Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ríghthe na hÉireann.
Title
Ríghthe na hÉireann.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
RÍGHTHE NA hÉIREANN. Do réir Ruidhrí Uí Fhlaithbheartaigh tháinig ochtar mac Míleadh go dtí Éire san mbliadhain míle agus sé déag roimh theacht ár Slánuightheóra. Bhí beirt aca-san Éibhear agus Éireamhóin, i gcomh-fhlaitheas le n-a chéile ar feadh tamaill, acht fá dheireadh, briseadh cath ar Éibhear ag Géisill. Ní fada do'n áit sin ó'n Tulach Mór i gCondae an Ríogh. Tar a éis sin do riaghluigh Éireamhóin 'n-a aonar go ceann ceithre mbliadhan déag nuair a fuair sé bás i Raith Beothaigh i gCo. Cill Chainnigh le hais Bhaile Ragget (Argat Ros). Ba é Tighearnmas an t-ochtmhadh rí ar Éirinn de chloinn Mhíleadh agus bhí sé 'n-a bheathaidh san deachmhadh aois roimh Chríost. Fuarthas ór i gCo. Chill Mhantain, agus
Tighearnmas 'n-a Árd-rígh. Cailleadh é le caor teintrighe ar Mháigh Sleachta i mBreifne. Deirtear gur bh'é Tighearnmas do chuir ar bun adhradh íomháighí i nÉirinn. Ba é Ollamh Fódhla an t-aonmhadh rí ar fhichid agus ba é an rí ba mhó cáil agus réim i nÉirinn sul má tháinig Pádraig. File agus feallsamhain nó eagnuidhe do b' eadh Ollamh Fódla. Is é an chiall atá le "Ollamh Fódla" ná Fear-léighinn, nó Saoi, nó Dochtúir na hÉireann. Ba mhór é a léigheann agus ba mhór í a thuigse. Do réir tuairisc an Athar Éamonn Ua hÓgáin, do ríaghluigh Eochaidh, darab leasainm Ollamh Fódla, ó'n mbliadhain 714 go dtí an bhliadhain 674 roimh an ama "rinneadh Feóil de'n Bhriathar." Is á an gníomh 's mó clú dá ndearnaidh Ollamh Fódla, ná Feis Teamhrach do chur ar bun. B' fhéidir nár mhisde dham trácht ar an bhfeis mhóir seo, Cruinnigheadh an fheis gach treas bhliadhain i dTeamhair. Adeir Dubhaltach Mac Fir- bisigh ins an leabhar darab tosach "Craobha coibhneasa agus géaga geneluigh, agus rl.:" "Ollamh Fódla rí Erenn dar hainmnighiod ar aidhble a eólasa, Ollamh, uair Eochaidh a chéadainm; asé do rinne Fes Teamhrach ar tus. Mór-dháil fear nÉrenn sin do nidis Riogha Érenn o shin gacha treas bliadhna do choimheud reachta agus riaghla, agas do ghlanadh Seanchuis Érenn, agas da sgríobhadh i Saltair na Teamhrach .i. i leabhar áirdrigh Érenn." Ar an adhbhar soin, do réir an Fhirbisigh ba í Feis Teamhrach mór-dháil agus coimhthionól fear na hÉireann do cruinnightí gach triomhadh bliadhain ag na hÁird-righthibh ó aimsir Ollamh Fódla amach. Agus is iad so na gníomhartha do bhí le déanamh ag an bhFeis; reachta agus riaghla agus dlighthe na hÉireann do choimhéad; seanchus agus stair na hÉireann do ghlanadh .