Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Díoghbháil Tíre Teicheamh a Daoine.
Title
Díoghbháil Tíre Teicheamh a Daoine.
Author(s)
Ó Muimhneacháin, Seaghán,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
DÍOGHBHÁIL TÍRE TEICHEAMH A DAOINE "Is buan é an duine 'n-a dúthaigh féin." - Seanrádh. 'S díth 's is danaid 's is aithreach fáth mo scéil, Na mílte ag scaipeadh, is ag imtheacht o dhúthaíbh Néill, Ag sgíordadh thar caise go dealbh le fán an tsaoghail 'S gan cuimhne ar chasadh 'n fhaid mhairfid ar Ghráinne Mhaol. Is mór agus is éachtach an chúis bróin é gan amhras, na mílte d'fheicsint ag imtheacht gach bliadhain ó n-a dtír dhúthchais féin, agus ná fuil aon chosc dá chur leó fós, agus gur ró-bhaoghalach ná cuirfear go fóill. Sí cúis fá ndeara an sgrios díoghbhálach so, baoth-smaointe atá t'réis greim dain- gean d'fhagháil ar aos óg na hÉireann go bhféadfadh siad ór agus saidhbhreas do phiocadh suas as leacachaibh na sráide i dtíoraibh tar lear. Is dócha gur airigheadar an sean- fhocal, acht ná tigid siad é, "Gur mór- taibhsesach iad adharca na mbó thar lear," agus is mealltach na hadharca iad so go minic. Ní caithreacha mar a dtuairisc iad súd. Is dóigh le n-a lán d'fhearaibh agus de mhnáibh óga na hÉireann dá mbeadh an oiread airgid aca is do bhéarfadh anonn iad go dtí an tOileán Úr - Tír na nÓg ba cheart dam a rádh - ná béarfaidh lá bocht ortha go deó; acht do bheadh dearmhad mór ortha ámhthach. Dá n-oibreóghadís go léir chomh cruaidh is chomh dícheallach ag baile is do chaithfid a dhéanamh i dtír iasachta, do bheadh atharrughadh sgéil aca. Do bheadh com- pórd, aoibhneas agus saidhbhreas, aca i mbéalaibh a ndóirse féin; acht ní meón leó soin do dhéanamh, acht a n-aghaidh do thabhairt thar lear. Go deimhin is mór an truagh bheith ag féachaint ar aos bláth na tíre, gur mhaise leat ar aonach, margadh, nó feis iad, ag imtheacht uainn i n-aghaidh gach lae, agus gan súil le iad d'fheic- sint ag teacht thar n-ais slán go bráth arís. D'réir an tuairisc is déidheannaighe, 'sé sin sa Mheitheamh, d'fhág os cionn seacht míle pearsa Cuan Chorcaighe, agus, nuair fhéachaimíd siar chum an mhí chéadna anuraidh, chídhmíd nár imthigh acht timceall le chúig míle. Taisbeánann soin gur mó atá ag imtheacht anois 'ná riamh roimhe seo. Is deacair agus is duadhamhail dúinn iad do choimeád ag baile. Tá draoidheacht éigin ortha dá mbrostughadh thar fairrge, agus, muna gcuirfear cosc leó gan moill, béadh sé air againn ar ball éinne do choimeád i n-éan-chor. 'Sé mo thuairim láidir-se, agus is sé an bharamhail choitcheann é, dá gcabhróghaimís le hearraíbh Gaedhealacha mar badh cheart dúinn, go gcoimeádfadh sé mór-chuid aca ag bhaile; agus, dá gcuirfidhe suas connradh chum slighe bheatha chreideamhnach do sholáthar dár ndaoine, agus nuadh-oibreacha do chur ar bun; ár sean-nósanna agus béasa do bheith againn; rinnce ar na crois-bhóithribh, gnáth neamh-dhíoghbhálach; báire agus liathróid do bheith aca dá n-imirt ar na machairíbh; agus teanga ár sinsear d'aithbheóghadh, go ndéan- fadh sé caradas agus muinntearas idir ár ndaoine do shníomh agus do cheangal chomh dlúth soin is ná cuimhneóghadh éinne ar imtheacht; agus, 'n-a theannta soin, do choimeádfadh sé iad amach as na tightibh tábhairne. Is 'mdhó míortúin do tháinig riamh ar Chlanna Gaedh- eal ná fuilim chum labhairt ortha annso; acht deirim gurb é seo an mí-ádh ba mheasa aca na sean-rinncí agus na pátrúin do bhí ann le na seacht sin sir do chur fá chois, mar níl againn anois 'n-a n-ionad acht ól, cártaí, agus imreas ins na tighthibh tábhairne. Go deimhin is fo-dhuine 'tá 'n-ár measc anois ná feiceann go soiléir go bhfuil atharrughadh mór tagaithe ar mhuinntir na
