Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Tar Lear
Title
Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
<?xml version="1.0" encoding="UTF-8"?> <!DOCTYPE TEI [ <!ENTITY hellip "…"> ]> <TEI><teiHeader type="text"> <fileDesc> <titleStmt><title type="main">Tar Lear</title><author><name type="main">Conán Maol</name></author><respStmt> <resp>Electronic edition compiled by</resp> <name>Foclóir na Nua-Ghaeilge</name> </respStmt> </titleStmt><editionStmt> <edition> <note type="N">CS1899_05_27_161a</note> <note type="L">161</note> <note type="B">1899</note> <note type="C">Prós</note> <note><p>Description of how and why changes were made</p></note> </edition> </editionStmt><publicationStmt> <publisher>Foclóir na Nua-Ghaeilge</publisher> <pubPlace>19 Dawson Street, Dublin 2</pubPlace> <pubPlace>http://www.ria.ie/research/focloir-na-Nua-Ghaeilge.aspx</pubPlace><date>2016</date><idno>CS1899_05_27_161a</idno><distributor>Royal Irish Academy</distributor> <availability> <p>Creative Commons Attribution Non-Commercial Share Alike (cc by-nc-sa)</p> </availability> </publicationStmt> <sourceDesc><biblStruct><analytic><author>Conán Maol</author><title>Tar Lear</title></analytic><monogr> <title level="j">An Claidheamh Soluis</title><imprint><publisher>An Claidheamh Soluis</publisher><date>1899</date></imprint> </monogr> </biblStruct></sourceDesc></fileDesc> </teiHeader> <text><body><div><p> <lb n="1"/><span>Tar Lear</span></p> <lb n="2"/> <lb n="3"/><p><span>Is mín, macánta, an t-ainmhídhe an beithir le féachaint</span> <lb n="4"/><span>air. Is minic do chonnarc ceann áirighthe acu ag</span> <lb n="5"/><span>taisteal na sráide ar adhastar ag Franncach. Coileán</span> <lb n="6"/><span>do b'eadh é nuair do chonnarc ar dtúis é, acht do bhí sé</span> <lb n="7"/><span>ag borradh gach lá mar do thug an Franncach cothughadh</span> <lb n="8"/><span>maith dhó agus do mhúin sé an iomad cleas dó leis.</span></p> <lb n="9"/> <lb n="10"/><p><span>Thug sé go lann-suilt é aon oidhche amháin agus do chuir</span> <lb n="11"/><span>geall as go leagfadh sé an fear ba threise bhí ann.</span> <lb n="12"/><span>Bhí brothaire teann, téagarta ar láthair agus do phreab</span> <lb n="13"/><span>seisean ar an loichtín gan mhoill. Ba mhaith an sás cor</span> <lb n="14"/><span>coise thabhairt an brothaire, agus níor bh'olc é an beithir</span> <lb n="15"/><span>leis, acht fá dheireadh do chlis an fear air agus do bualadh</span> <lb n="16"/><span>an beithir ar phleasg a dhroma. Chaill an Franncach an</span> <lb n="17"/><span>geall agus is é a bhí go cangcarach na thaobh acht dubhairt</span> <lb n="18"/><span>sé go raibh a bheithir ró-óg go fóil.</span></p> <lb n="19"/> <lb n="20"/><p><span>Fá cheann bliadhna do chas an beithir an t-slíghe agus a</span> <lb n="21"/><span>choimeádaidhe le n-a chois. Bhí an duais céadna le</span> <lb n="22"/><span>bronnadh ins an lann-suilt. "Leagas i n-uraidh é agus</span> <lb n="23"/><span>leagfadh i mbliadhna é," ar an brothaire misneamhail.</span> <lb n="24"/><span>Bhuaileadar puicín cnáibe ar shoc an bheithir, chuireadar</span> <lb n="25"/><span>lámhanna righne leathair ar a lapaibh mar bhí ingne</span> <lb n="26"/><span>géara air. Rugadar barróg ar a chéile, an beithir agus</span></p> </div> <pb n="162"/> <div><lb n="27"/><p><span>an fear. Ní deárnadh ardan de'n íslean, níor bhrúcht</span> <lb n="28"/><span>taosgán fíor-uisge fuar as adhmad an loichtín fá na</span> <lb n="29"/><span>gcosaibh le racht saothair an imreasgabháil; ní raibh an</span> <lb n="30"/><span>cleas comórtais chómh míorbhuileach sain ar aon chor,</span> <lb n="31"/><span>acht mar sin féin bhí sé dian-deacair, dó-fhulaingeach.