Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Teagasgthóireacht.

Title
Teagasgthóireacht.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

TEAGASGTHÓIREACHT.



Tá an cheist so i dtaoibh na slighe is fearr
chum múinteóireacht na Gaedhilge a chear-
tughadh ag tógaint suas aigne na nGaedheal
ar fuid na tíre, agus i n-áiteannaibh eile chomh
mór sin, nár mhisde b'fhéidir cúpla focal a
rádh mar gheall uirthi. Muna mbeadh go
bhfuilim suas 's anuas le daoinibh 'sa cheann-
tar so atá ag oibriughadh go dian agus go
dícheallach, agus go bhfeicim brigh na cainte seo,
ní thógfainn orm féin cead labhartha.



'San gcéad áit chím go bhfuil an iomarca
muinighine agus dóchais againn i mbrigh na
leabhair bheaga, go leanaimíd ró-fhada ag
gabháil dóibh ag léigheadh ceacht nach mbain-
eann i gceart le n-ár gcuid oibre lae-
thamhail. Sé sin le rádh, taréis bheith ag
déanamh taithighe ar an leabhraibh so ar feadh
cúpla uaire chluig 'sa tseachtmhain ní féidir
leis an duine óg aon chomhradh beag a chur
le chéile. Caithfear na focla atá ar an ghnó
a bheidh idir lámhaibh aige ar feadh na seacht-
mhaine a mhúineadh dhó, agus gan stad ná
staonadh ar an gcomhrádh sin go mbeidh sé
de ghlan mheabhair ag gach duine 'sa sgoil.


L. 377


Lá ar n-a bháireach nuair a bheidh sé ag
déanamh a ghnótha rithfidh na focla agus an
chaint gaedhealach 'n-a cheann, agus beidh sé ag
déanamh taithighe uirthi agus b'fhéidir ag
múineadh a mhuintire féin mar an gcéadna.
Nuair a thiocfaidh tráthnóna na sgoile arís
is é an chéad rud badh cheart do'n mhuin-
teóir a dhéanamh, tosnughadh ar cheacht an lae
dhéidheannaigh agus taithighe a dhéanamh arís
uirthi. Féadfar leath-dhosaon focal nuadha
eile do chuir ó am go ham ag méadughadh
na ceachta, acht ná déintear dearmad ar
an gcéad chuid.



Sin é loiteann an sgéal ar fad, an
fonn reatha bhíonn orainn ó cheacht go ceacht,
agus sa deireadh ní bhionn bun na bárr againn.
Caithfear filleadh ar ais arís agus arís; an
chaint cheadna a mhíniughadh agus do sgríobhadh
síos, agus a chur d'fhiachaibh ar gach duine dhíobh
an Ghaedhilig a labhairt go hárd féachaint an
mbeadh an fhuaim cheart aca, agus muna mbeadh,
tosnughadh arís, agus leanamhaint di riamh 's
choidhche chum go mbeadh gach duine aca
neamhspleadhach go leór ar gach focal a
bhaineas leis an gceacht sin. Déarfaidh
duine éigint b'fhéidir gur obair mhall í seo.
Baineadh aoinne triail as, agus is é mo bhara-
mhail go mbeidh luach a shaothair aige i gceann
na bliadhna, mar béidh níos mó iontaoibh ag
na sgoláiríbh asta fhéin, nuair a bheidh eólas
aca ar na foclaibh a bhaineas le nithibh atá
le déanamh aca ar feadh na seachtmhaine.



Tá ár ndóthain leabhair againn, acht
tar éis dul tríotha go léir ní féidir
linn an tríomhadh focal i gcomhrádh choit-
cheann Ghaedhealach a chur le chéile.



TADHG SAOR.



Fuaramar roinnt chartaí puist ó Mhuinntir Brúin
agus Ó Nualláin an lá fé dheireadh. Tá pictúirí
daithte ortha, do Tharraing Bean Sheamuis Uí Chaoimh agus
Meadhbh Laoide. Cártaí deasa is eadh iad, agus tá súil
againn go mbeidh ceannach fada ortha.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services