Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Díoghbháil Tíre Teicheamh a Daoine.

Title
Díoghbháil Tíre Teicheamh a Daoine.
Author(s)
Ó Muimhneacháin, Seaghán,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

DÍOGHBHÁIL TÍRE TEICHEAMH A DAOINE



"Is buan é an duine 'n-a dúthaigh féin." - Seanrádh.



'S díth 's is danaid 's is aithreach fáth mo scéil,
Na mílte ag scaipeadh, is ag imtheacht o dhúthaíbh
Néill,
Ag sgíordadh thar caise go dealbh le fán an tsaoghail
'S gan cuimhne ar chasadh 'n fhaid mhairfid ar Ghráinne
Mhaol.



Is mór agus is éachtach an chúis bróin é gan
amhras, na mílte d'fheicsint ag imtheacht
gach bliadhain ó n-a dtír dhúthchais féin,
agus ná fuil aon chosc dá chur leó fós,
agus gur ró-bhaoghalach ná cuirfear go fóill.



Sí cúis fá ndeara an sgrios díoghbhálach
so, baoth-smaointe atá t'réis greim dain-
gean d'fhagháil ar aos óg na hÉireann go
bhféadfadh siad ór agus saidhbhreas do phiocadh
suas as leacachaibh na sráide i dtíoraibh tar
lear. Is dócha gur airigheadar an sean-
fhocal, acht ná tigid siad é, "Gur mór-
taibhsesach iad adharca na mbó thar lear," agus
is mealltach na hadharca iad so go minic.
Ní caithreacha mar a dtuairisc iad súd.



Is dóigh le n-a lán d'fhearaibh agus de mhnáibh
óga na hÉireann dá mbeadh an oiread
airgid aca is do bhéarfadh anonn iad go
dtí an tOileán Úr - Tír na nÓg ba cheart
dam a rádh - ná béarfaidh lá bocht ortha go
deó; acht do bheadh dearmhad mór ortha
ámhthach. Dá n-oibreóghadís go léir chomh
cruaidh is chomh dícheallach ag baile is do
chaithfid a dhéanamh i dtír iasachta, do bheadh
atharrughadh sgéil aca. Do bheadh com-
pórd, aoibhneas agus saidhbhreas, aca i
mbéalaibh a ndóirse féin; acht ní meón
leó soin do dhéanamh, acht a n-aghaidh
do thabhairt thar lear. Go deimhin is mór
an truagh bheith ag féachaint ar aos
bláth na tíre, gur mhaise leat ar aonach,
margadh, nó feis iad, ag imtheacht uainn i
n-aghaidh gach lae, agus gan súil le iad d'fheic-
sint ag teacht thar n-ais slán go bráth arís.
D'réir an tuairisc is déidheannaighe, 'sé
sin sa Mheitheamh, d'fhág os cionn seacht
míle pearsa Cuan Chorcaighe, agus, nuair
fhéachaimíd siar chum an mhí chéadna anuraidh,
chídhmíd nár imthigh acht timceall le chúig
míle. Taisbeánann soin gur mó atá ag
imtheacht anois 'ná riamh roimhe seo.



Is deacair agus is duadhamhail dúinn iad do
choimeád ag baile. Tá draoidheacht éigin
ortha dá mbrostughadh thar fairrge, agus, muna
gcuirfear cosc leó gan moill, béadh sé
air againn ar ball éinne do choimeád i
n-éan-chor.



'Sé mo thuairim láidir-se, agus is sé an
bharamhail choitcheann é, dá gcabhróghaimís
le hearraíbh Gaedhealacha mar badh cheart
dúinn, go gcoimeádfadh sé mór-chuid aca
ag bhaile; agus, dá gcuirfidhe suas connradh
chum slighe bheatha chreideamhnach do sholáthar
dár ndaoine, agus nuadh-oibreacha do chur ar
bun; ár sean-nósanna agus béasa do bheith
againn; rinnce ar na crois-bhóithribh, gnáth
neamh-dhíoghbhálach; báire agus liathróid do
bheith aca dá n-imirt ar na machairíbh; agus
teanga ár sinsear d'aithbheóghadh, go ndéan-
fadh sé caradas agus muinntearas idir ár
ndaoine do shníomh agus do cheangal chomh dlúth
soin is ná cuimhneóghadh éinne ar imtheacht;
agus, 'n-a theannta soin, do choimeádfadh sé
iad amach as na tightibh tábhairne. Is 'mdhó
míortúin do tháinig riamh ar Chlanna Gaedh-
eal ná fuilim chum labhairt ortha annso;
acht deirim gurb é seo an mí-ádh ba mheasa
aca na sean-rinncí agus na pátrúin do bhí
ann le na seacht sin sir do chur fá chois,
mar níl againn anois 'n-a n-ionad acht ól,
cártaí, agus imreas ins na tighthibh tábhairne.



