil agus an constábla
Mac Uí Shuilleabháin, os comhair an bhreithimh i mBaile
Áth' Cliath an lá fá dheire. I n-iarthar Mhuigh-Eó
chomhnuighid siad araon, agus oifigeach ar Chonnradh
na nGaedheal nAontuighthe is eadh Mac h-Éil
Is amhlaidh thosnuigh an troid, litir a sgríobhadh, agus
ainm Sheagháin léi, ag gríosacht fir eile chum briseadh
isteach san oidhche i dtig comharsan leis. Tá Mac
h-Éil 'ghá dhéanadh amach gur b'é an constábla sgríobh
an litir, acht tháinig an constábla saor as ag na siosó-
naibh móra leath-bhliadhain ó shoin. Ní raibh Mac h-Éil
sásta leis sin agus chuir sé an dlighe ar an gconstábla
arís i dtaobh éithigh a chur air leis an litir.
B'éigean do'n choisde i mBaile Áth' Cliath an cheist
a thabhairt suas gan reidhteach, i dtreo go bhfuil an
sgeul fós eatortha mar bhí ó thúis.
Fearghus Finn-Bhéil
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11