ÁRDUIGHIDH BHUR nGLÓRTHA.
Gléas G. I nAimsir Máirseála. An tAthair Tomás Mac Liam, do sholáthruigh.
I.
Árd-uighidh bhur nglórtha 'gus baillighidh buidhean-ta ceól, Cuiridh fios ar na comhur-sain gan
moill: Bíodh cláirseach is feadóg libh táitht i gceart 's i gcóir, Mar is
deimhin go mbeidh gnó agaibh dhíobh. Beidh rinnce fad' ar bórd, Agus
cuir is puirt go leór, Agus gáirfidh an Abha Mhór anois, Trí
áthas an deagh-sceóil seo phósta bhláth na leóghan, Do rug craoch Innse Fódla go
fíor.
II.
Fáiltí gan teórainn roimh bhuinneán gheal na dtreón,
Go dtí Mainistir ómrach Fhearmaighe,
Agus fáilte go mór-mhór roimh phéarla dheas na nÓgh,
Do gheall bheith go deó 'ge mar mhnaoi;
Bíodh teinte geala cnámh,
Ar lasadh agaibh go lá
Ar gach réidh-mhullach chnocáin san tír,
Is séididh go maith árd na hadharca soin 'nbhur lámha,
Mar tá scéal blasta breágh agaibh le maoidheamh.
III.
Féach Carn Tighearna le racht baois' os do chómhair,
Is mar rinncthar le ceól ar a mhaoil,
Na héin bheaga 's luinneóga séise 'ca 'n-a mbeóil
Ar dhá thaobh Abhann Mhóire na bhfíodh,
Na héisc san linn go sóghach
Ag déanamh grinn is spóirt,
Agus tréad trasna an pharóiste ag gaidheal,
Is áthas ar mhileóin go ndéarnadh aon de'n dó,
I snaidhm-cheangal Óird mhilis Chríost.
IV.
Fillfam-na 's tógfam-na hurá shuairc 'n-a ndeóidh,
Caithfam tonn tseana-bhróg leis an ndís,
Ag gudhe séan is rath dhóibh is bliadhanta fada i sógh
Cois Abha Mhóire fé thóstal i dtigheas;
Go dtugaidh Rí na gComhacht
Dá ghrása, cothrom dóibh,
Agus bliadhanta n-a bhfad-chomhaireamh saoighil,
Is clann ghasta mac óg go Gaedhealach grádhmhar cóir
Mar ba dhúthchas soin dóibh adamhuighim.
TÓRNA, cct.
Fuaireamar roinnt chártaí Nodlag ó Mhac
Siubhlaigh ar an tSráid Aoird i mBaile Átha Cliath.
Is é J. B. Years do tharraing na pictiúirí atá ortha
agus deineadh an uile ruainne dhíobh idir pháipéar is eile
i nÉirinn. Níor shíleamar go bhféadfaidhe a leithéidí
a dhéanámh i nÉirinn. Badh chóir go mbéadh árd-
cheannach ortha i gcóir na Nodlag.
Tá an tOspuidéal agus a lán rudaí eile ar iarraidh
an mhí seo. Brudhadh amach iad.
Níl slighe againn faraoir chun trácht ar a leath de
na rudaíbh badh mhaith linn. Ní cóir amh, fuireach a
thuilleadh, gan trácht éigin a dhéanamh ar an leabhar
is déidheannaighe chuir an tAthair Pádraig Ó Duinnín
i gcló. Leabhar deas taithneamhach is eadh é. Tá sé
ag cur síos dúinn ar ghnáth-shaoghal na hÉireann fé
mar do-chítear do Ghaedheal é. Ba mhithid leabhar dá
shaghas a bheith againn, agus tá Éire agus Gaedhil fé chomaoin
ag an Athair Pádraig n-a thaobh. Naoi bpinginne a
fhiacha.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11