Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ríghthe na hÉireann.
Title
Ríghthe na hÉireann.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
<?xml version="1.0" encoding="UTF-8"?> <TEI><teiHeader type="text"> <fileDesc> <titleStmt> <title type="main">Ríghthe na hÉireann.</title><author><persName>Féach ainm cleite</persName></author><author><addName type="alias">Maolmhuire</addName></author><respStmt> <resp>Electronic edition compiled by</resp> <name>Foclóir na Nua-Ghaeilge</name> </respStmt> </titleStmt> <editionStmt> <edition> <note type="N">IG13-10786</note> <note type="L">339</note> <note type="B">1903</note> <note type="C"/> <note><p>Description of how and why changes were made</p></note> </edition> </editionStmt> <publicationStmt> <publisher>Connradh na Gaedhilge</publisher> <pubPlace>24 Upper O'Connell Street, Dublin</pubPlace><date>Meitheamh, 1903</date><idno>IG13-10786</idno><distributor>Royal Irish Academy</distributor> <availability> <p>Creative Commons Attribution Non-Commercial Share Alike (cc by-nc-sa)</p> </availability> </publicationStmt> <seriesStmt> <title level="s">Irisleabhar na Gaedhilge</title><biblScope unit="vol">13</biblScope> </seriesStmt> <sourceDesc> <biblStruct> <analytic><author>Féach ainm cleite</author><title>Ríghthe na hÉireann.</title></analytic> <monogr> <title level="j">Ríghthe na hÉireann.</title><imprint><publisher>Connradh na Gaedhilge</publisher><date>Meitheamh, 1903</date></imprint> </monogr> </biblStruct> </sourceDesc> </fileDesc> <profileDesc> <langUsage><language ident="ga">Irish</language></langUsage> </profileDesc> </teiHeader> <text><body><div><p><span>RÍGHTHE NA hÉIREANN.</span></p> <lb n="1"/> <lb n="2"/><p><span>Do réir Ruidhrí Uí Fhlaithbheartaigh tháinig</span> <lb n="3"/><span>ochtar mac Míleadh go dtí Éire san</span> <lb n="4"/><span>mbliadhain míle agus sé déag roimh theacht ár</span> <lb n="5"/><span>Slánuightheóra. Bhí beirt aca-san Éibhear</span> <lb n="6"/><span>agus Éireamhóin, i gcomh-fhlaitheas le n-a chéile</span> <lb n="7"/><span>ar feadh tamaill, acht fá dheireadh, briseadh</span> <lb n="8"/><span>cath ar Éibhear ag Géisill. Ní fada do'n</span> <lb n="9"/><span>áit sin ó'n Tulach Mór i gCondae an Ríogh.</span></p> <lb n="10"/> <lb n="11"/><p><span>Tar a éis sin do riaghluigh Éireamhóin 'n-a</span> <lb n="12"/><span>aonar go ceann ceithre mbliadhan déag</span> <lb n="13"/><span>nuair a fuair sé bás i Raith Beothaigh i gCo.</span> <lb n="14"/><span>Cill Chainnigh le hais Bhaile Ragget (Argat</span> <lb n="15"/><span>Ros). Ba é Tighearnmas an t-ochtmhadh rí</span> <lb n="16"/><span>ar Éirinn de chloinn Mhíleadh agus bhí sé 'n-a</span> <lb n="17"/><span>bheathaidh san deachmhadh aois roimh Chríost.</span> <lb n="18"/><span>Fuarthas ór i gCo. Chill Mhantain, agus</span></p> </div> <pb n="339"/> <div><lb n="19"/><p><span>Tighearnmas 'n-a Árd-rígh. Cailleadh é le</span> <lb n="20"/><span>caor teintrighe ar Mháigh Sleachta i</span> <lb n="21"/><span>mBreifne. Deirtear gur bh'é Tighearnmas</span> <lb n="22"/><span>do chuir ar bun adhradh íomháighí i nÉirinn.</span> <lb n="23"/><span>Ba é Ollamh Fódhla an t-aonmhadh rí ar</span> <lb n="24"/><span>fhichid agus ba é an rí ba mhó cáil agus réim i</span> <lb n="25"/><span>nÉirinn sul má tháinig Pádraig. File agus</span> <lb n="26"/><span>feallsamhain nó eagnuidhe do b' eadh</span> <lb n="27"/><span>Ollamh Fódla. Is é an chiall atá le</span> <lb n="28"/><span>"Ollamh Fódla" ná Fear-léighinn, nó Saoi,</span> <lb n="29"/><span>nó Dochtúir na hÉireann. Ba mhór é a</span> <lb n="30"/><span>léigheann agus ba mhór í a thuigse. Do réir</span> <lb n="31"/><span>tuairisc an Athar Éamonn Ua hÓgáin, do</span> <lb n="32"/><span>ríaghluigh Eochaidh, darab leasainm