Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Cleamhnas.

Title
An Cleamhnas.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AN CLEAMHNAS



"An Craoibhín" do scríobh.



NA DAOINE:
Cáit (cailín óg),
Máthair Cháit,
Athair Cháit,
Seághainín (dearbhráthair óg do Cháit).
Diarmuid (atá i ngrádh le Cáit)
Peadar Ó Giobaláin (sean-fhear).



AMHARC.
[Cisteannach tighe feilméara. Tá dorus an tseomra
ag bun an chisteannaigh. Tá fuinneóg ins an
taoibh chlé. Ta an Mháthair agus Seághainín 'san
gcisteannach leó féin.]



SEÁGHAINÍN. - A mháthair!



MÁTHAIR. - Céard é, a mhic?



S. - An maith an rud asal do bhualadh?



M. - Is maith, a mhic, má tá an t-asal
fallsa.



S. Acht nuair atá an t-asal ar a
dhicheall, an maith é a bhualadh?



M. - Ní duine do bhuailfeadh é annsin,
a stóir, acht diabhal. Faraoir! is iomdha
diabhal atá i measg na ndaoine na haim-
siridhe seo.



S. - Chonnaic mé Peadar Óg Ó Gioba-
láin ag bualadh asail indé; shaoilfeá go
marbhóchadh sé é, nuair nár fhéad an t-asailín
an t-ualach do bhí air do tharraing.



M. - Peadar Óg Ó Giobaláin! Ó! Acht
ná bac leis, a mhic. Cá 'uil Cáit? Ó, seo
chugainn í.



[Tagann Cáit isteach, agus í ag rith.]



CÁIT - Óra, a mháthair, tá m'aithair agus
sean-Pheadar Ó Giobaláin ag teacht aníos
annso; chonnaic mé iad le chéile ins an
bóithrín. Cad tá ar siúbhal aca, chor ar
bith?



M. - Cad chuige bhfuil tú a' fiafruighe?
Nach minic roimhe seo chonnairc tú d'athair
agus sean-Pheadar ag siubhal le chéile?



S. - Is ort-sa tá siad ag caint, a Cháit,
is ort-sa tá siad ag caint. Bhí mise ag
éisteacht leó indé, agus ní fhéacaidh siad
mé, mar bhí mé ar chúl an chlaidhe. Is ort-sa
bhí siad ag caint!



M. - [ag bualadh leadóige air] - Gabh
amach as sin, a liopracháin an mhí-ádh.
Sgrios leat síos chum an phortaigh, agus féach
bhfuil mórán móna bainte aca.



S. - [ag caoineadh] - Ná déan sin orm.
Ní'l focal bréige ann. Is uirri do bhí siad
ag caint!



[Imthigheann sé.]



C. - A mháthair, céard is ciall dó sin?



M. - Éist, a mhúirnín, éist! Seo iad
féin.



[Tagann an tAthair agus Peadar ó Giobaláin isteach.
Beirt shean-fhear atá ionnta.]



ATHAIR. - A Mháire, thug mé Peadar
Ó Giobaláin liom anocht. Tá rud éigin
agam féin agus aige-sean le socrughadh le
chéile.



PEADAR. - Go mbeannuighidh Dia dhuit,
a Mháire. Tá focal agam le rádh le
Pádraig annso, agus leat-sa, b'éidir; acht
sin réir mar thuitfidh amach.



M. - Céad fáilte rómhat. Nach suidhfidh
tú cois na teineadh?



A. - Ní shuidhfimíd anois, a Mháire. Gabh-
famaoid soir 'san seomra go fóill. Tarr
uait, a Pheadair.



P. - [ag tarraing buidéil amach as a
phóca, agus dá shíneadh chun Máire] - Fág ar
an mbórd annsin é, agus rachamaoid 'n-a
éadan nuair bhéas ár ngnó déanta againn.



M. - Fágfaidh mé annso é.



[Cuireann sí ar an gclár é.]



