Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ríghthe na hÉireann.

Title
Ríghthe na hÉireann.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

RÍGHTHE NA hÉIREANN.



Do réir Ruidhrí Uí Fhlaithbheartaigh tháinig
ochtar mac Míleadh go dtí Éire san
mbliadhain míle agus sé déag roimh theacht ár
Slánuightheóra. Bhí beirt aca-san Éibhear
agus Éireamhóin, i gcomh-fhlaitheas le n-a chéile
ar feadh tamaill, acht fá dheireadh, briseadh
cath ar Éibhear ag Géisill. Ní fada do'n
áit sin ó'n Tulach Mór i gCondae an Ríogh.



Tar a éis sin do riaghluigh Éireamhóin 'n-a
aonar go ceann ceithre mbliadhan déag
nuair a fuair sé bás i Raith Beothaigh i gCo.
Cill Chainnigh le hais Bhaile Ragget (Argat
Ros). Ba é Tighearnmas an t-ochtmhadh rí
ar Éirinn de chloinn Mhíleadh agus bhí sé 'n-a
bheathaidh san deachmhadh aois roimh Chríost.
Fuarthas ór i gCo. Chill Mhantain, agus


L. 339


Tighearnmas 'n-a Árd-rígh. Cailleadh é le
caor teintrighe ar Mháigh Sleachta i
mBreifne. Deirtear gur bh'é Tighearnmas
do chuir ar bun adhradh íomháighí i nÉirinn.
Ba é Ollamh Fódhla an t-aonmhadh rí ar
fhichid agus ba é an rí ba mhó cáil agus réim i
nÉirinn sul má tháinig Pádraig. File agus
feallsamhain nó eagnuidhe do b' eadh
Ollamh Fódla. Is é an chiall atá le
"Ollamh Fódla" ná Fear-léighinn, nó Saoi,
nó Dochtúir na hÉireann. Ba mhór é a
léigheann agus ba mhór í a thuigse. Do réir
tuairisc an Athar Éamonn Ua hÓgáin, do
ríaghluigh Eochaidh, darab leasainm Ollamh
Fódla, ó'n mbliadhain 714 go dtí an
bhliadhain 674 roimh an ama "rinneadh
Feóil de'n Bhriathar." Is á an gníomh 's mó
clú dá ndearnaidh Ollamh Fódla, ná Feis
Teamhrach do chur ar bun. B' fhéidir nár
mhisde dham trácht ar an bhfeis mhóir seo,
Cruinnigheadh an fheis gach treas bhliadhain
i dTeamhair. Adeir Dubhaltach Mac Fir-
bisigh ins an leabhar darab tosach "Craobha
coibhneasa agus géaga geneluigh, agus rl.:"
"Ollamh Fódla rí Erenn dar hainmnighiod
ar aidhble a eólasa, Ollamh, uair Eochaidh a
chéadainm; asé do rinne Fes Teamhrach ar
tus. Mór-dháil fear nÉrenn sin do nidis
Riogha Érenn o shin gacha treas bliadhna do
choimheud reachta agus riaghla, agas do
ghlanadh Seanchuis Érenn, agas da sgríobhadh
i Saltair na Teamhrach .i. i leabhar áirdrigh
Érenn."



Ar an adhbhar soin, do réir an Fhirbisigh
ba í Feis Teamhrach mór-dháil agus coimhthionól
fear na hÉireann do cruinnightí gach
triomhadh bliadhain ag na hÁird-righthibh ó
aimsir Ollamh Fódla amach. Agus is iad
so na gníomhartha do bhí le déanamh ag an
bhFeis; reachta agus riaghla agus dlighthe na
hÉireann do choimhéad; seanchus agus stair na
hÉireann do ghlanadh .í. do scrúdughadh agus
do scríobhadh go beacht fior agus é do
scríobhadh síos i leabhar na nÁird-Ríogh ar a
dtugadh Saltair na Teamhrach.



