Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Diabhal Dearg agus a Fhocal Faire.

Title
An Diabhal Dearg agus a Fhocal Faire.
Author(s)
Ó Muimhneacháin, Diarmuid,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AN DIABHAL DEARG AGUS A FHOCAL
FAIRE; SCÉAL FÍOR.



Tá cuimhne mhaith agá lán dem' léigh-
theóiríbh ar na haimsearaibh trioblóideacha
do bhí i gCiarruidhe timcheall fiche éigin
bliadhain ó shoin, nuair a bhí troid bháis is
bheathadh idir fhórsaí an Riaghaltais (nó an
mhí-Rialtais, b'éidir, is fearr a thabhairt air)
agus camthaí "Chaptaen na Gealaighe" -
mar a thugtar ar na bioránaigh úd do chuir
crithniughadh i gcroídhe gach duine a bhain le
Tighearnachas Talmhan ó'n mbum-báile suas.



Is minic dá mbeitheá ag siubhal an bhóthair
an uair úd d'éis tuitim na hoídhche, do
bhuailfeadh dream píléirí umat, agus
b'éidir ná beidís sin acht ar éigin as do
radharc nuair bhuailfeadh dream de "bhuach-
aillí na gealaighe" umat, agus gan fios ar
domhan ag éan-taobh díobh go raibh an taobh
eile chomh gairid sin dóibh. Do bhíodh na
píléirí ar lorg lucht na gealaighe, mar 'dh
eadh, acht is í mo thuairim láidir gurab iad-
san do bhíodh ar lorg na bpíléirí. Deirtí
ámhthach, nár bh'annamh aid muinntir an
éadaigh dhuibh ar "lorg" an fhollachais ba
chomhgaraighe le fagháil dóibh, nuair a thagadh
an "Captaen" agus a bhuidhean i n-a slighe
go hobann, agus go leogtaí dhóibh a mbóthar
a chur díobh gan chosc gan chuimheascar.
Acht bíodh soin mar a bhí. Ní hé sin fáth mo
scéil.



Do bhí éin-cheanntar amháin de'n Chonntae
ba mheasa go mór 'ná an chuid eile. Ba
bheag ná go raibh teipthe éin-cheathramhadh a
bhaint de 'sna daoine ann.



Do bhí bodach neamh-thrócaireach de thigh-
earna talmhan ins an áit, agus do b'é fé
ndearr aon droch-obair ná aon droch-ghníomh
a bhí 'gha dhéanamh ar fuaid na háite; mar
fhaid ná bíodh sé ag bailiughadh a chuid trom-
chíosa, do bhíodh sé ag caitheamh a thionón-
tuidhthe bochta amach ar thaobh an bhóthair, as
a mbothánaibh beaga, agus ag cur grabéirí
i n-a n-inead, i gcás díbh a dhaoíne, nár
bh'éin-ionghnadh má dheineadh fo-bheart ann-
súd do b'fhearr fhágaint gan déanamh. Acht
mar adubhart ó chiainibh, ní hé sin brigh mo
scéil acht chomh beag. Ins an am go
dtráchtaim thairis do cuireadh Oificeach
píléirí ós cionn an ceanntair seo. Do
toghadh é mar gheall ar a dhéine, agus ar
a neamh-bháidheamhlacht leis na daoine, agus
le súil go gcuirfeadh sé smacht ortha ann-
súd. Do bhí muinighin mór ag an nduine
uasal so as féin leis, agus do mhaoidh sé go
fóirleathan ná beadh abhfad go mbeadh an
dlighe curtha i bhfeidhin aige i measc na
muinntire úd, agus é sin le láimh iarainn.
Chífeam an ball cionus d'éirigh leis.



Tar éis a theacht go dtí an ceanntar
do scríobh sé an oiread órduighthe chun na
bhfear a bhí fé is do líon gach a raibh de
leabharaibh ins na beairicíbh acu. Dá
gcuireadh an páirtídhe a bhí fé n-a chuman-
dracht a chuid órduighthe ar fad i bhfeidhm ní
bheadh acht cogadh cradhaireach (caor-dhearg)
idir iad féinidh agus a gcomhursain an uile
lá dá néireóghaidís dhá leabthacha: ach ní
chuiridís.



