Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Author(s)
Feargus Finn-Bhéil,
Pen Name
Feargus Finn-Bhéil
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Éire



Cé gur b'iomdha riaghail nuadh agus athrughadh ar
dhlighthibh a bhaineas le cíos agus le talamh a rinneadh le
fiche bhliadhain, ní mór an chumaoin a chuir aon chuid acu
ar na sglábhuighibh. Is mór an fáth luthgháire linn ná
fuiltheas ghá ndearmad anois ag na Comháirlibh nuadha.
Tá tuairim trí chéad agus trí fichid teach sglábhuighthe
móir-thimcheall Bhaile Locha gCarmáin a tógadh sé chostas
an cheanntair sin. Sgilling cíosa sa tseachtmhain is
eadh bhíodh ar na sglábhuighibh atá na gcomhnuidhe ionnta,
acht do leag an Chomhairle Ceanntair go naoi bpinginne
sa tseachtmhain é an lá fé dheireadh.



Na sglábhuighthe atá istigh sa bhaile mhór, 'na sheirbhísigh
ag Comhairle an Bhaile dhíoladuís leath-choróin sa
tseachtmhain as a dtighthibh comhnuighthe acht leagadh anuas
go dhá sgilling é.



Is greannmhar mar tá an sgeul ag Tomás ua
Murchudha, bhearradóir a chomhnuigheann sa chondae
cheudna. D'éirigh toirmeasg éigin idir é féin agus
a chailín deas, agus chuir sé suas do labhairt léithe
amháin. Má seadh fuair sise rásúr agus ghearr sí an
sgórnach aige mí ó shoin. Tháinig sé as, ámhthach. Chuir
an Choróin an dlighe ar an mbrídeach acht tá sí féin
agus Tomás go mó muinteardha le chéile arís. Mar
sin féin caithfidh sí cúntas a thabhairt uaithe féin i
láthair an bhreithimh.



Rugadh beirt mhac agus inghean do ghabha dubh i mbaile
Longphuirt beagán laetheanta ó shoin. Tá an mháthair
ag teacht chúiche féin go rí-mhaith ó shoin, agus tá an
triúr leanbh go beo-ghlórach.



Do mharbh an tóirneach fear do mhuintir Chonchubhair
a bhí ag baint móna i n-aice Oileán Ciarraidhe an
tseachtmhain seo dh'imthigh tharainn.



Tháinig triúir giúistis go Baile an Tochair i gCondae
na Sligeadh le suidhe ag na siosónaibh beaga, F. B. Henn,
giúistís tuarasdail (R.M.), Pádraig Mac Aodh,
Feisire, atá 'na uachdarán ar Chomhairle an Chondae,
agus duine eile, de mhuintir Mhaoil Ruanaidh. Do shuigh
Mac Aodh ar an gcathaoir agus dubhairt gur bh'é féin
ba cheann ar an gcúirt toisg bheith 'na cheann ar an
gComhairle Condae. Shaoil fear an tuarasdail gur
dó féin ba chirte an chathaoir, agus d'aontuigh an
tríomhadh fear leis, acht chuir Mac Aodh suas, cóir
máireach, do'n chathaoir fhágáil, agus ó bhí beirt na
choinne b'éigean an chúirt a chur i leath-taoibh an lá sain.



Cuireadh príosún ar Mhac Aodh dhá uair i n-aimsir
chogaidh na gcíos, agus is é Henn a chuir isteach an dá
uair é.



Cheithre mhíle dhéag ar fhichid do dhaoinibh a dh'imthigh as
Éirinn go dúthaighibh deóranta i n-uraidh. Mná óga
agus fir óga b'eadh iad go léir acht fíor-bheagán. Ní
h-iongna an donas a bheith ar Éirinn.



Feargus Finn-Bhéil

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services