Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Author(s)
Feargus Finn-Bhéil,
Pen Name
Feargus Finn-Bhéil
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Éire Cé gur b'iomdha riaghail nuadh agus athrughadh ar dhlighthibh a bhaineas le cíos agus le talamh a rinneadh le fiche bhliadhain, ní mór an chumaoin a chuir aon chuid acu ar na sglábhuighibh. Is mór an fáth luthgháire linn ná fuiltheas ghá ndearmad anois ag na Comháirlibh nuadha. Tá tuairim trí chéad agus trí fichid teach sglábhuighthe móir-thimcheall Bhaile Locha gCarmáin a tógadh sé chostas an cheanntair sin. Sgilling cíosa sa tseachtmhain is eadh bhíodh ar na sglábhuighibh atá na gcomhnuidhe ionnta, acht do leag an Chomhairle Ceanntair go naoi bpinginne sa tseachtmhain é an lá fé dheireadh. Na sglábhuighthe atá istigh sa bhaile mhór, 'na sheirbhísigh ag Comhairle an Bhaile dhíoladuís leath-choróin sa tseachtmhain as a dtighthibh comhnuighthe acht leagadh anuas go dhá sgilling é. Is greannmhar mar tá an sgeul ag Tomás ua Murchudha, bhearradóir a chomhnuigheann sa chondae cheudna. D'éirigh toirmeasg éigin idir é féin agus a chailín deas, agus chuir sé suas do labhairt léithe amháin. Má seadh fuair sise rásúr agus ghearr sí an sgórnach aige mí ó shoin. Tháinig sé as, ámhthach. Chuir an Choróin an dlighe ar an mbrídeach acht tá sí féin agus Tomás go mó muinteardha le chéile arís. Mar sin féin caithfidh sí cúntas a thabhairt uaithe féin i láthair an bhreithimh. Rugadh beirt mhac agus inghean do ghabha dubh i mbaile Longphuirt beagán laetheanta ó shoin. Tá an mháthair ag teacht chúiche féin go rí-mhaith ó shoin, agus tá an triúr leanbh go beo-ghlórach. Do mharbh an tóirneach fear do mhuintir Chonchubhair a bhí ag baint móna i n-aice Oileán Ciarraidhe an tseachtmhain seo dh'imthigh tharainn. Tháinig triúir giúistis go Baile an Tochair i gCondae na Sligeadh le suidhe ag na siosónaibh beaga, F. B. Henn, giúistís tuarasdail (R.M.), Pádraig Mac Aodh, Feisire, atá 'na uachdarán ar Chomhairle an Chondae, agus duine eile, de mhuintir Mhaoil Ruanaidh. Do shuigh Mac Aodh ar an gcathaoir agus dubhairt gur bh'é féin ba cheann ar an gcúirt toisg bheith 'na cheann ar an gComhairle Condae. Shaoil fear an tuarasdail gur dó féin ba chirte an chathaoir, agus d'aontuigh an tríomhadh fear leis, acht chuir Mac Aodh suas, cóir máireach, do'n chathaoir fhágáil, agus ó bhí beirt na choinne b'éigean an chúirt a chur i leath-taoibh an lá sain. Cuireadh príosún ar Mhac Aodh dhá uair i n-aimsir chogaidh na gcíos, agus is é Henn a chuir isteach an dá uair é. Cheithre mhíle dhéag ar fhichid do dhaoinibh a dh'imthigh as Éirinn go dúthaighibh deóranta i n-uraidh. Mná óga agus fir óga b'eadh iad go léir acht fíor-bheagán. Ní h-iongna an donas a bheith ar Éirinn. Feargus Finn-Bhéil
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services