Ollamh</span> <lb n="33"/><span>Fódla, ó'n mbliadhain 714 go dtí an </span> <lb n="34"/><span>bhliadhain 674 roimh an ama "rinneadh</span> <lb n="35"/><span>Feóil de'n Bhriathar." Is á an gníomh 's mó</span> <lb n="36"/><span>clú dá ndearnaidh Ollamh Fódla, ná Feis</span> <lb n="37"/><span>Teamhrach do chur ar bun. B' fhéidir nár </span> <lb n="38"/><span>mhisde dham trácht ar an bhfeis mhóir seo,</span> <lb n="39"/><span>Cruinnigheadh an fheis gach treas bhliadhain</span> <lb n="40"/><span>i dTeamhair. Adeir Dubhaltach Mac Fir-</span> <lb n="41"/><span>bisigh ins an leabhar darab tosach "Craobha</span> <lb n="42"/><span>coibhneasa agus géaga geneluigh, agus rl.:"</span> <lb n="43"/><span>"Ollamh Fódla rí Erenn dar hainmnighiod</span> <lb n="44"/><span>ar aidhble a eólasa, Ollamh, uair Eochaidh a</span> <lb n="45"/><span>chéadainm; asé do rinne Fes Teamhrach ar</span> <lb n="46"/><span>tus. Mór-dháil fear nÉrenn sin do nidis</span> <lb n="47"/><span>Riogha Érenn o shin gacha treas bliadhna do</span> <lb n="48"/><span>choimheud reachta agus riaghla, agas do</span> <lb n="49"/><span>ghlanadh Seanchuis Érenn, agas da sgríobhadh</span> <lb n="50"/><span>i Saltair na Teamhrach .i. i leabhar áirdrigh</span> <lb n="51"/><span>Érenn."</span></p> <lb n="52"/> <lb n="53"/><p><span>Ar an adhbhar soin, do réir an Fhirbisigh </span> <lb n="54"/><span>ba í Feis Teamhrach mór-dháil agus coimhthionól</span> <lb n="55"/><span>fear na hÉireann do cruinnightí gach</span> <lb n="56"/><span>triomhadh bliadhain ag na hÁird-righthibh ó</span> <lb n="57"/><span>aimsir Ollamh Fódla amach. Agus is iad</span> <lb n="58"/><span>so na gníomhartha do bhí le déanamh ag an</span> <lb n="59"/><span>bhFeis; reachta agus riaghla agus dlighthe na</span> <lb n="60"/><span>hÉireann do choimhéad; seanchus agus stair na</span> <lb n="61"/><span>hÉireann do ghlanadh .í. do scrúdughadh agus</span> <lb n="62"/><span>do scríobhadh go beacht fior agus é do</span> <lb n="63"/><span>scríobhadh síos i leabhar na nÁird-Ríogh ar a</span> <lb n="64"/><span>dtugadh Saltair na Teamhrach.</span></p> <lb n="65"/> <lb n="66"/><p><span>Do thóg Eochaidh .i. Ollamh Fódla pálás</span> <lb n="67"/><span>nó ríogh-ráth nuadh i dTeamhair dar bh'ainm</span> <lb n="68"/><span>"Múr Ollamhan" ó shoin i leith. Tá sean-</span> <lb n="69"/><span>dán le fagháil i Leabhar Laighean do chum</span> <lb n="70"/><span>Fercheirtne file clúitheach bhí 'n-a bheathaidh i</span> <lb n="71"/><span>n-aimsir ár dTighearna. Ní fhuil an dán so</span> <lb n="72"/><span>lem' ais anois acht 's é seo an bhrigh atá</span> <lb n="73"/><span>leis: -</span></p> <lb n="74"/> <lb n="75"/><p><span>"Ollamh Fódla laoch lonnmhar do chuir ar</span> <lb n="76"/><span>bun Mur Ollamhan. Ba é an céad rí</span> <lb n="77"/><span>calma do bhunáitigh Feis Teamhrach. Bí sé</span> <lb n="78"/><span>n-a Áird-rígh ar Éirinn ar feadh dá fhichid</span> <lb n="79"/><span>de bhliadhantaibh binne ceólmhara; agus uaidh-</span> <lb n="80"/><span>sean thug na hUltaigh a n-ainm uaibhreach</span> <lb n="81"/><span>uasal."</span></p> <lb n="82"/> <lb n="83"/><p><span>Deir an Céitinneach: "Is inmheasta go</span> <lb n="84"/><span>raibh seanchus Éireann barántamhail, do</span> <lb n="85"/><span>bhrigh go nglantaoi i bhFeis Teamhrach gach</span> <lb n="86"/><span>treas bliadhain é, do láthair uaisle,</span> <lb n="87"/><span>eaglaise, agus ollamhan Éireann." Deir</span> <lb n="88"/><span>an deagh-ughdar céadna: "Is uime ro</span> <lb n="89"/><span>gaireadh Ulaidh dhíobh .í. do na hUltaibh ó</span> <lb n="90"/><span>Ollamh Fódhla mac Fiachaidh fionn-scothaigh,</span> <lb n="91"/><span>amhail dhearbhas an rann so:" -</span></p> <lb n="92"/> <lb n="93"/><p><span>Ollam Fódhla feochair-ghail,</span> <lb n="94"/><span>Uaidh ro hainmnigheadh Ulaidh,</span> <lb n="95"/><span>Iar bhfír-fheis Teamhrach na dtreabh,</span> <lb n="96"/><span>Is leis ar dtús ro hoirneadh.