Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Diabhal Dearg agus a Fhocal Faire.
Title
An Diabhal Dearg agus a Fhocal Faire.
Author(s)
Ó Muimhneacháin, Diarmuid,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN DIABHAL DEARG AGUS A FHOCAL FAIRE; SCÉAL FÍOR. Tá cuimhne mhaith agá lán dem' léigh- theóiríbh ar na haimsearaibh trioblóideacha do bhí i gCiarruidhe timcheall fiche éigin bliadhain ó shoin, nuair a bhí troid bháis is bheathadh idir fhórsaí an Riaghaltais (nó an mhí-Rialtais, b'éidir, is fearr a thabhairt air) agus camthaí "Chaptaen na Gealaighe" - mar a thugtar ar na bioránaigh úd do chuir crithniughadh i gcroídhe gach duine a bhain le Tighearnachas Talmhan ó'n mbum-báile suas. Is minic dá mbeitheá ag siubhal an bhóthair an uair úd d'éis tuitim na hoídhche, do bhuailfeadh dream píléirí umat, agus b'éidir ná beidís sin acht ar éigin as do radharc nuair bhuailfeadh dream de "bhuach- aillí na gealaighe" umat, agus gan fios ar domhan ag éan-taobh díobh go raibh an taobh eile chomh gairid sin dóibh. Do bhíodh na píléirí ar lorg lucht na gealaighe, mar 'dh eadh, acht is í mo thuairim láidir gurab iad- san do bhíodh ar lorg na bpíléirí. Deirtí ámhthach, nár bh'annamh aid muinntir an éadaigh dhuibh ar "lorg" an fhollachais ba chomhgaraighe le fagháil dóibh, nuair a thagadh an "Captaen" agus a bhuidhean i n-a slighe go hobann, agus go leogtaí dhóibh a mbóthar a chur díobh gan chosc gan chuimheascar. Acht bíodh soin mar a bhí. Ní hé sin fáth mo scéil. Do bhí éin-cheanntar amháin de'n Chonntae ba mheasa go mór 'ná an chuid eile. Ba bheag ná go raibh teipthe éin-cheathramhadh a bhaint de 'sna daoine ann. Do bhí bodach neamh-thrócaireach de thigh- earna talmhan ins an áit, agus do b'é fé ndearr aon droch-obair ná aon droch-ghníomh a bhí 'gha dhéanamh ar fuaid na háite; mar fhaid ná bíodh sé ag bailiughadh a chuid trom- chíosa, do bhíodh sé ag caitheamh a thionón- tuidhthe bochta amach ar thaobh an bhóthair, as a mbothánaibh beaga, agus ag cur grabéirí i n-a n-inead, i gcás díbh a dhaoíne, nár bh'éin-ionghnadh má dheineadh fo-bheart ann- súd do b'fhearr fhágaint gan déanamh. Acht mar adubhart ó chiainibh, ní hé sin brigh mo scéil acht chomh beag. Ins an am go dtráchtaim thairis do cuireadh Oificeach píléirí ós cionn an ceanntair seo. Do toghadh é mar gheall ar a dhéine, agus ar a neamh-bháidheamhlacht leis na daoine, agus le súil go gcuirfeadh sé smacht ortha ann- súd. Do bhí muinighin mór ag an nduine uasal so as féin leis, agus do mhaoidh sé go fóirleathan ná beadh abhfad go mbeadh an dlighe curtha i bhfeidhin aige i measc na muinntire úd, agus é sin le láimh iarainn. Chífeam an ball cionus d'éirigh leis. Tar éis a theacht go dtí an ceanntar do scríobh sé an oiread órduighthe chun na bhfear a bhí fé is do líon gach a raibh de leabharaibh ins na beairicíbh acu. Dá gcuireadh an páirtídhe a bhí fé n-a chuman- dracht a chuid órduighthe ar fad i bhfeidhm ní bheadh acht cogadh cradhaireach (caor-dhearg) idir iad féinidh agus a gcomhursain an uile lá dá néireóghaidís dhá leabthacha: ach ní chuiridís. Gach órdughadh dhá dtagadh uaidh do bhíodh na focail úd do husáideadh i n-ocáid áirithe nách gábhadh dham ainmniughadh - "Dont hesitate to shoot" - thíos, thuas, is tall ann, agus líne trom dubh tarraingthe fé n-a mbun i gcás ná dearmhadfaidhe iad. Nuair a bhíodh sé ag cainnt, mionn mór a b'eadh gach re bhfocal a thagadh ó n-a bhéal. Gnáth-focal leis a b'eadh an "Diabhal Dearg." "Cad n-a thaobh i n-ainm an d-l dheirg nár dheineabhair
