Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Láimh Scríbhinne IV.
Title
Láimh Scríbhinne IV.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
LÁIMH SCRÍBHINNE. IV. Is é an chéad rud eile atá thíos i n-ár láimh- scríbhinn ná "Gile na Gile", do cheap Aodhagán Ó Rathaille. Déanfam cóimh-mheas idir é féin agus an ceann atá thíos ag an Athair Pádraig i Leabhar Aodhagáin. Líne. Láim-Scríbhinn. 1. Ar slighe an uaignis Tá an dara líne agus an tríomhadh ceann mar atáid i Leabhar an Dálaigh do réir nóta an Athar Pádraig. 4. Deirge is fineadh (finne) tré lile n-a, agus rl. 6. Do sgriosann an chruine do ruinne le righin- sguaba. 7. A hiorradh ba ghile 'ná gloine 12. Is fios eile ná cuirim. 13. Lile na lile dham dhruidim. 15. Tar ghairm Mhic Mhuire óm' choimirc. 16. D'imthigh an bhruinneal. 19. Do'n tsoininn-bhrog tigim. 20. Le draoidheacht druagain. Tá línte 21-24 ar easnamh san láimh-scríbhinn seo. 25. Do b'fhíor uaim-se. 30. Silid a lithe (?) go Life. 32. 'Sí Gile na gile í do chonnarc. 33. Mo threighead mo thuirse mo thurainn. 34. Ar adhairc ag fuirionnaibh miosguireach crón- dubh buidhe. Mar adubhramair thuas tá ceathramha ar easbhaidh san láimh-scríbhinn; agus má cuirfam "a" mar chomhartha ar leath tosaigh gach ceathramhan agus "b" ar gach leath deiridh, sid é órdughadh an dáin seo in n-ár láimh- scríbhinn, acht gan casadh an chéad cheathramhan do chóimhreamh: 1a, 1b; 4a, 2b; 2a, 4b; 5a, 5b; 3a, 3b; 7a, 7b; 8a, 8b; an ceangal. Críochnuigheann soin an t-ochtmhadh leathnach déag, agus i dtúis an chéad leathnaigh eile atá "Marbhnaibh Sir Donnchadh, mac Chonchubhair Uí Bhriain, ó Léim an Eich; iar n-éag an seachtmhadh lá déag November, 1717; le hAindrias Mac Cruitín." Caoineadh breagh is eadh é seo. Ní dóigh linn gur cuireadh i gcló cheana é. Is fearra dhúinn é chur síos annso, ar eagla b'éidir go gcaillfidhe é. Annamh sin a Chláir Lughaidh léir, Ó theacht Lughaidh i gcéin dot' uaim, Gan codhnach ceana d'fhuil Táil, Indiu, cé táir id' chonair chuain. Indiu cé táir id' ádhbhar cuaird is creach A thulaigh cháirdeach Chláir ghil chuaine Chais Tugais lá fé bhlath bhioth-bhuan i meas Is truipibh Táil 'n-a bhfál ort thuaidh is theas. Is caointe i n-éinfheacht Sliocht Táil, A gcaoineadh cá dáil is truagh; Má's móide ár ndéine 'n-a ndiaidh, Nach caoineadh éin-fhir iarraid uaim. Is caoineadh i n-éinfheacht tréin-shliocht Táil monuar 'S a gcaoineadh i n-éag-cruth a Dhé cá dáil is truagh Má's díopa ár ndéine i ndéidh na n-árd-fhláith chuaidh Nach chaoineadh éagaimh éan-fhir áilid uainn. Cé dhlighsiod roimhe (seo) riamh Ár ngárthaibh 'n-a ndiaidh 's ár ndeóir; I n-ionad grod-ghártha guil Ba silte fuil indiu 'n-a ndeóidh. Ba snuite (?) fuil go guirt i ndeóidh na bhflaith 'S nach díol grod-ghuil nár fuineadh ar feódh d'fhuil Chais Laoch n-a luighe tré luige ag leógh na leas 'S a dísle i mbruith, cia chuirfeas Fódla ar ais? Cia chuirfeas Fódla tar ais Ná d'fhóirfeas a ceas go bráth? Ár súil re Banbha do bhí Gur thuit truislibh tighe Táil. Gur thuit mo phúir uile túir-shliocht Táil na dtriath 'S gur cuireadh i n-úir fé chumhdhach clár i gcriaidh 'S níor scuir mo shúil riot 'úir-bhean álainn Bhriain. Brian ge bailiog gan chúis A Dhia cad dhéanam dá ndéis 'S gur cuire a bhflaith chróin go dís Níor bh'fhearta arís a gcur andéis. D'éis gach séilg-ghoimh deirge daor-ruathar 'S gach géar-chith doirbh dar theilg an ghaoth ghuardail Níor éaluigh meirg ar dheilbh na saor-chuaine A nÉarla doirid (? deiridh) gur theilg an t-éag uatha Uí Conchubhair nár mheath cnas Dá bhfáig uaisle chas ó'n mbás Níor bh'éidir dá sheal gan bheith buan Flath-chrann gan chuan nach dealbh d'fhás. Fás cobharthach na crobhainne nar chaoch cas-chnóibh D'fhág soirbhthin a dtorbheart go léir i gcló Dáil oscar-bheart dá gcosanadh an t-éag ar bheó Do bhás brostuightheach, a Dhonnchadh, níor bhaoghal go fóill Fóill is fad-réim gé mhian Tré chaithréim riamh níor dhruid cluan; Do nós a shean níor sheachain áigh Dob' aicheas gnáith do'n bhile bhuan. Bile budhach cumhra nar chrannda ciall Ciste dlúis clúith casdach ceannsa cian Má's misde an Mhumhain cnú-mhullaigh teann-fhlaith 's triath Do dhruid go dlúth dúnta rer scannradh a thriall.
Do dhruid rer scannradh gach scáth Dul Dhonnchadh ce bráth bhíos beó Do nós gach flatha rathmhair réidh Nár chaith a ré mar reabhradh reó. Is ró-rachmullach léar scamalla gach taobh do'n chrích n-a cheo ceangailte is fada bheas na leinn gan lighe Treón tairse na n-anbhfann nár théarnadh a gclí 'S ba sceól dainimhe re n-aithris sin go n-éagaid Gaoidhil. (Ní críoch).
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services