Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Teagasgthóireacht.
Title
Teagasgthóireacht.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
TEAGASGTHÓIREACHT. Tá an cheist so i dtaoibh na slighe is fearr chum múinteóireacht na Gaedhilge a chear- tughadh ag tógaint suas aigne na nGaedheal ar fuid na tíre, agus i n-áiteannaibh eile chomh mór sin, nár mhisde b'fhéidir cúpla focal a rádh mar gheall uirthi. Muna mbeadh go bhfuilim suas 's anuas le daoinibh 'sa cheann- tar so atá ag oibriughadh go dian agus go dícheallach, agus go bhfeicim brigh na cainte seo, ní thógfainn orm féin cead labhartha. 'San gcéad áit chím go bhfuil an iomarca muinighine agus dóchais againn i mbrigh na leabhair bheaga, go leanaimíd ró-fhada ag gabháil dóibh ag léigheadh ceacht nach mbain- eann i gceart le n-ár gcuid oibre lae- thamhail. Sé sin le rádh, taréis bheith ag déanamh taithighe ar an leabhraibh so ar feadh cúpla uaire chluig 'sa tseachtmhain ní féidir leis an duine óg aon chomhradh beag a chur le chéile. Caithfear na focla atá ar an ghnó a bheidh idir lámhaibh aige ar feadh na seacht- mhaine a mhúineadh dhó, agus gan stad ná staonadh ar an gcomhrádh sin go mbeidh sé de ghlan mheabhair ag gach duine 'sa sgoil.
Lá ar n-a bháireach nuair a bheidh sé ag déanamh a ghnótha rithfidh na focla agus an chaint gaedhealach 'n-a cheann, agus beidh sé ag déanamh taithighe uirthi agus b'fhéidir ag múineadh a mhuintire féin mar an gcéadna. Nuair a thiocfaidh tráthnóna na sgoile arís is é an chéad rud badh cheart do'n mhuin- teóir a dhéanamh, tosnughadh ar cheacht an lae dhéidheannaigh agus taithighe a dhéanamh arís uirthi. Féadfar leath-dhosaon focal nuadha eile do chuir ó am go ham ag méadughadh na ceachta, acht ná déintear dearmad ar an gcéad chuid. Sin é loiteann an sgéal ar fad, an fonn reatha bhíonn orainn ó cheacht go ceacht, agus sa deireadh ní bhionn bun na bárr againn. Caithfear filleadh ar ais arís agus arís; an chaint cheadna a mhíniughadh agus do sgríobhadh síos, agus a chur d'fhiachaibh ar gach duine dhíobh an Ghaedhilig a labhairt go hárd féachaint an mbeadh an fhuaim cheart aca, agus muna mbeadh, tosnughadh arís, agus leanamhaint di riamh 's choidhche chum go mbeadh gach duine aca neamhspleadhach go leór ar gach focal a bhaineas leis an gceacht sin. Déarfaidh duine éigint b'fhéidir gur obair mhall í seo. Baineadh aoinne triail as, agus is é mo bhara- mhail go mbeidh luach a shaothair aige i gceann na bliadhna, mar béidh níos mó iontaoibh ag na sgoláiríbh asta fhéin, nuair a bheidh eólas aca ar na foclaibh a bhaineas le nithibh atá le déanamh aca ar feadh na seachtmhaine. Tá ár ndóthain leabhair againn, acht tar éis dul tríotha go léir ní féidir linn an tríomhadh focal i gcomhrádh choit- cheann Ghaedhealach a chur le chéile. TADHG SAOR. Fuaramar roinnt chartaí puist ó Mhuinntir Brúin agus Ó Nualláin an lá fé dheireadh. Tá pictúirí daithte ortha, do Tharraing Bean Sheamuis Uí Chaoimh agus Meadhbh Laoide. Cártaí deasa is eadh iad, agus tá súil againn go mbeidh ceannach fada ortha.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services