é seo nó gur dheineabhair é siúd" a déarfadh sé. Fé dheireadh do baisteadh an Diabhal Dearg air mar leas-ainm. Do bhí na fir cráidhte ciaptha aige, agus iad túirnighthe tnáidhte ó shiúbhlóid is ó fhaireachán na hoidhche. Dá mhéid é a ngráin-san air, ba dhá mhó é gráin na ndaoine air, mar do chonn- aiceadar ná raibh ann acht tíoránach do gheóbhadh de chosaibh ionnta dá bhfhéadfadh sé é. Do bhí dhá bheairic go mór mór fé n-a bhun, agus do bhí paor nimhe aige ar na fir a bhí ionta: beairic na Cathrach Báine agus beairic Charraig an Fhéich do b'ainm dóibh. Do bhí an dá bheairic seo ar dhá thaobh ghleanna abhfad ó'n áit i n-ar chomhnuidh sé, agus dá bhrigh sin ní raibh sé ábaltha ar iad d'fhiosrughadh chomh minic, ná teacht ortha i gan fhios fé mar a fhéadfadh dá mbeidís le n-a aice. Dá bhfanfadh na fir amuigh ó thuitim na hoidhche go gealadh an lae ní chredfeadh sé ná gur i n-a gcodhladh bhíodar, nó ag imirt chártaí i n-áit éigint. Fé dheireadh do chuimhnigh sé ar sheift a chuirfeadh fhiachaibh ortha a ngnó a dhéanamh, dar leis. D'órduigh sé dhóibh dhá thigh áirithe d'fhaire gach éan-oidhche. Tighthe do b'eadh iad so go raibh amhras aige go ndéanfadh buachaillí na gealaighe rud éigin leis na daoine bhí i n-a gcomhnuidhe ionnta mar grabaérí do b'eadh iad. Do chuir sé dhá fhocal faire chúcha a bheadh mar comhartha aca ist oidhche, agus chun é féin do ath-aithint nuair a thabharfadh sé cuaird ortha 'san oidhche chun tástáil do bhaint asta. Do fholáirimh sé ortha gan éinne beó a leogaint fé dhein na dtighthe seo gan a ainm innsint, nó an focal faire a bheith ar bhárr a ghuib aige. "Agus annsoin mara mbeadh, dónt hesitate to shoot him," ar sé "pé hé féin agus ná spárálaidh bucshot." "Buachaillí bána" chuir sé mar fhocal faire chun phíléirí na Cathrach Báine, agus do chuir sé focal faire eile chun muinntir Charraig an Fhéich. Do bhí soin go maith. I gceann tamaill bhig i n-a dhiaidh sin do tháinig oidhche spéirlinne agus duartain. Do bhí beirt Phíléirí ó'n gCathair Bháin ag faire an tighe a bhí i n-a chúram ortha. Nuair a bhíodar ag fágaint na beairice do lean an Sáirseant go dtí an dorus iad (fear glic aireach, a b'eadh an Sáirseant), agus dubhairt leó: - "anois a bhuachaillí, tugaidh aire mhaith do'n tigh sin anocht. Sid í díreach an saghas oidhche go dtiocfadh an Diabhal Dearg bhur bhféachaint ag brath ná beadh sibh i bfheidhilt bhur ngnótha, agus ná dearmhadaidh bhur bhfocal faire - buach- aillí bána." "Tá go maith, a Shársint," ar siad-san. Timcheall an dá uair dhéag, agus iad i n-a seasamh ag pinniúir an tighe d'airigheadar coiscéim ag teacht tríd an bpáirc fé dhéin an tighe, agus do chonnaiceadar duine ag éalughadh fan an chlaidhe fiche éigin ránn uatha. "Cia tá annsoin?" adubhradar. "Captaén na