Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Cleamhnas.
Title
An Cleamhnas.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN CLEAMHNAS "An Craoibhín" do scríobh. NA DAOINE: Cáit (cailín óg), Máthair Cháit, Athair Cháit, Seághainín (dearbhráthair óg do Cháit). Diarmuid (atá i ngrádh le Cáit) Peadar Ó Giobaláin (sean-fhear). AMHARC. [Cisteannach tighe feilméara. Tá dorus an tseomra ag bun an chisteannaigh. Tá fuinneóg ins an taoibh chlé. Ta an Mháthair agus Seághainín 'san gcisteannach leó féin.] SEÁGHAINÍN. - A mháthair! MÁTHAIR. - Céard é, a mhic? S. - An maith an rud asal do bhualadh? M. - Is maith, a mhic, má tá an t-asal fallsa. S. Acht nuair atá an t-asal ar a dhicheall, an maith é a bhualadh? M. - Ní duine do bhuailfeadh é annsin, a stóir, acht diabhal. Faraoir! is iomdha diabhal atá i measg na ndaoine na haim- siridhe seo. S. - Chonnaic mé Peadar Óg Ó Gioba- láin ag bualadh asail indé; shaoilfeá go marbhóchadh sé é, nuair nár fhéad an t-asailín an t-ualach do bhí air do tharraing. M. - Peadar Óg Ó Giobaláin! Ó! Acht ná bac leis, a mhic. Cá 'uil Cáit? Ó, seo chugainn í. [Tagann Cáit isteach, agus í ag rith.] CÁIT - Óra, a mháthair, tá m'aithair agus sean-Pheadar Ó Giobaláin ag teacht aníos annso; chonnaic mé iad le chéile ins an bóithrín. Cad tá ar siúbhal aca, chor ar bith? M. - Cad chuige bhfuil tú a' fiafruighe? Nach minic roimhe seo chonnairc tú d'athair agus sean-Pheadar ag siubhal le chéile? S. - Is ort-sa tá siad ag caint, a Cháit, is ort-sa tá siad ag caint. Bhí mise ag éisteacht leó indé, agus ní fhéacaidh siad mé, mar bhí mé ar chúl an chlaidhe. Is ort-sa bhí siad ag caint! M. - [ag bualadh leadóige air] - Gabh amach as sin, a liopracháin an mhí-ádh. Sgrios leat síos chum an phortaigh, agus féach bhfuil mórán móna bainte aca. S. - [ag caoineadh] - Ná déan sin orm. Ní'l focal bréige ann. Is uirri do bhí siad ag caint! [Imthigheann sé.] C. - A mháthair, céard is ciall dó sin? M. - Éist, a mhúirnín, éist! Seo iad féin. [Tagann an tAthair agus Peadar ó Giobaláin isteach. Beirt shean-fhear atá ionnta.] ATHAIR. - A Mháire, thug mé Peadar Ó Giobaláin liom anocht. Tá rud éigin agam féin agus aige-sean le socrughadh le chéile. PEADAR. - Go mbeannuighidh Dia dhuit, a Mháire. Tá focal agam le rádh le Pádraig annso, agus leat-sa, b'éidir; acht sin réir mar thuitfidh amach. M. - Céad fáilte rómhat. Nach suidhfidh tú cois na teineadh? A. - Ní shuidhfimíd anois, a Mháire. Gabh- famaoid soir 'san seomra go fóill. Tarr uait, a Pheadair. P. - [ag tarraing buidéil amach as a phóca, agus dá shíneadh chun Máire] - Fág ar an mbórd annsin é, agus rachamaoid 'n-a éadan nuair bhéas ár ngnó déanta againn. M. - Fágfaidh mé annso é. [Cuireann sí ar an gclár é.] P. - Braon as mo still féin atá ann; braon chomh milis agus tháinig as still ariamh - an go fóil go mblasfaidh tú é.