</span></p> <lb n="97"/> <lb n="98"/><p><span>Léighimíd i nAnnálaibh Ríoghachta Éireann</span> <lb n="99"/><span>na bríathra so: - "Aois domhain, trí míle</span> <lb n="100"/><span>naoi gcéad fiche a dó. Iar mbeith dá</span> <lb n="101"/><span>fichead bliadhain i righe Éireann d'Ollamh</span> <lb n="102"/><span>Fódhla, atbail ina mhúr budhéan (.í. fuair</span> <lb n="103"/><span>sé bás i n-a mhúr nó i n-a thigh féin) i</span> <lb n="104"/><span>dTeamhraigh". Is é céadna rí leis a ndear-</span> <lb n="105"/><span>nadh Feis Teamhrach agus is leis do tógbhadh</span> <lb n="106"/><span>Múr nOllamhan i dTeamhraigh. Is é din (.í.</span> <lb n="107"/><span>fós) ró ordaigh taoiseach ar gach triochaid</span></p> </div> <pb n="340"/> <div><lb n="108"/><p><span>céad agus brughaidhe ar gach baile agus a bhfoghnamh</span> <lb n="109"/><span>uile do Rígh Éireann. Eochaidh céadainm</span> <lb n="110"/><span>Ollamhan Fódhla agus is aire adubhradh Ollamh</span> <lb n="111"/><span>Fódhla fris (leis) ar a bheith 'na ollamh</span> <lb n="112"/><span>eargna (eagnuidhe) céadus (ar dtús) agus n-a</span> <lb n="113"/><span>Righ Fódhla (.i. Éireann) iaromh (iar sin)."</span></p> <lb n="114"/> <lb n="115"/><p><span>Ní dóca go raibh mórán feiseanna mar</span> <lb n="116"/><span>fheis Teamhrach le fagháil ar an am soin.</span> <lb n="117"/><span>Nach mór an chiall do bhí ag Ollamh Fódhla agus </span> <lb n="118"/><span>a leithéid de mhór-dháil do chur ar bun.</span> <lb n="119"/><span>Thagadh fir na hÉireann ó gach áird go dtí</span> <lb n="120"/><span>an fheis mhór so agus bhíodh an fheis ar siubhal ar</span> <lb n="121"/><span>feadh seacthmhaine 'trí laetheanta roimh lá </span> <lb n="122"/><span>Samhna agus trí laetheanta 'n-a dhiaidh. Ní </span> <lb n="123"/><span>bhíod aon ghaduidheacht dá dhéanamh ar feadh</span> <lb n="124"/><span>an scaithimh sin. Ní ghointí aon duine. An</span> <lb n="125"/><span>té ba chionntach le n-a lethéid sin agus an té</span> <lb n="126"/><span>thugadh masla ar dhuine ar bith le linn na</span> <lb n="127"/><span>feise agus an té bhíodh ag maoidheamh as féin</span> <lb n="128"/><span>go bagarthach, thugtaoi námhaid nimhneach air</span> <lb n="129"/><span>agus do marbhthaoi é. Tá dán Eochaidh Uí</span> <lb n="130"/><span>Chiaráin againn mar fhinné leis an méid sin.</span> <lb n="131"/><span>Do mhair ar file sin san ndeicheadh aois.</span></p> <lb n="132"/> <lb n="133"/><p><span>Do chuir Ruadhán naomh a mhallacht ar</span> <lb n="134"/><span>Theamhraigh san séamhadh aois agus ní chruin-</span> <lb n="135"/><span>nigheadh Feis Teamhrach arís ó shoin i leith.</span> <lb n="136"/><span>Narab fhada go mbeidh ar bhfeis féin</span> <lb n="137"/><span>againn arís i dTeamhair na Ríogh nó i</span> <lb n="138"/><span>mBaile Átha Cliath agus béidh soin amhlaidh chomh</span> <lb n="139"/><span>luath agus bheidh sé tuillthe againn le congnamh</span> <lb n="140"/><span>Dé.</span></p> <lb n="141"/> <lb n="142"/><p><span>MAOLMHUIRE.</span></p> <lb n="143"/> <lb n="144"/><p> <lb n="145"/><span>Cheithre cinn de shean-amhránaibh atá ins an leabhairín</span> <lb n="146"/><span>seo. Sean-amhráin deasa is eadh iad. Tá pictiúir</span> <lb n="147"/><span>deas i dtarraictheóireacht Ghaedhealach i dtosach an</span> <lb n="148"/><span>leabhair. Dheineadh eagaireóireacht chúramach ar an</span> <lb n="149"/><span>leabhairín seo, dálta gach éin-nídh thagann ó láimh</span> <lb n="150"/><span>Cúnó Meidheir.</span></p> <lb n="151"/> <lb n="152"/><p/></div></body></text></TEI>
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services