Go deimhin is fo-dhuine 'tá 'n-ár measc
anois ná feiceann go soiléir go bhfuil
atharrughadh mór tagaithe ar mhuinntir na


L. 435


hÉireann le déidheannaighe. Ní le fuaim
airm, ná le gleó ná le coimheascar a tháinic
sé. Do shleamhnuigh sé orainn i gan fhios,
nach mór agus béarfaidh sé buadh leis ar fuid
na hÉireann. Tá an t-atharrughadh so
tagaithe go dána, agus ní ó indiu go dtí
i mbáireach d'fhanfaidh sé, acht go bráth na
breithe, le congnamh Dé chum clanna Mhileadh
d'árdughadh i bhfeidhm agus drabhfuigheal
Bhéarlachais na n-eachtrannach do mhúch croidhe
agus aigne na nGaedheal do sheóladh uatha
soir, chúcha tar n-ais go dtí Lunndain. Tá
feirmeóirí na hÉireann chum bheith 'n-a
máighistrí ar a gcuid talmhan féin gan
moill. Tá scoileanna dá gcur ar bun chum
teagasg ealadhanta do thabhairt dár n-aos
óg, agus is ró-ghearr go mbeidh scoileanna
Gaedhealacha againn ar fuid na tíre chum
múineadh glan folláin do thabhairt dár
ndaoine, agus teanga agus nósanna na
nGaedheal do choimeád go bríoghmhar beó.
Ar an intinn sin badh cheart dúinn go léir
dir sagairt, agus eile, iarracht fíor-láidir,
do thabhairt, agus ár gcroidhe-dhícheall do
dhéanamh chum cosc do chur le n-ár ndaoine
atá ag imtheacht uainn 'n-a gcéadta.



Féachann gach saghas nídh go dóchasach, agus
tá súil againn gur ró-ghearr go mbeidh obair
go flúirseach againn i nÉirinn; agus nuair a
thiocfaidh an lá soin, beidh ár mbuachaillí ar
ár gcailíní céad uair níos séanmhaire, níos
seascaire, agus níos feárr ná bheith fá aon
ghrian eachtrannach. 'Sé tuairim láidir gach
éinne go bhfuil eólas aca ar na nithibh do
bhaineann le hÉirinn, go dtiocfaidh athar-
rughadh seóidh gan moill, agus mara bhfan-
faidh na hÉireannaigh sa bhaile go mbeidh
na hAlbannaigh, agus na Sasannaigh ag
brughadh isteach orainn 'n-a n-ionad (nár
leogaidh Dia soin), chum an fhoghmhair do
bhaint agus do bhailiughadh, agus annsoin
do bheadh saothar na nGaedheal imthighthe mar
chubhar na habhann, tar éis dóibh bheith ag
feitheamh go foidhneach leis na bliadhanta
fada chum suaimhneas agus síothcháin
d'fhagháil uair éigin.



Beidh obair go leór againn annso sós,
ní amháin do na hÉireannaigh, acht dár
gcáirde thar lear, agus féadfaidh siad a
cuid gairgid do chur chum maitheasa dhóibh
féin, agus do chách chomh maith, agus deireadh
a saoghail do chaitheamh sa bhaile.



Ní'l sé ró-dhéidheannach fós cosc do chur
leó, i dtaobh is go bhfuil an oiread ag
imtheacht anois, is go ndéarfadh duine leis
féin go bhfuil cúis ár dtíre éadóthchusach.



Ní'l aon bhreith ar na daoine atá imthighthe
do thabhairt thar n-ais, acht mar sin féin
tá súil againn go bhfillfidh cuid aca ar
aon tslighe, chum cabhrughadh linn go fuin-
neamhail, chum Éireann nuadh-dhéanta do
thógbháil suas go buan-seasmhach arís. Badh
cheart dúinn go léir cabhair agus congnamh
do thabhairt chum soin do dhéanamh, cabhrughadh
le Connradh na Gaedhilge, cabhrughadh le
hearraí Ghaedhealacha, agus baoth-bhéasa agus
balbh-theanga Sheagháin Bhuidhe, agus a chual-
lacht do chur fá chois idir scian-scolb, trí
fhaid agus leithead ár n-oileáinín aoibhinn
na Naomh agus na nOllamh.



SEAGHÁN Ó MUIMHNEACHÁIN.



[Bhuaidh an aiste seo an chéad duais ag Feis Bhaile
Mhairtéalaigh i mbliadhna. Aithneoghaidh ár léightheóirí
gnáth-ghontacht Sheagháin. Táimíd buidheach de'n Athair
Ó Cairbrigh chionn é sheoladh ag triall orainn.
F. an I.]




Seo cleas do bhíodh ag na páisdíbh fad ó
shoin, ar a dtugaidís Geataí Árda: -
Cá bhfuil an eochair? Tá sí i gCorcaigh.
Cuir duine d'á hiarraidh. Ní chuirfead i
mbliadhna.
Brisfead-sa an glas. Bris má théidheann
leat.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services