Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clodhanna Nua.

Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Clodhanna nua.



AN BUAICEAS: PÁDRAIG Ó SÉAGHDHA (Conán Maol)
do scríobh; Seósamh Laoide do chuir i n-eagar.
Connradh na Gaedhilge. Trí réalacha.



Seo chughainn arís ár sean-cháirde Bean an Leasa,
Máire Ní Bhroin, Nóra Ní Fhailbhe, agus an chuid eile
dhíobh gur chuireamair aithne ortha fad ó san IRIS-
LEABHAR. Gan mearathal ar domhan beidh fáilte is
fiche rompa agus is fada dh'fhanfaidh cuimhneamh ortha i
gcroidhe gach Gaedhil a léighfidh na tuairiscí a thugann
Conán ortha. Is é "An Buaiceas" an ceathramhadh
cuid de sna Scéaltaibh Nua-Dhéanta atá gá dtabhairt
amach ag Connradh na Gaedhilge. Ní gábhadh scéalta
An Bhuaicis a mholadh dhóibh seo a léigh cheanna iad, acht
n-a dhiaidh soin is uile tá siad léighte agus ath-léighte
againn féin, agus níl dá mhinicí léighmíd iad ná gur
fearr a thaithnid linn agus gur ceanamhla a bhímíd ortha.
Tugaid siad os ár gcomhair gnáth-shaoghal na tuaithe
féibh mar do b'eól dúinn féin í. Gheibhmíd ionnta an
lá breagh Samhraidh, agus an dubh-oidhche dhorcha Gheimhridh,
an bhantracht ag crúdh na mbó, na fir ag obair sna
páirceanna, an teine mhóna agus na comhursain bailighthe
'n-a timcheall ag scoruidheacht, agus n-a dteannta-san
cúrsaí na gaoithe n-a stoirm uathbhásaigh nó n-a
leóithne ionfhuair i gceanntar áluinn Loch Léin. Sé
buadh Chonáin, a dhílseacht do'n tuaith, agus tá méar
líomhtha, agus intinn láidir, agus cumas iongantach aige
chun a smaointe a chur os ár gcomhair. Go mbuaidhe
Dia leis féin agus leis An mBuaiceas.



AN GIOBLACHÁN: Finnsgéal nuadh-dhéanta.
Tomás Ó hAodha do sgríobh. Connradh na Gaeilge.
Chúig phingne dhéag.



Sin é an cúigmhadh ceann de sna scéalta nua-
dhéanta atá gá dtabhairt amach ag Connradh na
Gaedhilge. Scéal i ndáríribh is eadh "An Gioblachán".
Nuair a bheadh tosnuighthe agat ar é léigheadh ní
fhéadfá stad go dtí go sroisfá deireadh an leabhair.
Sin é an comhartha is fearr ar scéal, is cuma cad as
go dtagann sé. Tá Gaedhilg ana-shimplidhe san scéal
so, agus d'fhoghnfadh go maith mar leabhar léightheóireachta
i gcraobhacha de Chonnradh na Gaedhilge. Ní thaith-
neann cuid de sna pictiúirí linn. Preabaire diail-
ghioballach is eadh an Gioblachán féin an chéad
cheann. Gioblachán failligheach do b'eadh an clódóir
leis agus badh mhór an truagh nár thugadh aire dhó le linn
do'n leabhar bheith dá chur i gcló. Leabhar maith
taithneamhachis eadh "An Gioblachán," taobh amuigh de
sna lochtaibh seo, agus tuilleann árd-cheannach a bheith
air. Is iomdha maith atá déanta ag Tomás Ó hAodha
ar son na Gaedhilge, acht ní dócha gur dhein riamh
beart ba thairbhighe ná "An Gioblachán" a sgríobhadh.
Beidh súil againn le tuilleadh ó n-a láimh.