í. do scrúdughadh agus do scríobhadh go beacht fior agus é do scríobhadh síos i leabhar na nÁird-Ríogh ar a dtugadh Saltair na Teamhrach. Do thóg Eochaidh .i. Ollamh Fódla pálás nó ríogh-ráth nuadh i dTeamhair dar bh'ainm "Múr Ollamhan" ó shoin i leith. Tá sean- dán le fagháil i Leabhar Laighean do chum Fercheirtne file clúitheach bhí 'n-a bheathaidh i n-aimsir ár dTighearna. Ní fhuil an dán so lem' ais anois acht 's é seo an bhrigh atá leis: - "Ollamh Fódla laoch lonnmhar do chuir ar bun Mur Ollamhan. Ba é an céad rí calma do bhunáitigh Feis Teamhrach. Bí sé n-a Áird-rígh ar Éirinn ar feadh dá fhichid de bhliadhantaibh binne ceólmhara; agus uaidh- sean thug na hUltaigh a n-ainm uaibhreach uasal." Deir an Céitinneach: "Is inmheasta go raibh seanchus Éireann barántamhail, do bhrigh go nglantaoi i bhFeis Teamhrach gach treas bliadhain é, do láthair uaisle, eaglaise, agus ollamhan Éireann." Deir an deagh-ughdar céadna: "Is uime ro gaireadh Ulaidh dhíobh .í. do na hUltaibh ó Ollamh Fódhla mac Fiachaidh fionn-scothaigh, amhail dhearbhas an rann so:" - Ollam Fódhla feochair-ghail, Uaidh ro hainmnigheadh Ulaidh, Iar bhfír-fheis Teamhrach na dtreabh, Is leis ar dtús ro hoirneadh. Léighimíd i nAnnálaibh Ríoghachta Éireann na bríathra so: - "Aois domhain, trí míle naoi gcéad fiche a dó. Iar mbeith dá fichead bliadhain i righe Éireann d'Ollamh Fódhla, atbail ina mhúr budhéan (.í. fuair sé bás i n-a mhúr nó i n-a thigh féin) i dTeamhraigh". Is é céadna rí leis a ndear- nadh Feis Teamhrach agus is leis do tógbhadh Múr nOllamhan i dTeamhraigh. Is é din (.í. fós) ró ordaigh taoiseach ar gach triochaid
céad agus brughaidhe ar gach baile agus a bhfoghnamh uile do Rígh Éireann. Eochaidh céadainm Ollamhan Fódhla agus is aire adubhradh Ollamh Fódhla fris (leis) ar a bheith 'na ollamh eargna (eagnuidhe) céadus (ar dtús) agus n-a Righ Fódhla (.i. Éireann) iaromh (iar sin)." Ní dóca go raibh mórán feiseanna mar fheis Teamhrach le fagháil ar an am soin. Nach mór an chiall do bhí ag Ollamh Fódhla agus a leithéid de mhór-dháil do chur ar bun. Thagadh fir na hÉireann ó gach áird go dtí an fheis mhór so agus bhíodh an fheis ar siubhal ar feadh seacthmhaine 'trí laetheanta roimh lá Samhna agus trí laetheanta 'n-a dhiaidh. Ní bhíod aon ghaduidheacht dá dhéanamh ar feadh an scaithimh sin. Ní ghointí aon duine. An té ba chionntach le n-a lethéid sin agus an té thugadh masla ar dhuine ar bith le linn na feise agus an té bhíodh ag maoidheamh as féin go bagarthach, thugtaoi námhaid nimhneach air agus do marbhthaoi é. Tá dán Eochaidh Uí Chiaráin againn mar fhinné leis an méid sin. Do mhair ar file sin san ndeicheadh aois. Do chuir Ruadhán naomh a mhallacht ar Theamhraigh san séamhadh aois agus ní chruin- nigheadh Feis Teamhrach arís ó shoin i leith. Narab fhada go mbeidh ar bhfeis féin againn arís i dTeamhair na Ríogh nó i mBaile Átha Cliath agus béidh soin amhlaidh chomh luath agus bheidh sé tuillthe againn le congnamh Dé. MAOLMHUIRE. Cheithre cinn de shean-amhránaibh atá ins an leabhairín seo. Sean-amhráin deasa is eadh iad. Tá pictiúir deas i dtarraictheóireacht Ghaedhealach i dtosach an leabhair. Dheineadh eagaireóireacht chúramach ar an leabhairín seo, dálta gach éin-nídh thagann ó láimh Cúnó Meidheir.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services