P. - Braon as mo still féin atá ann;
braon chomh milis agus tháinig as still ariamh -
an go fóil go mblasfaidh tú é.


L. 447


A. - Tarr uait a Pheadair.



[Téidheann siad isteach le chéile san seomra
agus dúnaid an dorus 'n-a ndiaidh].



C. - Óra, a mháthair, acd tá ar siubhal
aca?



M. - Cá fhios dam, a chuisle?



C. - A mháthair, chím ar do shúil nach fíor
dhuit é sin. Is orm-sa atá siad ag caint,
a mháthair.



M. [ag cur a méir ar a béal] - Éist do
bhéal, a Cháit. B'éidir go gcloisfeadh siad
thu. Gabh anonn annsin ó'n dorus.



C. - Tá faitchios mór ar Dhiarmuid bhocht.
Chonnaic mé indiú é. Deir sé go mbíonn
m'athair agus an sean-stangaire sin Peadar
Ó Giobaláin ag ól 'ch uile oidhche le chéile i
dtigh Shéamuis Uí Áil, agus tá Diarmuid
cinnte go bhfuil sé ag socrughadh cleamhnais
eadram féin agus mac Pheadair. Tá faitchios
ar Dhiarmuid go dtréigfidh mise é agus go
bpósfaidh mé an straoille sin Peadar Óg.
A mháthair mo chroidhe, ní thig liom Diarmuid
fhágbháil, cibé rud iarrfas m'athair orm.



M. - Dubhairt mé le d'athair go raibh
grádh agat-sa do Dhiarmuid, agus go raibh
grádh ag Diarmuid duit-se.



C. - Ó! a mháthair, ní fhéadfainn Peadar
Óg phósadh, tá gráin agam air.



M. - Acht, a Cháit, a mhúirnín, tá meas
mór ag d'athair air. Do bhéarfadh sé thú
do'n mhac mallachtan féin (go bhfóiridh Dia
orainn), dá mbadh mac do shean-Pheadar é.
Tá sé féin agus sean-Pheadar an-mhór le
chéile. Ní'l seachtmhain ó phós mé (agus
tá sin deich mbliadhna fichead ó shoin) nár
chaith d'athair oidhche nó dó le sean-Pheadar,
ag seanchus agus ag ól. Nuair nach mbíonn
siad ag ól bíonn siad ag seanchus. Acht
bíonn siad i gcómhnuidhe le chéile.



C. - Ó, a mháthair! ná sgannruigh mé!



M. - Ná saoil go dtaithnigheann sean-
Pheadar liom-sa. Is iomdha oidhche do bhain
sé mo chodladh dhíom le faitchios go raibh
d'athair báidhte i ndíog nó i bpoll móna,
nuair nach mbeith sé ag teacht a-bhaile.
Anois tá d'athair réidh le do thabhairt do'n
phótaire úd de mhac atá ag sean-Pheadar,
le neart carthanais dó. Acht ní leigfidh
mé leis thú, a mhúirnín, má fhéadaim é.



C. - Ó! a mháthair mo chroidhe, sábháil mé
ó'n bhfear sin. Ní rachaidh mé leis go bráth.
B'fhearr liom bheith caithte isteach i bpoll
móna 'ná bheith pósta leis. [Cluintear
gáire taobh istigh de'n dorus.] Ó! a mháith-
rín dhíleas, sábháil mé uaidh sin. [Téidh-
eann sí chuig a máthar, agus pógann sí í.] An
gcluin' tú mar tá siad ag gáiridhe?


L. 448


M. - Socair, a Cháit! Socair, a stóir!
- bí socair. Ná bíodh faitchios ort. Corr-
uigh ort anois agus leag an bord, agus cuir na
gloiní air, agus an buidéal poitín do thug an
gliogaire seo leis. Béidh siad ag teacht
amach ag iarraidh dighe nuair bhéas an gnó
déanta aca istigh.



[Tosuigheann Cáit ag réidhtiughadh an bhuird.
Chídhtear cloigeann duine ag éirighe agus
dearcadh isteach ar an bhfuinneóg.]



M. - (sgannruighthe) - Crois Chríost orainn!
Créad é sin?



DIARMUID (tríd an bhfuinneóig). -
Éist, a Mháire! Mise atá ann.



