Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Clodhanna Nua.
Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Clodhanna nua. AN BUAICEAS: PÁDRAIG Ó SÉAGHDHA (Conán Maol) do scríobh; Seósamh Laoide do chuir i n-eagar. Connradh na Gaedhilge. Trí réalacha. Seo chughainn arís ár sean-cháirde Bean an Leasa, Máire Ní Bhroin, Nóra Ní Fhailbhe, agus an chuid eile dhíobh gur chuireamair aithne ortha fad ó san IRIS- LEABHAR. Gan mearathal ar domhan beidh fáilte is fiche rompa agus is fada dh'fhanfaidh cuimhneamh ortha i gcroidhe gach Gaedhil a léighfidh na tuairiscí a thugann Conán ortha. Is é "An Buaiceas" an ceathramhadh cuid de sna Scéaltaibh Nua-Dhéanta atá gá dtabhairt amach ag Connradh na Gaedhilge. Ní gábhadh scéalta An Bhuaicis a mholadh dhóibh seo a léigh cheanna iad, acht n-a dhiaidh soin is uile tá siad léighte agus ath-léighte againn féin, agus níl dá mhinicí léighmíd iad ná gur fearr a thaithnid linn agus gur ceanamhla a bhímíd ortha. Tugaid siad os ár gcomhair gnáth-shaoghal na tuaithe féibh mar do b'eól dúinn féin í. Gheibhmíd ionnta an lá breagh Samhraidh, agus an dubh-oidhche dhorcha Gheimhridh, an bhantracht ag crúdh na mbó, na fir ag obair sna páirceanna, an teine mhóna agus na comhursain bailighthe 'n-a timcheall ag scoruidheacht, agus n-a dteannta-san cúrsaí na gaoithe n-a stoirm uathbhásaigh nó n-a leóithne ionfhuair i gceanntar áluinn Loch Léin. Sé buadh Chonáin, a dhílseacht do'n tuaith, agus tá méar líomhtha, agus intinn láidir, agus cumas iongantach aige chun a smaointe a chur os ár gcomhair. Go mbuaidhe Dia leis féin agus leis An mBuaiceas. AN GIOBLACHÁN: Finnsgéal nuadh-dhéanta. Tomás Ó hAodha do sgríobh. Connradh na Gaeilge. Chúig phingne dhéag. Sin é an cúigmhadh ceann de sna scéalta nua- dhéanta atá gá dtabhairt amach ag Connradh na Gaedhilge. Scéal i ndáríribh is eadh "An Gioblachán". Nuair a bheadh tosnuighthe agat ar é léigheadh ní fhéadfá stad go dtí go sroisfá deireadh an leabhair. Sin é an comhartha is fearr ar scéal, is cuma cad as go dtagann sé. Tá Gaedhilg ana-shimplidhe san scéal so, agus d'fhoghnfadh go maith mar leabhar léightheóireachta i gcraobhacha de Chonnradh na Gaedhilge. Ní thaith- neann cuid de sna pictiúirí linn. Preabaire diail- ghioballach is eadh an Gioblachán féin an chéad cheann. Gioblachán failligheach do b'eadh an clódóir leis agus badh mhór an truagh nár thugadh aire dhó le linn do'n leabhar bheith dá chur i gcló. Leabhar maith taithneamhachis eadh "An Gioblachán," taobh amuigh de sna lochtaibh seo, agus tuilleann árd-cheannach a bheith air. Is iomdha maith atá déanta ag Tomás Ó hAodha ar son na Gaedhilge, acht ní dócha gur dhein riamh beart ba thairbhighe ná "An Gioblachán" a sgríobhadh. Beidh súil againn le tuilleadh ó n-a láimh. Seo leabhar go bhfuil leath-chéad leathanach ann agus é go léir tógtha suas le cur síos ar lochtaibh an Ollaimh Mac Aithchín. I bpríomh-thosach an leabhair deir An Steócasach: Annsoin deir sé gur cheart d'éinne do ghabhann ar láimh foclóir a dhéanamh ar shean-reachtaibh dlighe na hÉireann eólas a chur ar shaothair Ascoli, Thurreysen, Zimmer, Zupitza, Osthoff, Rozwadowski, Strachan, Pedersen, Saranw, Lidén, Loth, Voctor, Henry, agus daoine nach iad. Níor dhein Mac Aithchín soin. Annsoin tais- peánann an Steócasach fé na caibidil leanas na lochtaí atá i leabhar Mhic Aithchín: - Do b'fhiú d'éinne an leabhrín seo cheannach agus a shúil a chaitheamh ar na tuaiplisí a dheineann an tOllamh árd-léigheanta (!) - an scoláire críochnuighthe seo - i dtaobh focail bheaga Gaedhilge go mbeadh eólas ag gach sean-mhnaoi fé'n dtuaith ortha. Feach ortha so: Cclughadh a thugann sé ar an bhfocal scélugud .í. scéalughadh .í. innsint scéalta. Cuir sé "a n-a étaim?" = in a decision i n-ionad "na etaim" any decision. Seo ceann eile: "dog. "That dog" (says Atkin- son) "means act of burning, blazing, kindling is certain." The word intended is dód, better dóud, verbal noun of dóim = Gr. daiw from dafiw."
