Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Scoil na Suadh - Árduighidh Bhur nGlórtha.
Title
Scoil na Suadh - Árduighidh Bhur nGlórtha.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Scoil na Suadh. ÁRDUIGHIDH BHUR nGLÓRTHA. Gléas G. I nAimsir Máirseála. An tAthair Tomás Mac Liam, do sholáthruigh. I. Árd-uighidh bhur nglórtha 'gus baillighidh buidhean-ta ceól, Cuiridh fios ar na comhur-sain gan moill: Bíodh cláirseach is feadóg libh táitht i gceart 's i gcóir, Mar is deimhin go mbeidh gnó agaibh dhíobh. Beidh rinnce fad' ar bórd, Agus
cuir is puirt go leór, Agus gáirfidh an Abha Mhór anois, Trí áthas an deagh-sceóil seo phósta bhláth na leóghan, Do rug craoch Innse Fódla go fíor. II. Fáiltí gan teórainn roimh bhuinneán gheal na dtreón, Go dtí Mainistir ómrach Fhearmaighe, Agus fáilte go mór-mhór roimh phéarla dheas na nÓgh, Do gheall bheith go deó 'ge mar mhnaoi; Bíodh teinte geala cnámh, Ar lasadh agaibh go lá Ar gach réidh-mhullach chnocáin san tír, Is séididh go maith árd na hadharca soin 'nbhur lámha, Mar tá scéal blasta breágh agaibh le maoidheamh. III. Féach Carn Tighearna le racht baois' os do chómhair, Is mar rinncthar le ceól ar a mhaoil, Na héin bheaga 's luinneóga séise 'ca 'n-a mbeóil Ar dhá thaobh Abhann Mhóire na bhfíodh, Na héisc san linn go sóghach Ag déanamh grinn is spóirt, Agus tréad trasna an pharóiste ag gaidheal, Is áthas ar mhileóin go ndéarnadh aon de'n dó, I snaidhm-cheangal Óird mhilis Chríost. IV. Fillfam-na 's tógfam-na hurá shuairc 'n-a ndeóidh, Caithfam tonn tseana-bhróg leis an ndís, Ag gudhe séan is rath dhóibh is bliadhanta fada i sógh Cois Abha Mhóire fé thóstal i dtigheas; Go dtugaidh Rí na gComhacht Dá ghrása, cothrom dóibh, Agus bliadhanta n-a bhfad-chomhaireamh saoighil, Is clann ghasta mac óg go Gaedhealach grádhmhar cóir Mar ba dhúthchas soin dóibh adamhuighim. TÓRNA, cct. Fuaireamar roinnt chártaí Nodlag ó Mhac Siubhlaigh ar an tSráid Aoird i mBaile Átha Cliath. Is é J. B. Years do tharraing na pictiúirí atá ortha agus deineadh an uile ruainne dhíobh idir pháipéar is eile i nÉirinn. Níor shíleamar go bhféadfaidhe a leithéidí a dhéanámh i nÉirinn. Badh chóir go mbéadh árd- cheannach ortha i gcóir na Nodlag. Tá an tOspuidéal agus a lán rudaí eile ar iarraidh an mhí seo. Brudhadh amach iad. Níl slighe againn faraoir chun trácht ar a leath de na rudaíbh badh mhaith linn. Ní cóir amh, fuireach a thuilleadh, gan trácht éigin a dhéanamh ar an leabhar is déidheannaighe chuir an tAthair Pádraig Ó Duinnín i gcló. Leabhar deas taithneamhach is eadh é. Tá sé ag cur síos dúinn ar ghnáth-shaoghal na hÉireann fé mar do-chítear do Ghaedheal é. Ba mhithid leabhar dá shaghas a bheith againn, agus tá Éire agus Gaedhil fé chomaoin ag an Athair Pádraig n-a thaobh. Naoi bpinginne a fhiacha.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services