Gach órdughadh dhá dtagadh uaidh do bhíodh
na focail úd do husáideadh i n-ocáid áirithe
nách gábhadh dham ainmniughadh - "Dont
hesitate to shoot" - thíos, thuas, is tall
ann, agus líne trom dubh tarraingthe fé
n-a mbun i gcás ná dearmhadfaidhe iad.
Nuair a bhíodh sé ag cainnt, mionn mór a
b'eadh gach re bhfocal a thagadh ó n-a
bhéal. Gnáth-focal leis a b'eadh an
"Diabhal Dearg." "Cad n-a thaobh
i n-ainm an d-l dheirg nár dheineabhair


L. 333


é seo nó gur dheineabhair é siúd" a déarfadh
sé. Fé dheireadh do baisteadh an Diabhal
Dearg air mar leas-ainm. Do bhí na fir
cráidhte ciaptha aige, agus iad túirnighthe
tnáidhte ó shiúbhlóid is ó fhaireachán na
hoidhche. Dá mhéid é a ngráin-san air, ba dhá
mhó é gráin na ndaoine air, mar do chonn-
aiceadar ná raibh ann acht tíoránach do
gheóbhadh de chosaibh ionnta dá bhfhéadfadh sé é.



Do bhí dhá bheairic go mór mór fé n-a bhun,
agus do bhí paor nimhe aige ar na fir a bhí
ionta: beairic na Cathrach Báine agus
beairic Charraig an Fhéich do b'ainm dóibh.
Do bhí an dá bheairic seo ar dhá thaobh
ghleanna abhfad ó'n áit i n-ar chomhnuidh
sé, agus dá bhrigh sin ní raibh sé ábaltha ar
iad d'fhiosrughadh chomh minic, ná teacht ortha
i gan fhios fé mar a fhéadfadh dá mbeidís
le n-a aice. Dá bhfanfadh na fir amuigh ó
thuitim na hoidhche go gealadh an lae ní
chredfeadh sé ná gur i n-a gcodhladh bhíodar,
nó ag imirt chártaí i n-áit éigint. Fé
dheireadh do chuimhnigh sé ar sheift a chuirfeadh
fhiachaibh ortha a ngnó a dhéanamh, dar leis.
D'órduigh sé dhóibh dhá thigh áirithe d'fhaire
gach éan-oidhche. Tighthe do b'eadh iad so go
raibh amhras aige go ndéanfadh buachaillí na
gealaighe rud éigin leis na daoine bhí i n-a
gcomhnuidhe ionnta mar grabaérí do b'eadh
iad. Do chuir sé dhá fhocal faire chúcha a
bheadh mar comhartha aca ist oidhche, agus
chun é féin do ath-aithint nuair a thabharfadh
sé cuaird ortha 'san oidhche chun tástáil do
bhaint asta. Do fholáirimh sé ortha gan
éinne beó a leogaint fé dhein na dtighthe
seo gan a ainm innsint, nó an focal faire
a bheith ar bhárr a ghuib aige. "Agus annsoin
mara mbeadh, dónt hesitate to shoot
him," ar sé "pé hé féin agus ná spárálaidh
bucshot." "Buachaillí bána" chuir sé mar
fhocal faire chun phíléirí na Cathrach Báine,
agus do chuir sé focal faire eile chun
muinntir Charraig an Fhéich. Do bhí soin go
maith.



I gceann tamaill bhig i n-a dhiaidh sin do
tháinig oidhche spéirlinne agus duartain.
Do bhí beirt Phíléirí ó'n gCathair Bháin ag
faire an tighe a bhí i n-a chúram ortha.
Nuair a bhíodar ag fágaint na beairice do
lean an Sáirseant go dtí an dorus iad
(fear glic aireach, a b'eadh an Sáirseant),
agus dubhairt leó: - "anois a bhuachaillí,
tugaidh aire mhaith do'n tigh sin anocht.
Sid í díreach an saghas oidhche go dtiocfadh
an Diabhal Dearg bhur bhféachaint ag brath
ná beadh sibh i bfheidhilt bhur ngnótha, agus
ná dearmhadaidh bhur bhfocal faire - buach-
aillí bána." "Tá go maith, a Shársint,"
ar siad-san.