Níor cheart dúinn breis slighe a lot ag cur síos ar ghoithí an "scoláire" seo. Fágfaimíd fé Dhia is fé'n Steócasach é, acht badh cheart do gach éinne go bhfuil éan-dúil aige san tSean-Ghaedhilg an leabhairín seo an Steócasaigh d'fhagháil is do léigheamh. Is mithid dúinn trácht ar leabhar Chonchubhair Uí Dheasmhamna, agus "Fionn agus Lorcán" ó Chonchubhar Ó Muimhneacháin. I dtaobh is gur ab í an Ghaedhilg chéadna atá ionnta, tá deifridheacht eatortha ar chumbaibh eile. Féachaimís "Fionn agus Lorcán" féin. Scéal breagh Fiannaidheachta is eadh an scéal soin, acht féacht an cuma n-a bhfuil thíos ag Conchubhar. Tá go gearrtha briste, agus bheadh sé léighte agat i gcionn chúig nóimit. Do chaithfeadh scéaluidhe cúpla uair a chluig ar an scéal úd, agus ba mhór an truagh é gur ghiorruigh Conchubhar chomh mór soin é. Ní mar sin do scéalta an Deasmhumhnaigh. Tá gach éin-cheann díobh go piocaithe snasta gan focal sa bhreis ná focal i n-easnamh ortha. Ní ag fagháil locht ar Mhac Uí Mhuimhneacháin atámuid i n-éan chor acht bhí ról-dheithneas air agus é ag sgríobhadh na scéalta úd, agus badh cheart roinnt nótaí agus foclóir beag a bheith le n-ais mar mhaithe do'n mhuinntir atá ag foghluim Gaedhilge. Is fada atá leabhar dá shaghas so ag teastáil uainn. Tá leabhair Uí Ghramhna agus na Ceachta Beaga Gaedhilge maith go leór i gcóir daoine óga agus leanbhaí scoile, acht leath-smuigh dhíobh so go léir tá ana-chuid daoine go bhfuil eólas aca ar theanga iasachta nó dó eile. Daoine fásta is eadh urmhór díobh súd, agus daoine atá tugtha do stuidéar agus léigh- theóireacht. Leabhar de'n tsórt so is eadh is fearr a thaithneoghaidh léo súd. Múinteóir i gConnradh na Gaedhilge i Lunndain is eadh an Dochtúir Mac Énrí, agus má leanfaidh ár múinteóirí-na an chomhairle thugann sé dhóibh san Réamh-rádh beidh toradh maith ar a saothar. Ní'l éan-chúis ghearáin ag daoine anois i dtaobh gan leabhair a bheith ann chun tosnughadh ar an Ghaedhilg. Ní'l éan-amhras orainn ná go mbeidh ana-cheannach ar leabhar an Dochtúra Mac Énrí. Gheobhaidh Muimhneach locht annso 's annsúd air, acht ciaca againn atá gan locht. Tá "AN CRUITIRE" fé chló i ndeireadh na mbeart. Tá naoi bpuirt fichead ann agus iad gléasta i gcóir cláirsighe. Eoghan Laoide do ghléas. Tá pictiúir tar barr ar fad ón bFáganachar an gclúdach. Leath-choróinn is eadh a fhiacha.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services