Seo leabhar go bhfuil leath-chéad leathanach ann agus é
go léir tógtha suas le cur síos ar lochtaibh an
Ollaimh Mac Aithchín. I bpríomh-thosach an leabhair
deir An Steócasach:



Annsoin deir
sé gur cheart d'éinne do ghabhann ar láimh foclóir a
dhéanamh ar shean-reachtaibh dlighe na hÉireann eólas
a chur ar shaothair Ascoli, Thurreysen, Zimmer,
Zupitza, Osthoff, Rozwadowski, Strachan, Pedersen,
Saranw, Lidén, Loth, Voctor, Henry, agus daoine nach
iad. Níor dhein Mac Aithchín soin. Annsoin tais-
peánann an Steócasach fé na caibidil leanas na
lochtaí atá i leabhar Mhic Aithchín: -



Do b'fhiú d'éinne an leabhrín seo cheannach agus a shúil
a chaitheamh ar na tuaiplisí a dheineann an tOllamh
árd-léigheanta (!) - an scoláire críochnuighthe seo -
i dtaobh focail bheaga Gaedhilge go mbeadh eólas ag
gach sean-mhnaoi fé'n dtuaith ortha. Feach ortha so:



Cclughadh a thugann sé ar an bhfocal scélugud
.í. scéalughadh .í. innsint scéalta.



Cuir sé "a n-a étaim?" = in a decision i n-ionad
"na etaim" any decision.



Seo ceann eile: "dog. "That dog" (says Atkin-
son) "means act of burning, blazing, kindling is
certain." The word intended is dód, better dóud,
verbal noun of dóim = Gr. daiw from dafiw."


L. 420


Níor cheart dúinn breis slighe a lot ag cur síos
ar ghoithí an "scoláire" seo. Fágfaimíd fé Dhia is
fé'n Steócasach é, acht badh cheart do gach éinne go
bhfuil éan-dúil aige san tSean-Ghaedhilg an leabhairín
seo an Steócasaigh d'fhagháil is do léigheamh.



Is mithid dúinn trácht ar leabhar Chonchubhair Uí
Dheasmhamna, agus "Fionn agus Lorcán" ó Chonchubhar Ó
Muimhneacháin. I dtaobh is gur ab í an Ghaedhilg
chéadna atá ionnta, tá deifridheacht eatortha ar
chumbaibh eile. Féachaimís "Fionn agus Lorcán" féin.
Scéal breagh Fiannaidheachta is eadh an scéal soin,
acht féacht an cuma n-a bhfuil thíos ag Conchubhar. Tá
go gearrtha briste, agus bheadh sé léighte agat i gcionn
chúig nóimit. Do chaithfeadh scéaluidhe cúpla uair a
chluig ar an scéal úd, agus ba mhór an truagh é gur
ghiorruigh Conchubhar chomh mór soin é. Ní mar sin do
scéalta an Deasmhumhnaigh. Tá gach éin-cheann díobh
go piocaithe snasta gan focal sa bhreis ná focal i
n-easnamh ortha. Ní ag fagháil locht ar Mhac Uí
Mhuimhneacháin atámuid i n-éan chor acht bhí ról-dheithneas
air agus é ag sgríobhadh na scéalta úd, agus badh cheart
roinnt nótaí agus foclóir beag a bheith le n-ais mar
mhaithe do'n mhuinntir atá ag foghluim Gaedhilge.



Is fada atá leabhar dá shaghas so ag teastáil uainn.
Tá leabhair Uí Ghramhna agus na Ceachta Beaga
Gaedhilge maith go leór i gcóir daoine óga
agus leanbhaí scoile, acht leath-smuigh dhíobh so go léir tá
ana-chuid daoine go bhfuil eólas aca ar theanga
iasachta nó dó eile. Daoine fásta is eadh urmhór
díobh súd, agus daoine atá tugtha do stuidéar agus léigh-
theóireacht. Leabhar de'n tsórt so is eadh is fearr
a thaithneoghaidh léo súd.



Múinteóir i gConnradh na Gaedhilge i Lunndain
is eadh an Dochtúir Mac Énrí, agus má leanfaidh
ár múinteóirí-na an chomhairle thugann sé dhóibh san
Réamh-rádh beidh toradh maith ar a saothar.



Ní'l éan-chúis ghearáin ag daoine anois i dtaobh gan
leabhair a bheith ann chun tosnughadh ar an Ghaedhilg.
Ní'l éan-amhras orainn ná go mbeidh ana-cheannach ar
leabhar an Dochtúra Mac Énrí. Gheobhaidh Muimhneach
locht annso 's annsúd air, acht ciaca againn atá gan
locht.



Tá "AN CRUITIRE" fé chló i ndeireadh na mbeart.
Tá naoi bpuirt fichead ann agus iad gléasta i gcóir
cláirsighe. Eoghan Laoide do ghléas. Tá pictiúir
tar barr ar fad ón bFáganachar an gclúdach.
Leath-choróinn is eadh a fhiacha.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services