Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Tar Lear
Title
Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Tar Lear Is mín, macánta, an t-ainmhídhe an beithir le féachaint air. Is minic do chonnarc ceann áirighthe acu ag taisteal na sráide ar adhastar ag Franncach. Coileán do b'eadh é nuair do chonnarc ar dtúis é, acht do bhí sé ag borradh gach lá mar do thug an Franncach cothughadh maith dhó agus do mhúin sé an iomad cleas dó leis. Thug sé go lann-suilt é aon oidhche amháin agus do chuir geall as go leagfadh sé an fear ba threise bhí ann. Bhí brothaire teann, téagarta ar láthair agus do phreab seisean ar an loichtín gan mhoill. Ba mhaith an sás cor coise thabhairt an brothaire, agus níor bh'olc é an beithir leis, acht fá dheireadh do chlis an fear air agus do bualadh an beithir ar phleasg a dhroma. Chaill an Franncach an geall agus is é a bhí go cangcarach na thaobh acht dubhairt sé go raibh a bheithir ró-óg go fóil. Fá cheann bliadhna do chas an beithir an t-slíghe agus a choimeádaidhe le n-a chois. Bhí an duais céadna le bronnadh ins an lann-suilt. "Leagas i n-uraidh é agus leagfadh i mbliadhna é," ar an brothaire misneamhail. Bhuaileadar puicín cnáibe ar shoc an bheithir, chuireadar lámhanna righne leathair ar a lapaibh mar bhí ingne géara air. Rugadar barróg ar a chéile, an beithir agus
an fear. Ní deárnadh ardan de'n íslean, níor bhrúcht taosgán fíor-uisge fuar as adhmad an loichtín fá na gcosaibh le racht saothair an imreasgabháil; ní raibh an cleas comórtais chómh míorbhuileach sain ar aon chor, acht mar sin féin bhí sé dian-deacair, dó-fhulaingeach. Fuair an beithir an buadh i ndeireadh na dála. Briseadh easnacha ins an mbrothaire mbocht, agus muna mbéadh gur cuireadh stiallacha le h-eachlasg ar an mbeithir bhí cnámha an bhrothaire briste na mbrúsgar. "An bholgach air," ar an brothaire idir cnead agus osna, "tá sé ró- láidir dam anois, tá feoil-theach shíos i gcúil na sráide agam. Thug an comeádaidhe isteach chugam um thráthnóna an bheithir bréan sain agus shaoileas go bhféad- fainn é mhealladh agus muintearas do dhéanamh leis. An gcreidfeá mé? Thugas cadham nó meigín meala dhó acht fan fada air ní sasóchadh an saoghal é, sciob sé fá'm shúil an grisgín feola do b'fhearr do bhí ar an bhfuinneoig uaim. Luighe na bhfód air." An bhfuil ceangal leis an sgéal seo? Ní fhuil pioc. Cad do bhéarfadh na h-inneósfamuis sgéal beag anois agus arís i n-ionad bheith ag trácht i gcomhnuidhe ar ghluais- eacht an domhain mhóir." Beidh an léightheoir géar- chúiseach, glain-inntineach ag ceapadh gurab iad an Rúise, an Fhrainnc, an tSíne agus Sasana atá am' cheann agam. Bíodh leis. Cad é sin damsa ná duit-se go bhfuil Bainsiúra ag an Rúise agus gur iarr sí ar Riaghaltas na Síne an tseachtmhain seo, cead chum bóthair iarrainn do dhéanamh isteach go Picin, príomh-chathair na tíre sin. Do dhiúltaigh an tSíne an athchuinge sin, nidh nach iongnadh mar do bhéadh Port Arthur i ngearracht aisdir lae dho Phicin agus do bheadh sé i gcumas na Rúsach na mílte fear do ghluaisiúghadh ar an mbóthar iarrainn úd isteach chum na príomh-chatharach sain, mar oirfeas di. Bhíomar go léir ag damhas agus ag luighraigh le luthghair an tseachtmhain do ghabh thart i dtaobh an chonnartha síothchána a bhí idir Shasana agus an Rúise agus féach anois cionnus atá an sgéal. Má tá na Sínigh neamh-ullamh agus neamh-cóirighthe chum troda taid siad glic. "Do chreideamar", deirid siad, "gur cara dhúinn an Rúise go dtí so, acht má eitíghmíd a n-athchuinge an cor so béidhid siad anuas orainn gan mhoill. Dá réir sin cuirimíd sinn féin ar do choimirce a Sheághain Bhuidhe. Do thaithneochadh sé leis na Síníghibh go dian mhaith dá mbéadh an dá chumhacht so, Rúise agus Sasana ar ceasaibh ceann agus cluasaibh a chéile. Béidh an Fhrainnc ag gríosadh na Rúise gan amhras. Is mór é grádh na gCúmhachta móra dá chéile mar dh'eadh. Tá Dáil Síth le bheith acu an tseachtmhain seo i mBruach Sáile, agus gidh nár chualathas ós ard an chómhairle do fuair gach fear-labhartha ó n-a Riaghaltas féin is dearthach gurab í an chómhairle fuair gach fear acu "mar do bhéidhid siad duit bí dhóibh acht ná bí choidhche gan an chruimh id shróin." I lár an ghleóigh seo i dtaoibh dí-armáilte, cloisimíd gur iarr Riaghaltas Fhionnlochlainn cead na bhFeisirí chum breis agus sé milliúin déag cróner do chaitheamh i mbliadhna ar loingeas agus armáil níos mó 'ná chaitheadar aon bhliadhain roimis seo. Tá Fionnlochlann roinnte 'na dhá chodaibh ceann acu, Noruac agus an ceann eile Suidi. Ní réidhtighid siad le n-a chéile go ró-mhaith, mar tá an ceannas ag an Suidi ar an gceann eile. Is é Usgar is ainm ghnáthach de ríghthibh na bFhionnloch- lannach. Seo mar d'éirigh an t-ainm sin 'na measg ar dtúis. Bhí taoiseach ag Bonapart Mór, dar bh'ainm Bernadette agus cuireadh 'na Theachtaire Tíre an fear so go Fionnlochlainn. Bhí sean rí an uair sin ar Fhionn- lochlainn agus do thaithnigh Bernadette chomh mór sain leis go ndeárnaidh a oighre dhe agus do bhronn sé an ríoghacht air. Rugadh leanbh mic do Bernadette agus do sheasaimh Bonapart Mór leis. Thug an t-athair baistidh Usgar mar ainm ar an leanbh. Sgríobh Albanach dar bh'ainm Machmuraigh (MacPherson) leabhar go ngairmthear "Oisín" air. Bhí ceist mhór ar an leabhar mar shaoil gach duine gur cumadh an mac leabair seo as sgríbhin- nibh Gaedhealacha, acht níor cumadh. Bhí Bonapart Mór ag leigheadh an leabhair nuair do rugadh leanbh Berna- dette agus ba mhór le Bonapart an gaisgidheach cosgarthach, iol-bhuadhach, Usgar na Féinne. Sin é an fáth go bhfuil Usgar mar ainm imeasg na bhFionnlochlannach. Do bhronnamar an t-ainm sin ar na daoinibh úd agus tá ainmneacha deasa againn féin. Féach tá Albert agus George agus Algy againn. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services