Tar Lear
Is mín, macánta, an t-ainmhídhe an beithir le féachaint
air. Is minic do chonnarc ceann áirighthe acu ag
taisteal na sráide ar adhastar ag Franncach. Coileán
do b'eadh é nuair do chonnarc ar dtúis é, acht do bhí sé
ag borradh gach lá mar do thug an Franncach cothughadh
maith dhó agus do mhúin sé an iomad cleas dó leis.
Thug sé go lann-suilt é aon oidhche amháin agus do chuir
geall as go leagfadh sé an fear ba threise bhí ann.
Bhí brothaire teann, téagarta ar láthair agus do phreab
seisean ar an loichtín gan mhoill. Ba mhaith an sás cor
coise thabhairt an brothaire, agus níor bh'olc é an beithir
leis, acht fá dheireadh do chlis an fear air agus do bualadh
an beithir ar phleasg a dhroma. Chaill an Franncach an
geall agus is é a bhí go cangcarach na thaobh acht dubhairt
sé go raibh a bheithir ró-óg go fóil.
Fá cheann bliadhna do chas an beithir an t-slíghe agus a
choimeádaidhe le n-a chois. Bhí an duais céadna le
bronnadh ins an lann-suilt. "Leagas i n-uraidh é agus
leagfadh i mbliadhna é," ar an brothaire misneamhail.
Bhuaileadar puicín cnáibe ar shoc an bheithir, chuireadar
lámhanna righne leathair ar a lapaibh mar bhí ingne
géara air. Rugadar barróg ar a chéile, an beithir agus
an fear. Ní deárnadh ardan de'n íslean, níor bhrúcht
taosgán fíor-uisge fuar as adhmad an loichtín fá na
gcosaibh le racht saothair an imreasgabháil; ní raibh an
cleas comórtais chómh míorbhuileach sain ar aon chor,
acht mar sin féin bhí sé dian-deacair, dó-fhulaingeach.
Fuair an beithir an buadh i ndeireadh na dála. Briseadh
easnacha ins an mbrothaire mbocht, agus muna mbéadh gur
cuireadh stiallacha le h-eachlasg ar an mbeithir bhí
cnámha an bhrothaire briste na mbrúsgar. "An bholgach
air," ar an brothaire idir cnead agus osna, "tá sé ró-
láidir dam anois, tá feoil-theach shíos i gcúil na sráide
agam. Thug an comeádaidhe isteach chugam um
thráthnóna an bheithir bréan sain agus shaoileas go bhféad-
fainn é mhealladh agus muintearas do dhéanamh leis. An
gcreidfeá mé? Thugas cadham nó meigín meala dhó
acht fan fada air ní sasóchadh an saoghal é, sciob sé
fá'm shúil an grisgín feola do b'fhearr do bhí ar an
bhfuinneoig uaim. Luighe na bhfód air."
An bhfuil ceangal leis an sgéal seo? Ní fhuil pioc.
Cad do bhéarfadh na h-inneósfamuis sgéal beag anois
agus arís i n-ionad bheith ag trácht i gcomhnuidhe ar ghluais-
eacht an domhain mhóir." Beidh an léightheoir géar-
chúiseach, glain-inntineach ag ceapadh gurab iad an
Rúise, an Fhrainnc, an tSíne agus Sasana atá am' cheann
agam. Bíodh leis. Cad é sin damsa ná duit-se go
bhfuil Bainsiúra ag an Rúise agus gur iarr sí ar Riaghaltas
na Síne an tseachtmhain seo, cead chum bóthair iarrainn
do dhéanamh isteach go Picin, príomh-chathair na tíre sin.
Do dhiúltaigh an tSíne an athchuinge sin, nidh nach
iongnadh mar do bhéadh Port Arthur i ngearracht aisdir
lae dho Phicin agus do bheadh sé i gcumas na Rúsach na
mílte fear do ghluaisiúghadh ar an mbóthar iarrainn úd
isteach chum na príomh-chatharach sain, mar oirfeas di.
Bhíomar go léir ag damhas agus ag luighraigh le luthghair an
tseachtmhain do ghabh thart i dtaobh an chonnartha síothchána
a bhí idir Shasana agus an Rúise agus féach anois cionnus atá
an sgéal.
Má tá na Sínigh neamh-ullamh agus neamh-cóirighthe chum
troda taid siad glic. "Do chreideamar", deirid siad,
"gur cara dhúinn an Rúise go dtí so, acht má eitíghmíd
a n-athchuinge an cor so béidhid siad anuas orainn gan
mhoill. Dá réir sin cuirimíd sinn féin ar do choimirce
a Sheághain Bhuidhe.
Do thaithneochadh sé leis na Síníghibh go dian mhaith dá
mbéadh an dá chumhacht so, Rúise agus Sasana ar ceasaibh
ceann agus cluasaibh a chéile. Béidh an Fhrainnc ag gríosadh
na Rúise gan amhras.
Is mór é grádh na gCúmhachta móra dá chéile mar
dh'eadh. Tá Dáil Síth le bheith acu an tseachtmhain seo i
mBruach Sáile, agus gidh nár chualathas ós ard an chómhairle
do fuair gach fear-labhartha ó n-a Riaghaltas féin is
dearthach gurab í an chómhairle fuair gach fear acu
"mar do bhéidhid siad duit bí dhóibh acht ná bí choidhche
gan an chruimh id shróin."
I lár an ghleóigh seo i dtaoibh dí-armáilte, cloisimíd
gur iarr Riaghaltas Fhionnlochlainn cead na bhFeisirí
chum breis agus sé milliúin déag cróner do chaitheamh i
mbliadhna ar loingeas agus armáil níos mó 'ná chaitheadar
aon bhliadhain roimis seo.
Tá Fionnlochlann roinnte 'na dhá chodaibh ceann acu,
Noruac agus an ceann eile Suidi. Ní réidhtighid siad le
n-a chéile go ró-mhaith, mar tá an ceannas ag an Suidi
ar an gceann eile.
Is é Usgar is ainm ghnáthach de ríghthibh na bFhionnloch-
lannach. Seo mar d'éirigh an t-ainm sin 'na measg ar
dtúis. Bhí taoiseach ag Bonapart Mór, dar bh'ainm
Bernadette agus cuireadh 'na Theachtaire Tíre an fear so
go Fionnlochlainn. Bhí sean rí an uair sin ar Fhionn-
lochlainn agus do thaithnigh Bernadette chomh mór sain leis
go ndeárnaidh a oighre dhe agus do bhronn sé an ríoghacht
air. Rugadh leanbh mic do Bernadette agus do sheasaimh
Bonapart Mór leis. Thug an t-athair baistidh Usgar
mar ainm ar an leanbh. Sgríobh Albanach dar bh'ainm
Machmuraigh (MacPherson) leabhar go ngairmthear
"Oisín" air. Bhí ceist mhór ar an leabhar mar shaoil
gach duine gur cumadh an mac leabair seo as sgríbhin-
nibh Gaedhealacha, acht níor cumadh. Bhí Bonapart Mór
ag leigheadh an leabhair nuair do rugadh leanbh Berna-
dette agus ba mhór le Bonapart an gaisgidheach cosgarthach,
iol-bhuadhach, Usgar na Féinne. Sin é an fáth go bhfuil
Usgar mar ainm imeasg na bhFionnlochlannach.
Do bhronnamar an t-ainm sin ar na daoinibh úd agus tá
ainmneacha deasa againn féin. Féach tá Albert agus
George agus Algy againn.
Conán Maol
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11