</span> <lb n="32"/><span>Fuair an beithir an buadh i ndeireadh na dála. Briseadh</span> <lb n="33"/><span>easnacha ins an mbrothaire mbocht, agus muna mbéadh gur</span> <lb n="34"/><span>cuireadh stiallacha le h-eachlasg ar an mbeithir bhí</span> <lb n="35"/><span>cnámha an bhrothaire briste na mbrúsgar. "An bholgach</span> <lb n="36"/><span>air," ar an brothaire idir cnead agus osna, "tá sé ró-</span> <lb n="37"/><span>láidir dam anois, tá feoil-theach shíos i gcúil na sráide</span> <lb n="38"/><span>agam. Thug an comeádaidhe isteach chugam um</span> <lb n="39"/><span>thráthnóna an bheithir bréan sain agus shaoileas go bhféad-</span> <lb n="40"/><span>fainn é mhealladh agus muintearas do dhéanamh leis. An</span> <lb n="41"/><span>gcreidfeá mé? Thugas cadham nó meigín meala dhó</span> <lb n="42"/><span>acht fan fada air ní sasóchadh an saoghal é, sciob sé</span> <lb n="43"/><span>fá'm shúil an grisgín feola do b'fhearr do bhí ar an</span> <lb n="44"/><span>bhfuinneoig uaim. Luighe na bhfód air."</span></p> <lb n="45"/> <lb n="46"/><p><span>An bhfuil ceangal leis an sgéal seo? Ní fhuil pioc.</span> <lb n="47"/><span>Cad do bhéarfadh na h-inneósfamuis sgéal beag anois</span> <lb n="48"/><span>agus arís i n-ionad bheith ag trácht i gcomhnuidhe ar ghluais-</span> <lb n="49"/><span>eacht an domhain mhóir." Beidh an léightheoir géar-</span> <lb n="50"/><span>chúiseach, glain-inntineach ag ceapadh gurab iad an</span> <lb n="51"/><span>Rúise, an Fhrainnc, an tSíne agus Sasana atá am' cheann</span> <lb n="52"/><span>agam. Bíodh leis. Cad é sin damsa ná duit-se go</span> <lb n="53"/><span>bhfuil Bainsiúra ag an Rúise agus gur iarr sí ar Riaghaltas</span> <lb n="54"/><span>na Síne an tseachtmhain seo, cead chum bóthair iarrainn</span> <lb n="55"/><span>do dhéanamh isteach go Picin, príomh-chathair na tíre sin.</span> <lb n="56"/><span>Do dhiúltaigh an tSíne an athchuinge sin, nidh nach</span> <lb n="57"/><span>iongnadh mar do bhéadh Port Arthur i ngearracht aisdir</span> <lb n="58"/><span>lae dho Phicin agus do bheadh sé i gcumas na Rúsach na</span> <lb n="59"/><span>mílte fear do ghluaisiúghadh ar an mbóthar iarrainn úd</span> <lb n="60"/><span>isteach chum na príomh-chatharach sain, mar oirfeas di.</span> <lb n="61"/><span>Bhíomar go léir ag damhas agus ag luighraigh le luthghair an</span> <lb n="62"/><span>tseachtmhain do ghabh thart i dtaobh an chonnartha síothchána</span> <lb n="63"/><span>a bhí idir Shasana agus an Rúise agus féach anois cionnus atá</span> <lb n="64"/><span>an sgéal.</span></p> <lb n="65"/> <lb n="66"/><p><span>Má tá na Sínigh neamh-ullamh agus neamh-cóirighthe chum</span> <lb n="67"/><span>troda taid siad glic. "Do chreideamar", deirid siad,</span> <lb n="68"/><span>"gur cara dhúinn an Rúise go dtí so, acht má eitíghmíd</span> <lb n="69"/><span>a n-athchuinge an cor so béidhid siad anuas orainn gan</span> <lb n="70"/><span>mhoill. Dá réir sin cuirimíd sinn féin ar do choimirce</span> <lb n="71"/><span>a Sheághain Bhuidhe.