A. - Tarr uait a Pheadair. [Téidheann siad isteach le chéile san seomra agus dúnaid an dorus 'n-a ndiaidh]. C. - Óra, a mháthair, acd tá ar siubhal aca? M. - Cá fhios dam, a chuisle? C. - A mháthair, chím ar do shúil nach fíor dhuit é sin. Is orm-sa atá siad ag caint, a mháthair. M. [ag cur a méir ar a béal] - Éist do bhéal, a Cháit. B'éidir go gcloisfeadh siad thu. Gabh anonn annsin ó'n dorus. C. - Tá faitchios mór ar Dhiarmuid bhocht. Chonnaic mé indiú é. Deir sé go mbíonn m'athair agus an sean-stangaire sin Peadar Ó Giobaláin ag ól 'ch uile oidhche le chéile i dtigh Shéamuis Uí Áil, agus tá Diarmuid cinnte go bhfuil sé ag socrughadh cleamhnais eadram féin agus mac Pheadair. Tá faitchios ar Dhiarmuid go dtréigfidh mise é agus go bpósfaidh mé an straoille sin Peadar Óg. A mháthair mo chroidhe, ní thig liom Diarmuid fhágbháil, cibé rud iarrfas m'athair orm. M. - Dubhairt mé le d'athair go raibh grádh agat-sa do Dhiarmuid, agus go raibh grádh ag Diarmuid duit-se. C. - Ó! a mháthair, ní fhéadfainn Peadar Óg phósadh, tá gráin agam air. M. - Acht, a Cháit, a mhúirnín, tá meas mór ag d'athair air. Do bhéarfadh sé thú do'n mhac mallachtan féin (go bhfóiridh Dia orainn), dá mbadh mac do shean-Pheadar é. Tá sé féin agus sean-Pheadar an-mhór le chéile. Ní'l seachtmhain ó phós mé (agus tá sin deich mbliadhna fichead ó shoin) nár chaith d'athair oidhche nó dó le sean-Pheadar, ag seanchus agus ag ól. Nuair nach mbíonn siad ag ól bíonn siad ag seanchus. Acht bíonn siad i gcómhnuidhe le chéile. C. - Ó, a mháthair! ná sgannruigh mé! M. - Ná saoil go dtaithnigheann sean- Pheadar liom-sa. Is iomdha oidhche do bhain sé mo chodladh dhíom le faitchios go raibh d'athair báidhte i ndíog nó i bpoll móna, nuair nach mbeith sé ag teacht a-bhaile. Anois tá d'athair réidh le do thabhairt do'n phótaire úd de mhac atá ag sean-Pheadar, le neart carthanais dó. Acht ní leigfidh mé leis thú, a mhúirnín, má fhéadaim é. C. - Ó! a mháthair mo chroidhe, sábháil mé ó'n bhfear sin. Ní rachaidh mé leis go bráth. B'fhearr liom bheith caithte isteach i bpoll móna 'ná bheith pósta leis. [Cluintear gáire taobh istigh de'n dorus.] Ó! a mháith- rín dhíleas, sábháil mé uaidh sin. [Téidh- eann sí chuig a máthar, agus pógann sí í.] An gcluin' tú mar tá siad ag gáiridhe?
M. - Socair, a Cháit! Socair, a stóir! - bí socair. Ná bíodh faitchios ort. Corr- uigh ort anois agus leag an bord, agus cuir na gloiní air, agus an buidéal poitín do thug an gliogaire seo leis. Béidh siad ag teacht amach ag iarraidh dighe nuair bhéas an gnó déanta aca istigh. [Tosuigheann Cáit ag réidhtiughadh an bhuird. Chídhtear cloigeann duine ag éirighe agus dearcadh isteach ar an bhfuinneóg.] M. - (sgannruighthe) - Crois Chríost orainn! Créad é sin? DIARMUID (tríd an bhfuinneóig). - Éist, a Mháire! Mise atá ann. M. - Tusa, an eadh! M'anam do Dhia, gur sgannruigh tú mé. Cad a thug annso thu? D. - Ó! a Mháire, tá an t-anam ag dul amach ar mo bhéal leis an deifir do bhí orm. Chualaidh mé i dtigh Shéamuis Uí Áil go bhfuil sean-Pheadar Ó Giobaláin annso ag déanamh cleamhnais idir Cháit agus a mhac, Peadar óg. [Teidheann Cáit anonn go dtí an fhuinneóg chuige.] Tháinig mé ag iar- raidh cómhairle oraibh. An mbrisfidh mé muinéal Pheadair Oig Uí Ghiobaláin - nó créad dhéanfas mé? B'fhearr liom an bás, a Cháit, 'ná tusa d'fheiceál ag an meisg- theóir sin. [Cluintear gáire mhór san seomra.] M. - An measann tú go mbéidh cliamhain de'n tsórt sin agam a choidhche? Go deimhin ní bhéidh, má tá aon neart agam-sa air. B'fheárr liom buachaill cneasta macánta 'ná pótaire dá shórt siúd, dá mbeith na céadta púnt aige. D. - Tabhair aire dhuit féin. B'éidir go bhfuil sé socruighthe anois aca. [Gáire istigh. Téidheann an Mháthair anonn chum an doruis, agus cuireann sí cluas uirri féin, ag éisteacht ag poll na heochrach]. M. - [ag fágbháil an doruis] - Ní'l baoghal ar bith orain go fóill. Ar Sheághan Gabha agus na píléirí atá siad ag caint. Nuair stadfaidh siad de'n gháire tiocfaidh siad thar an gcleamhnas. Sin é an gnó do thug annso iad. Tógfaidh mise clampar eatorra má fhéadfaim é. [Cluintear glór go hárd istigh]. Nó b'fhéidir go mbeith siad féin ag imreas le chéile. Chonnaic mé a leithéid sin go minic. [Glór níos áirde ó'n taoibh istigh.] Rachaidh mé go dtí an dorus arís, Fan annsin, a Dhiarmuid. [Téidheann sí chuig an dorus arís, agus éisteann sí. Do bheir Cáit a lámh arís do Dhiarmuid]. M. (ag filleadh) - Tá d'athair dod' mhol- adh-sa anois, a Cháit. Tá sé ag cur síos ar do cháil. Éist! [Téidheann sí chuig an dorus arís. Ag filleadh:] Tá sé 'a rádh nach bhfuil do leithéid ann ag bleághan bó … nó ag beathughadh muc … nó ag sábháil fhéir. Ní'l focal aige acht an fhírinne. D. - Dá mbeith sí choidhche gan bó do bhleághan, is ró-mhaith do bheith sí do'n dream úd! C. - Agus créad tá Peadar 'a rádh? M. [tar éis éisteachta arís] - Ag déanamh leithsgéil atá sé, ar son a mhic, Peadar Óg, nach dtáinig sé le n-a chois … Is i n-a leabuidh atá sé … Ní'l cor ann indiu, adeir sé. D. - Rud nach iongnadh, agus an chaoi 'n-a raibh sé ag teacht ó'n aonach indé. Ar dearg-mheisge do bhí sé. C. - Créad tá Peadar 'rádh anois? M. [tar éis éisteachta di] - Tá sé 'rádh gur fearr an bhean atá ag Peadar Óg a' fághail 'ná fuair sé féin nuair pósadh é. D. - Is fíor dhó sin, ar chuma ar bith! M. - [ó'n dorus, agus í corruighthe go mór] - Ó! 'nois tá siad ag teacht thar an spré!
