Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Láimh Scríbhinne IV.

Title
Láimh Scríbhinne IV.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

LÁIMH SCRÍBHINNE.
IV.



Is é an chéad rud eile atá thíos i n-ár láimh-
scríbhinn ná "Gile na Gile", do cheap Aodhagán
Ó Rathaille. Déanfam cóimh-mheas idir é féin agus
an ceann atá thíos ag an Athair Pádraig i Leabhar
Aodhagáin.



Líne. Láim-Scríbhinn.



1. Ar slighe an uaignis
Tá an dara líne agus an tríomhadh ceann mar
atáid i Leabhar an Dálaigh do réir nóta an
Athar Pádraig.
4. Deirge is fineadh (finne) tré lile n-a, agus rl.
6. Do sgriosann an chruine do ruinne le righin-
sguaba.
7. A hiorradh ba ghile 'ná gloine
12. Is fios eile ná cuirim.
13. Lile na lile dham dhruidim.
15. Tar ghairm Mhic Mhuire óm' choimirc.
16. D'imthigh an bhruinneal.
19. Do'n tsoininn-bhrog tigim.
20. Le draoidheacht druagain.
Tá línte 21-24 ar easnamh san láimh-scríbhinn
seo.
25. Do b'fhíor uaim-se.
30. Silid a lithe (?) go Life.
32. 'Sí Gile na gile í do chonnarc.
33. Mo threighead mo thuirse mo thurainn.
34. Ar adhairc ag fuirionnaibh miosguireach crón-
dubh buidhe.



Mar adubhramair thuas tá ceathramha ar easbhaidh
san láimh-scríbhinn; agus má cuirfam "a" mar chomhartha
ar leath tosaigh gach ceathramhan agus "b" ar gach leath
deiridh, sid é órdughadh an dáin seo in n-ár láimh-
scríbhinn, acht gan casadh an chéad cheathramhan do
chóimhreamh:
1a, 1b; 4a, 2b; 2a, 4b; 5a, 5b; 3a, 3b; 7a, 7b;
8a, 8b; an ceangal.



Críochnuigheann soin an t-ochtmhadh leathnach déag,
agus i dtúis an chéad leathnaigh eile atá "Marbhnaibh
Sir Donnchadh, mac Chonchubhair Uí Bhriain, ó Léim an
Eich; iar n-éag an seachtmhadh lá déag November,
1717; le hAindrias Mac Cruitín." Caoineadh breagh
is eadh é seo. Ní dóigh linn gur cuireadh i gcló cheana
é. Is fearra dhúinn é chur síos annso, ar eagla
b'éidir go gcaillfidhe é.



Annamh sin a Chláir Lughaidh léir,
Ó theacht Lughaidh i gcéin dot' uaim,
Gan codhnach ceana d'fhuil Táil,
Indiu, cé táir id' chonair chuain.



Indiu cé táir id' ádhbhar cuaird is creach
A thulaigh cháirdeach Chláir ghil chuaine Chais
Tugais lá fé bhlath bhioth-bhuan i meas
Is truipibh Táil 'n-a bhfál ort thuaidh is theas.



Is caointe i n-éinfheacht Sliocht Táil,
A gcaoineadh cá dáil is truagh;
Má's móide ár ndéine 'n-a ndiaidh,
Nach caoineadh éin-fhir iarraid uaim.



Is caoineadh i n-éinfheacht tréin-shliocht Táil monuar
'S a gcaoineadh i n-éag-cruth a Dhé cá dáil is truagh
Má's díopa ár ndéine i ndéidh na n-árd-fhláith chuaidh
Nach chaoineadh éagaimh éan-fhir áilid uainn.



Cé dhlighsiod roimhe (seo) riamh
Ár ngárthaibh 'n-a ndiaidh 's ár ndeóir;
I n-ionad grod-ghártha guil
Ba silte fuil indiu 'n-a ndeóidh.



Ba snuite (?) fuil go guirt i ndeóidh na bhflaith
'S nach díol grod-ghuil nár fuineadh ar feódh d'fhuil
Chais
Laoch n-a luighe tré luige ag leógh na leas
'S a dísle i mbruith, cia chuirfeas Fódla ar ais?



Cia chuirfeas Fódla tar ais
Ná d'fhóirfeas a ceas go bráth?
Ár súil re Banbha do bhí
Gur thuit truislibh tighe Táil.



Gur thuit mo phúir uile túir-shliocht Táil na dtriath
'S gur cuireadh i n-úir fé chumhdhach clár i gcriaidh
'S níor scuir mo shúil riot 'úir-bhean álainn Bhriain.



Brian ge bailiog gan chúis
A Dhia cad dhéanam dá ndéis
'S gur cuire a bhflaith chróin go dís
Níor bh'fhearta arís a gcur andéis.



D'éis gach séilg-ghoimh deirge daor-ruathar
'S gach géar-chith doirbh dar theilg an ghaoth ghuardail
Níor éaluigh meirg ar dheilbh na saor-chuaine
A nÉarla doirid (? deiridh) gur theilg an t-éag uatha



Uí Conchubhair nár mheath cnas
Dá bhfáig uaisle chas ó'n mbás
Níor bh'éidir dá sheal gan bheith buan
Flath-chrann gan chuan nach dealbh d'fhás.



Fás cobharthach na crobhainne nar chaoch cas-chnóibh
D'fhág soirbhthin a dtorbheart go léir i gcló
Dáil oscar-bheart dá gcosanadh an t-éag ar bheó
Do bhás brostuightheach, a Dhonnchadh, níor bhaoghal go
fóill



Fóill is fad-réim gé mhian
Tré chaithréim riamh níor dhruid cluan;
Do nós a shean níor sheachain áigh
Dob' aicheas gnáith do'n bhile bhuan.



Bile budhach cumhra nar chrannda ciall
Ciste dlúis clúith casdach ceannsa cian
Má's misde an Mhumhain cnú-mhullaigh teann-fhlaith 's
triath
Do dhruid go dlúth dúnta rer scannradh a thriall.


L. 400


Do dhruid rer scannradh gach scáth
Dul Dhonnchadh ce bráth bhíos beó
Do nós gach flatha rathmhair réidh
Nár chaith a ré mar reabhradh reó.



Is ró-rachmullach léar scamalla gach taobh do'n chrích
n-a cheo ceangailte is fada bheas na leinn gan lighe
Treón tairse na n-anbhfann nár théarnadh a gclí
'S ba sceól dainimhe re n-aithris sin go n-éagaid
Gaoidhil.



(Ní críoch).



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services