Do thóg Eochaidh .i. Ollamh Fódla pálás
nó ríogh-ráth nuadh i dTeamhair dar bh'ainm
"Múr Ollamhan" ó shoin i leith. Tá sean-
dán le fagháil i Leabhar Laighean do chum
Fercheirtne file clúitheach bhí 'n-a bheathaidh i
n-aimsir ár dTighearna. Ní fhuil an dán so
lem' ais anois acht 's é seo an bhrigh atá
leis: -



"Ollamh Fódla laoch lonnmhar do chuir ar
bun Mur Ollamhan. Ba é an céad rí
calma do bhunáitigh Feis Teamhrach. Bí sé
n-a Áird-rígh ar Éirinn ar feadh dá fhichid
de bhliadhantaibh binne ceólmhara; agus uaidh-
sean thug na hUltaigh a n-ainm uaibhreach
uasal."



Deir an Céitinneach: "Is inmheasta go
raibh seanchus Éireann barántamhail, do
bhrigh go nglantaoi i bhFeis Teamhrach gach
treas bliadhain é, do láthair uaisle,
eaglaise, agus ollamhan Éireann." Deir
an deagh-ughdar céadna: "Is uime ro
gaireadh Ulaidh dhíobh .í. do na hUltaibh ó
Ollamh Fódhla mac Fiachaidh fionn-scothaigh,
amhail dhearbhas an rann so:" -



Ollam Fódhla feochair-ghail,
Uaidh ro hainmnigheadh Ulaidh,
Iar bhfír-fheis Teamhrach na dtreabh,
Is leis ar dtús ro hoirneadh.



Léighimíd i nAnnálaibh Ríoghachta Éireann
na bríathra so: - "Aois domhain, trí míle
naoi gcéad fiche a dó. Iar mbeith dá
fichead bliadhain i righe Éireann d'Ollamh
Fódhla, atbail ina mhúr budhéan (.í. fuair
sé bás i n-a mhúr nó i n-a thigh féin) i
dTeamhraigh". Is é céadna rí leis a ndear-
nadh Feis Teamhrach agus is leis do tógbhadh
Múr nOllamhan i dTeamhraigh. Is é din (.í.
fós) ró ordaigh taoiseach ar gach triochaid


L. 340


céad agus brughaidhe ar gach baile agus a bhfoghnamh
uile do Rígh Éireann. Eochaidh céadainm
Ollamhan Fódhla agus is aire adubhradh Ollamh
Fódhla fris (leis) ar a bheith 'na ollamh
eargna (eagnuidhe) céadus (ar dtús) agus n-a
Righ Fódhla (.i. Éireann) iaromh (iar sin)."



Ní dóca go raibh mórán feiseanna mar
fheis Teamhrach le fagháil ar an am soin.
Nach mór an chiall do bhí ag Ollamh Fódhla agus
a leithéid de mhór-dháil do chur ar bun.
Thagadh fir na hÉireann ó gach áird go dtí
an fheis mhór so agus bhíodh an fheis ar siubhal ar
feadh seacthmhaine 'trí laetheanta roimh lá
Samhna agus trí laetheanta 'n-a dhiaidh. Ní
bhíod aon ghaduidheacht dá dhéanamh ar feadh
an scaithimh sin. Ní ghointí aon duine. An
té ba chionntach le n-a lethéid sin agus an té
thugadh masla ar dhuine ar bith le linn na
feise agus an té bhíodh ag maoidheamh as féin
go bagarthach, thugtaoi námhaid nimhneach air
agus do marbhthaoi é. Tá dán Eochaidh Uí
Chiaráin againn mar fhinné leis an méid sin.
Do mhair ar file sin san ndeicheadh aois.



Do chuir Ruadhán naomh a mhallacht ar
Theamhraigh san séamhadh aois agus ní chruin-
nigheadh Feis Teamhrach arís ó shoin i leith.
Narab fhada go mbeidh ar bhfeis féin
againn arís i dTeamhair na Ríogh nó i
mBaile Átha Cliath agus béidh soin amhlaidh chomh
luath agus bheidh sé tuillthe againn le congnamh
Dé.



MAOLMHUIRE.




Cheithre cinn de shean-amhránaibh atá ins an leabhairín
seo. Sean-amhráin deasa is eadh iad. Tá pictiúir
deas i dtarraictheóireacht Ghaedhealach i dtosach an
leabhair. Dheineadh eagaireóireacht chúramach ar an
leabhairín seo, dálta gach éin-nídh thagann ó láimh
Cúnó Meidheir.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services