Tá's againn cad é tá d'athair a' tabhairt leat-sa. D. - Is fearr Cáit féin 'ná a bhfuil de thalamh agus de bha i gConndae Mhuigh Eó. M. - Tá a hathair ag tabhairt deich bpunt fichead d'airgiod síos, Páirc an Tulacháin, an teach atá ann, an bhó mhaol agus na seacht gcaoirigh atá ar chúl an tighe, le Cáit. Tá sin ráidhte aige le Peadar anois, agus deir Peadar nach bhfuil aon locht air. Tá sé ag iarraidh trí fichid punt ar Pheadar anois. C. - Ní phósfainn é dá mbeith trí fichid céad punt aige. M. - Ní thiubhraidh Peadar é. Glóir do Dhia. B'fhéidir go n-éireóchaidh clampar eatorra fós! [Éisteann sí arís.] Acht deir sé go dtiubhraidh sé an móinfhéar mór agus Gort an Chapaill i leabaidh an airgid síos. [Éisteann sí arís.] Tá d'athair 'a rádh go gcaithfidh sé Gort an Chapaill a thabhairt mar bhí sé riamh, sul ar leig sé a leath isteach le Páirc na mBó. [Éisteann sí arís.] Tá siad ag árgúinteacht go géar 'n-a thaoibh sin. Tá súil le Dia agam nach réidhteóchaidh siad. C. (Tar éis móimide.) 'Nois a mháthair, cad tá ar siubhal aca? M. - Mo léan! Tá sé réidhtighthe aca; tá Peadar ag tabhairt Gort an Chapaill go hiomlán. C. - Cad tá siad 'rádh anois? M. - Tá d'athair 'g iarraidh an bhainc móna atá thíos ar an bPortach Bán … Tá Peadar a' rádh nach mbéidh áit aige féin le baint mhóna annsin … Deir d'athair go bhfuil banca móna ar an gCnoc Salach aige … Deir Peadar nach fiú dada iad sin … Deir d'athair go mbeidh sé féin sásta leis … Och! Tá Peadar d'á thabhairt dhó! C. - Ó! a mháthair, má réidhtigheann siad le chéile, b'fhearr liom-sa bheith marbh. M. - 'Nois tá d'athair ag iarraidh na lárach deirge air. Táim cinnte nach dtiubh- raidh sé an láirín uaidh … Buidheachas le Dia! ní thiubhraidh … Ó, mo léan! tá sé ag tairsgint an tsean-ghearráin bháin, agus tá d'athair sásta leis sin. Tá sé dhá ghlacadh uaidh. Éist! 'Nois tá d'athair ag iarraidh cruaiche mhóna air … Deir Peadar nach mbéidh aon mhóin aige féin, má thugann sé í sin uaidh … Deir d'athair, má's mar sin atá, go mbéidh sé féin sásta leis an móin atá aige ar an tsráid … Tá Peadar dh'á tabhairt sin dó. D. - Is mó an méid atá ar an tsráid aige 'ná atá insan gcruaich! M. - Tá d'athair a' rádh go gcaithfidh sé poll prátaí thabhairt do'n lánamhain, agus gan iad a chur ag ceannach prátaí an chéad bhliadhain … Deir sé nach bhfuil prátaí ar bith aige acht iad sin … Deir d'athair go bhfuil prátaí aige ins an sgioból, agus go mbéidh sé sásta leó-san. … Ní'l sé a' fágbháil focail ag Peadar … Thug Peadar na prátaí dhó. Ó! mo léan! C. - Ó, a mháthair! M. - Tá sé 'g iarraidh cuinneóige [cuig- inn] agus feircín ime ar Pheadar anois … Ó! thug Peadar dhó é … 'Nois tá sé ag iarraidh na sean-chráin-mhuice ar Pheadar … Tá súil agam nach dtiubhraidh Peadar sin! … Deir d'athair go ndéanfaidh sí an lánamha óg a chongbháil ó throid! … Ó! béidh im- reas aca anois go cinnte! (Ní Críoch).
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services