Gealaíghe" do freagradh go feargach. Do thug an bheirt preab agus d'fhéachadar ar a chéile. "Samhluighim gur airigheas an guth soin cheana," arsa duine aca, i gcogar. "Cia tá annsoin?" ar siad-san arís, "nó cad é ár bhfocal faire?" "Castaén na Gealaighe," do freagradh an an tara huair, le búir d'aireóghfaidhe míle ó bhaile; "agus," ar sé "cá bhfuil bhur gcluasa?" D'árduigheadar a ngunaí go dtí a nguailne agus do phléasc dhá urchar ó phinniúir an tighe, do bhain fothrom agus macalla as na gleannta mór-dtimcheall. Le n-a linn sin do ghaibh cioth "Bhucshot" thar cluasa fir an chlaidhe agus cioth eile ag cnagarnaigh de sna clochaibh ag á chosaibh. Ins an am chéadna do mhothuigh sé rudaí
éigin 'ghá phriocadh go tinn goirtightheach ins na luirgníbh. Do liúigh sé "míle murdal". D'iompuigh ar a shálaibh. Do thug sé a aghaidh ar bheairic na Cathrach báine, agus do rith. Acht má rith do ritheadh i n-a dhiaidh go tur te. Fear lúthmhar do b'eadh é agus do rith sé fé mar a rithfeadh fiadh ó ghadhraibh; acht níor bh'éin-tseilithidí a bhí i n-a dhiaidh acht chomh beag. Do bhíodh moill ortha ámhthach go mion is go minic, ag líonadh is ag caitheamh; mar ní baoghal gur "spár- áladar Bucshot" ar feadh an dá mhíle bhóthair as soin go dtí an bheairic ar an marc-chaithimh a bhí rompa. Nuair a dhein sé ar an mbeairic do scread sé an dorus d'oscailt. D'airigh an mhuinntir istigh an liúireach, agus do tháinig fear de phreib go dtí an dorus. Um an uain sin do bhí an fear amuigh ag léimridh i gcoinnibh ann dorais agus 'gá bhualadh le n-a chosaibh. "Cia atá annsoin?" ar san fear istigh. "Cá bhfuil t'fhocal faire?" "Focail faire i n-ainm an d-l" ar san fear amuigh. "Caidé an chosaint ar dhuine focal faire bheith aige idir scata méirleach mar sibh-se. Leog, i bpéin Dé, isteach mé, agus ó's chun mé mharbhughadh atánn sibh marbhuightear i dtaobh istigh de dhorus me." Do leogadh isteach é, agus cia bhí ann? An Diabhal Dearg. Do thuit sé i n-a phleist ar an urlár i bhfanntais ó scannradh agus ó thabhairt fola. An neómat céadna soin do tháinig an bheirt fhear isteach ar saothar agus deatach as a ngunnaí. "Caidé seo mar obhair?" ar san Sáirseant, "nó an bhfuil a' dul d'bhur meabhair gur thugabhair a leithéid sin d'úsáid d'bhur nOificeach?" "Acht," ag crothadh a chinn, "geóbhaidh sibh uain bhur ndóthain, geallaim dhíbh, chun an scéil do mhíniughadh. Is fearra dhúinn iarracht éigin a dhéanamh chun an anam a choimeád ins an duine seo, dá olcas é." Do chrothadar suas é agus do ghlanadar an fhuil de. Do chuir an Sáirseant cúpla lán-béil de bhraon bhríoghmhar te a bhí aige i mbuidéal siar i scórnaigh an fhir mhairbh. Ní bhaineann sé lem' scéal a rádh cá'r deineadh an braon úd, acht ní misde an méid seo a rádh; ní raibh an áit i nár dheineadh é céad míle ó'n gCathair bháin ar éan-chuma. Ba léir go raibh an braon go maith mar tar éis é shlogadh do'n fhear sínte do mhíog sé é féin suas agus ba ghearr gur oscail sé a shúile agus d'fhéach timcheall air. "A Sháirsint" ar sé, "gaibh agus coinnibh fé ghlas an bheirt sin atá tar éis mé mharbhughadh. Do chuadhas dá bhfiosrughadh anocht chun go bhfeicfinn an rabhabhair