M. - Tusa, an eadh! M'anam do Dhia,
gur sgannruigh tú mé. Cad a thug annso
thu?



D. - Ó! a Mháire, tá an t-anam ag dul
amach ar mo bhéal leis an deifir do bhí
orm. Chualaidh mé i dtigh Shéamuis Uí Áil
go bhfuil sean-Pheadar Ó Giobaláin annso
ag déanamh cleamhnais idir Cháit agus a mhac,
Peadar óg. [Teidheann Cáit anonn go dtí
an fhuinneóg chuige.] Tháinig mé ag iar-
raidh cómhairle oraibh. An mbrisfidh mé
muinéal Pheadair Oig Uí Ghiobaláin - nó
créad dhéanfas mé? B'fhearr liom an bás,
a Cháit, 'ná tusa d'fheiceál ag an meisg-
theóir sin.



[Cluintear gáire mhór san seomra.]



M. - An measann tú go mbéidh cliamhain
de'n tsórt sin agam a choidhche? Go deimhin
ní bhéidh, má tá aon neart agam-sa air.
B'fheárr liom buachaill cneasta macánta
'ná pótaire dá shórt siúd, dá mbeith na
céadta púnt aige.



D. - Tabhair aire dhuit féin. B'éidir go
bhfuil sé socruighthe anois aca.



[Gáire istigh. Téidheann an Mháthair anonn
chum an doruis, agus cuireann sí cluas
uirri féin, ag éisteacht ag poll na
heochrach].



M. - [ag fágbháil an doruis] - Ní'l baoghal
ar bith orain go fóill. Ar Sheághan Gabha
agus na píléirí atá siad ag caint. Nuair
stadfaidh siad de'n gháire tiocfaidh siad thar
an gcleamhnas. Sin é an gnó do thug annso
iad. Tógfaidh mise clampar eatorra má
fhéadfaim é. [Cluintear glór go hárd
istigh]. Nó b'fhéidir go mbeith siad féin ag
imreas le chéile. Chonnaic mé a leithéid
sin go minic. [Glór níos áirde ó'n taoibh
istigh.] Rachaidh mé go dtí an dorus arís,
Fan annsin, a Dhiarmuid.



[Téidheann sí chuig an dorus arís, agus
éisteann sí. Do bheir Cáit a lámh arís
do Dhiarmuid].



M. (ag filleadh) - Tá d'athair dod' mhol-
adh-sa anois, a Cháit. Tá sé ag cur síos ar
do cháil. Éist! [Téidheann sí chuig an dorus
arís. Ag filleadh:] Tá sé 'a rádh nach
bhfuil do leithéid ann ag bleághan bó …
nó ag beathughadh muc … nó ag sábháil
fhéir. Ní'l focal aige acht an fhírinne.



D. - Dá mbeith sí choidhche gan bó do
bhleághan, is ró-mhaith do bheith sí do'n
dream úd!



C. - Agus créad tá Peadar 'a rádh?



M. [tar éis éisteachta arís] - Ag déanamh
leithsgéil atá sé, ar son a mhic, Peadar Óg,
nach dtáinig sé le n-a chois … Is i
n-a leabuidh atá sé … Ní'l cor ann
indiu, adeir sé.



D. - Rud nach iongnadh, agus an chaoi 'n-a
raibh sé ag teacht ó'n aonach indé. Ar
dearg-mheisge do bhí sé.



C. - Créad tá Peadar 'rádh anois?



M. [tar éis éisteachta di] - Tá sé 'rádh
gur fearr an bhean atá ag Peadar Óg a'
fághail 'ná fuair sé féin nuair pósadh é.



D. - Is fíor dhó sin, ar chuma ar bith!



M. - [ó'n dorus, agus í corruighthe go mór] -
Ó! 'nois tá siad ag teacht thar an spré!


L. 449


Tá's againn cad é tá d'athair a' tabhairt
leat-sa.