hÉireann le déidheannaighe. Ní le fuaim airm, ná le gleó ná le coimheascar a tháinic sé. Do shleamhnuigh sé orainn i gan fhios, nach mór agus béarfaidh sé buadh leis ar fuid na hÉireann. Tá an t-atharrughadh so tagaithe go dána, agus ní ó indiu go dtí i mbáireach d'fhanfaidh sé, acht go bráth na breithe, le congnamh Dé chum clanna Mhileadh d'árdughadh i bhfeidhm agus drabhfuigheal Bhéarlachais na n-eachtrannach do mhúch croidhe agus aigne na nGaedheal do sheóladh uatha soir, chúcha tar n-ais go dtí Lunndain. Tá feirmeóirí na hÉireann chum bheith 'n-a máighistrí ar a gcuid talmhan féin gan moill. Tá scoileanna dá gcur ar bun chum teagasg ealadhanta do thabhairt dár n-aos óg, agus is ró-ghearr go mbeidh scoileanna Gaedhealacha againn ar fuid na tíre chum múineadh glan folláin do thabhairt dár ndaoine, agus teanga agus nósanna na nGaedheal do choimeád go bríoghmhar beó. Ar an intinn sin badh cheart dúinn go léir dir sagairt, agus eile, iarracht fíor-láidir, do thabhairt, agus ár gcroidhe-dhícheall do dhéanamh chum cosc do chur le n-ár ndaoine atá ag imtheacht uainn 'n-a gcéadta. Féachann gach saghas nídh go dóchasach, agus tá súil againn gur ró-ghearr go mbeidh obair go flúirseach againn i nÉirinn; agus nuair a thiocfaidh an lá soin, beidh ár mbuachaillí ar ár gcailíní céad uair níos séanmhaire, níos seascaire, agus níos feárr ná bheith fá aon ghrian eachtrannach. 'Sé tuairim láidir gach éinne go bhfuil eólas aca ar na nithibh do bhaineann le hÉirinn, go dtiocfaidh athar- rughadh seóidh gan moill, agus mara bhfan- faidh na hÉireannaigh sa bhaile go mbeidh na hAlbannaigh, agus na Sasannaigh ag brughadh isteach orainn 'n-a n-ionad (nár leogaidh Dia soin), chum an fhoghmhair do bhaint agus do bhailiughadh, agus annsoin do bheadh saothar na nGaedheal imthighthe mar chubhar na habhann, tar éis dóibh bheith ag feitheamh go foidhneach leis na bliadhanta fada chum suaimhneas agus síothcháin d'fhagháil uair éigin. Beidh obair go leór againn annso sós, ní amháin do na hÉireannaigh, acht dár gcáirde thar lear, agus féadfaidh siad a cuid gairgid do chur chum maitheasa dhóibh féin, agus do chách chomh maith, agus deireadh a saoghail do chaitheamh sa bhaile. Ní'l sé ró-dhéidheannach fós cosc do chur leó, i dtaobh is go bhfuil an oiread ag imtheacht anois, is go ndéarfadh duine leis féin go bhfuil cúis ár dtíre éadóthchusach. Ní'l aon bhreith ar na daoine atá imthighthe do thabhairt thar n-ais, acht mar sin féin tá súil againn go bhfillfidh cuid aca ar aon tslighe, chum cabhrughadh linn go fuin- neamhail, chum Éireann nuadh-dhéanta do thógbháil suas go buan-seasmhach arís. Badh cheart dúinn go léir cabhair agus congnamh do thabhairt chum soin do dhéanamh, cabhrughadh le Connradh na Gaedhilge, cabhrughadh le hearraí Ghaedhealacha, agus baoth-bhéasa agus balbh-theanga Sheagháin Bhuidhe, agus a chual- lacht do chur fá chois idir scian-scolb, trí fhaid agus leithead ár n-oileáinín aoibhinn na Naomh agus na nOllamh. SEAGHÁN Ó MUIMHNEACHÁIN. [Bhuaidh an aiste seo an chéad duais ag Feis Bhaile Mhairtéalaigh i mbliadhna. Aithneoghaidh ár léightheóirí gnáth-ghontacht Sheagháin. Táimíd buidheach de'n Athair Ó Cairbrigh chionn é sheoladh ag triall orainn. F. an I.] Seo cleas do bhíodh ag na páisdíbh fad ó shoin, ar a dtugaidís Geataí Árda: - Cá bhfuil an eochair? Tá sí i gCorcaigh. Cuir duine d'á hiarraidh. Ní chuirfead i mbliadhna. Brisfead-sa an glas. Bris má théidheann leat.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services