ag tabhairt aire d'bhur ngnó, annso, agus ag leanmhaint m'órduighthe-se; agus seo mar a dhein na ropairí seo liom. Acht beidh sé de shásamh agam-sa fós an uile mhac máthar agaibh d'fheicsint crochta, mar tánn sibh go léir comh-chionntach ins an ngníomh so." "Éist liom-sa go fóill, a dhuine uasail" arsa duine de sna lamhachthóirí; "nach é t'órdughadh féin dúinn éinne ná beadh an focal faire aige, nó ná 'neosadh a ainm, é lámhach?" "Nár thugas-sa an focal faire dhíbh?" ar san tOificeach. "Níor thugais; ní id' bhréagnughadh é. Dubhraís gur bh'é Captaén na Gealaíghe a bhí ann agus do bhíomair-na lán-deimhnitheach gur bh'é." "Agus nách é sin an focal ceart, a óinsigh?" ar san tOificeach. "Gabhaim párdún agat go fóill, a dhuine uasail" ar san Sáirseant. Do chuaidh sé anonn go dtí seilp a bhí ar thaobh an tseomra agus do thóg anuas páipéar. Do shín sé chun an Oificigh é ag rádh: "dá réir sin is é "Buachaillí Bána" an focal ceart: is é a chuiris chughainne; nach shid é do lámhscríbhinn féin?" Do thóg
an tOificeach an páipéar agus do léigh. "Chím," ar sé, ag cogaint a fhiacail, "go bhfuil an ceart agaibh. Do chuireas an focal faire a bí ceaptha agam d'fhearaibh Charraig an Fhéich chughaibh-sé, agus bhur bhfocal-sa chúcha-san. Ní raibh dul as agam, mar do bhíos chum dul dá bhfiosrughadh-san leis anocht agus mara lámhachfaidhe abhus mé do lámhachfaidhe thall mé. Caithfidh mé admhughadh gur dhéin na fir fé mar a bhí órduighthe agam dóibh, agus," ag drannadh gháire, "an Diabhal baoghal fur spáráladar "Bucshot". O nách mé an D-l Dearg agus a leithéid de bhotún a dhéanamh." Do chaith sé é féin i n-a chearthlín ar an urlár 'gá iomlascadh féin le neart feirge agus tinnis. Do beireadh go hospuidéal é ar maidin lá ar n-a bháireach. Ní raibh sé acht dh'éis imtheacht nuair a bhuail isteach chúcha an Sáirseant ó Charraig an Fhéich. "Cad 'n-a thaobh" ar sé, "nár tháinig beirt nó triúr agaibh go dtí an rinnce áluinn a bhí againn aréir i mbeairic Charraig an Fhéich. Do bhí fhios againn ná corróghadh an D-l Dearg a chos leithéid na hoidhche úd, agus do chruinnigheamair lán an tighe de bhuachaillí is de chailíní agus mara raibh ceól is aoibhneas go maidin againn ní lá fós é." "Do bhí dearmhad mór oraibh mhaise" ar san Sáirseant eile. "Do chorruigh an raéce úd a chos, agus dá chomhartha soin féin, i n-inead rinnce bheith againn aréir bá dhóbair dúinn coiste Chronnóra bheith againn, indiu." D'innis sé an scéal do ó thúis deireadh. "Mhaise mo ghradhain chroidhe sibh a bhuachaillí calma cruadha; is sibh a dhein an obair mhaith. Dá rithfeadh leis an rógaire feíll teacht chomh fada linne do bhí beirthe orainn aige agus do bhíomair scri- osta le n-ár saoghal," agus do rug sé ar an mbeirt lámhachthóirí. I dtaobh go raibh croiceann droma an D-l Deirg, agus a cholpaí, chomh polltha le criathar, ní raibh na poíll ró-dhoimhinn agus do mhair sé ar éigin; acht do haistrigheadh é ó thuaidh go ceanntar iargcúldha i nDún na nGall agus níor chuir sé a chos choidhche arís ár Charraig an Fhéich ná ra an gCathair Bháin. DIARMAID Ó MUIMHNEACHÁIN.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services