D. - Is fearr Cáit féin 'ná a bhfuil de
thalamh agus de bha i gConndae Mhuigh Eó.



M. - Tá a hathair ag tabhairt deich bpunt
fichead d'airgiod síos, Páirc an Tulacháin,
an teach atá ann, an bhó mhaol agus na seacht
gcaoirigh atá ar chúl an tighe, le Cáit. Tá
sin ráidhte aige le Peadar anois, agus deir
Peadar nach bhfuil aon locht air. Tá sé ag
iarraidh trí fichid punt ar Pheadar anois.



C. - Ní phósfainn é dá mbeith trí fichid
céad punt aige.



M. - Ní thiubhraidh Peadar é. Glóir do
Dhia. B'fhéidir go n-éireóchaidh clampar
eatorra fós! [Éisteann sí arís.] Acht
deir sé go dtiubhraidh sé an móinfhéar mór
agus Gort an Chapaill i leabaidh an airgid
síos. [Éisteann sí arís.] Tá d'athair 'a
rádh go gcaithfidh sé Gort an Chapaill a
thabhairt mar bhí sé riamh, sul ar leig sé a
leath isteach le Páirc na mBó. [Éisteann
sí arís.] Tá siad ag árgúinteacht go géar
'n-a thaoibh sin. Tá súil le Dia agam nach
réidhteóchaidh siad.



C. (Tar éis móimide.) 'Nois a mháthair,
cad tá ar siubhal aca?



M. - Mo léan! Tá sé réidhtighthe aca; tá
Peadar ag tabhairt Gort an Chapaill go
hiomlán.



C. - Cad tá siad 'rádh anois?



M. - Tá d'athair 'g iarraidh an bhainc móna
atá thíos ar an bPortach Bán …
Tá Peadar a' rádh nach mbéidh áit aige féin
le baint mhóna annsin … Deir
d'athair go bhfuil banca móna ar an gCnoc
Salach aige … Deir Peadar nach
fiú dada iad sin … Deir d'athair
go mbeidh sé féin sásta leis …
Och! Tá Peadar d'á thabhairt dhó!



C. - Ó! a mháthair, má réidhtigheann siad
le chéile, b'fhearr liom-sa bheith marbh.



M. - 'Nois tá d'athair ag iarraidh na
lárach deirge air. Táim cinnte nach dtiubh-
raidh sé an láirín uaidh … Buidheachas
le Dia! ní thiubhraidh … Ó, mo léan!
tá sé ag tairsgint an tsean-ghearráin
bháin, agus tá d'athair sásta leis sin. Tá sé
dhá ghlacadh uaidh. Éist! 'Nois tá d'athair
ag iarraidh cruaiche mhóna air … Deir
Peadar nach mbéidh aon mhóin aige féin,
má thugann sé í sin uaidh … Deir
d'athair, má's mar sin atá, go mbéidh sé
féin sásta leis an móin atá aige ar an
tsráid … Tá Peadar dh'á tabhairt
sin dó.



D. - Is mó an méid atá ar an tsráid
aige 'ná atá insan gcruaich!



M. - Tá d'athair a' rádh go gcaithfidh sé
poll prátaí thabhairt do'n lánamhain, agus gan
iad a chur ag ceannach prátaí an chéad
bhliadhain … Deir sé nach bhfuil prátaí
ar bith aige acht iad sin … Deir
d'athair go bhfuil prátaí aige ins an
sgioból, agus go mbéidh sé sásta leó-san.
… Ní'l sé a' fágbháil focail ag
Peadar … Thug Peadar na prátaí
dhó. Ó! mo léan!



C. - Ó, a mháthair!



M. - Tá sé 'g iarraidh cuinneóige [cuig-
inn] agus feircín ime ar Pheadar anois …
Ó! thug Peadar dhó é … 'Nois tá
sé ag iarraidh na sean-chráin-mhuice ar
Pheadar … Tá súil agam nach
dtiubhraidh Peadar sin! … Deir
d'athair go ndéanfaidh sí an lánamha óg a
chongbháil ó throid! … Ó! béidh im-
reas aca anois go cinnte!
(Ní Críoch).



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services