</span></p> <lb n="72"/> <lb n="73"/><p><span>Do thaithneochadh sé leis na Síníghibh go dian mhaith dá</span> <lb n="74"/><span>mbéadh an dá chumhacht so, Rúise agus Sasana ar ceasaibh</span> <lb n="75"/><span>ceann agus cluasaibh a chéile. Béidh an Fhrainnc ag gríosadh</span> <lb n="76"/><span>na Rúise gan amhras.</span></p> <lb n="77"/> <lb n="78"/><p><span>Is mór é grádh na gCúmhachta móra dá chéile mar</span> <lb n="79"/><span>dh'eadh. Tá Dáil Síth le bheith acu an tseachtmhain seo i</span> <lb n="80"/><span>mBruach Sáile, agus gidh nár chualathas ós ard an chómhairle</span> <lb n="81"/><span>do fuair gach fear-labhartha ó n-a Riaghaltas féin is</span> <lb n="82"/><span>dearthach gurab í an chómhairle fuair gach fear acu</span> <lb n="83"/><span>"mar do bhéidhid siad duit bí dhóibh acht ná bí choidhche</span> <lb n="84"/><span>gan an chruimh id shróin."</span></p> <lb n="85"/> <lb n="86"/><p><span>I lár an ghleóigh seo i dtaoibh dí-armáilte, cloisimíd</span> <lb n="87"/><span>gur iarr Riaghaltas Fhionnlochlainn cead na bhFeisirí</span> <lb n="88"/><span>chum breis agus sé milliúin déag cróner do chaitheamh i</span> <lb n="89"/><span>mbliadhna ar loingeas agus armáil níos mó 'ná chaitheadar</span> <lb n="90"/><span>aon bhliadhain roimis seo.</span></p> <lb n="91"/> <lb n="92"/><p><span>Tá Fionnlochlann roinnte 'na dhá chodaibh ceann acu,</span> <lb n="93"/><span>Noruac agus an ceann eile Suidi. Ní réidhtighid siad le</span> <lb n="94"/><span>n-a chéile go ró-mhaith, mar tá an ceannas ag an Suidi</span> <lb n="95"/><span>ar an gceann eile.</span></p> <lb n="96"/> <lb n="97"/><p><span>Is é Usgar is ainm ghnáthach de ríghthibh na bFhionnloch-</span> <lb n="98"/><span>lannach. Seo mar d'éirigh an t-ainm sin 'na measg ar</span> <lb n="99"/><span>dtúis. Bhí taoiseach ag Bonapart Mór, dar bh'ainm</span> <lb n="100"/><span>Bernadette agus cuireadh 'na Theachtaire Tíre an fear so</span> <lb n="101"/><span>go Fionnlochlainn. Bhí sean rí an uair sin ar Fhionn-</span> <lb n="102"/><span>lochlainn agus do thaithnigh Bernadette chomh mór sain leis</span> <lb n="103"/><span>go ndeárnaidh a oighre dhe agus do bhronn sé an ríoghacht</span> <lb n="104"/><span>air. Rugadh leanbh mic do Bernadette agus do sheasaimh</span> <lb n="105"/><span>Bonapart Mór leis. Thug an t-athair baistidh Usgar</span> <lb n="106"/><span>mar ainm ar an leanbh. Sgríobh Albanach dar bh'ainm</span> <lb n="107"/><span>Machmuraigh (MacPherson) leabhar go ngairmthear</span> <lb n="108"/><span>"Oisín" air. Bhí ceist mhór ar an leabhar mar shaoil</span> <lb n="109"/><span>gach duine gur cumadh an mac leabair seo as sgríbhin-</span> <lb n="110"/><span>nibh Gaedhealacha, acht níor cumadh. Bhí Bonapart Mór</span> <lb n="111"/><span>ag leigheadh an leabhair nuair do rugadh leanbh Berna-</span> <lb n="112"/><span>dette agus ba mhór le Bonapart an gaisgidheach cosgarthach,</span> <lb n="113"/><span>iol-bhuadhach, Usgar na Féinne. Sin é an fáth go bhfuil</span> <lb n="114"/><span>Usgar mar ainm imeasg na bhFionnlochlannach.</span></p> <lb n="115"/> <lb n="116"/><p><span>Do bhronnamar an t-ainm sin ar na daoinibh úd agus tá</span> <lb n="117"/><span>ainmneacha deasa againn féin. Féach tá Albert agus</span> <lb n="118"/><span>George agus Algy againn.</span></p> <lb n="119"/> <lb n="120"/><p><span>Conán Maol</span></p></div></body></text></TEI>
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services