Timcheall an dá uair dhéag, agus iad i n-a
seasamh ag pinniúir an tighe d'airigheadar
coiscéim ag teacht tríd an bpáirc fé dhéin
an tighe, agus do chonnaiceadar duine ag
éalughadh fan an chlaidhe fiche éigin ránn
uatha. "Cia tá annsoin?" adubhradar.
"Captaén na Gealaíghe" do freagradh go
feargach. Do thug an bheirt preab agus
d'fhéachadar ar a chéile. "Samhluighim gur
airigheas an guth soin cheana," arsa duine
aca, i gcogar. "Cia tá annsoin?" ar
siad-san arís, "nó cad é ár bhfocal faire?"
"Castaén na Gealaighe," do freagradh an
an tara huair, le búir d'aireóghfaidhe míle
ó bhaile; "agus," ar sé "cá bhfuil bhur
gcluasa?" D'árduigheadar a ngunaí go
dtí a nguailne agus do phléasc dhá urchar ó
phinniúir an tighe, do bhain fothrom agus
macalla as na gleannta mór-dtimcheall.
Le n-a linn sin do ghaibh cioth "Bhucshot"
thar cluasa fir an chlaidhe agus cioth eile
ag cnagarnaigh de sna clochaibh ag á chosaibh.
Ins an am chéadna do mhothuigh sé rudaí


L. 334


éigin 'ghá phriocadh go tinn goirtightheach ins
na luirgníbh. Do liúigh sé "míle murdal".
D'iompuigh ar a shálaibh. Do thug sé a
aghaidh ar bheairic na Cathrach báine, agus do
rith. Acht má rith do ritheadh i n-a dhiaidh go
tur te. Fear lúthmhar do b'eadh é agus do
rith sé fé mar a rithfeadh fiadh ó ghadhraibh;
acht níor bh'éin-tseilithidí a bhí i n-a dhiaidh
acht chomh beag. Do bhíodh moill ortha
ámhthach go mion is go minic, ag líonadh
is ag caitheamh; mar ní baoghal gur "spár-
áladar Bucshot" ar feadh an dá mhíle
bhóthair as soin go dtí an bheairic ar an
marc-chaithimh a bhí rompa. Nuair a dhein sé
ar an mbeairic do scread sé an dorus
d'oscailt. D'airigh an mhuinntir istigh an
liúireach, agus do tháinig fear de phreib go
dtí an dorus. Um an uain sin do bhí an
fear amuigh ag léimridh i gcoinnibh ann dorais
agus 'gá bhualadh le n-a chosaibh. "Cia atá
annsoin?" ar san fear istigh. "Cá bhfuil
t'fhocal faire?" "Focail faire i n-ainm
an d-l" ar san fear amuigh. "Caidé
an chosaint ar dhuine focal faire bheith
aige idir scata méirleach mar sibh-se.
Leog, i bpéin Dé, isteach mé, agus ó's chun
mé mharbhughadh atánn sibh marbhuightear i
dtaobh istigh de dhorus me." Do leogadh
isteach é, agus cia bhí ann? An Diabhal
Dearg. Do thuit sé i n-a phleist ar an
urlár i bhfanntais ó scannradh agus ó
thabhairt fola. An neómat céadna soin do
tháinig an bheirt fhear isteach ar saothar agus
deatach as a ngunnaí. "Caidé seo mar
obhair?" ar san Sáirseant, "nó an bhfuil a'
dul d'bhur meabhair gur thugabhair a leithéid
sin d'úsáid d'bhur nOificeach?" "Acht,"
ag crothadh a chinn, "geóbhaidh sibh uain bhur
ndóthain, geallaim dhíbh, chun an scéil do
mhíniughadh. Is fearra dhúinn iarracht éigin
a dhéanamh chun an anam a choimeád ins an
duine seo, dá olcas é." Do chrothadar
suas é agus do ghlanadar an fhuil de.
Do chuir an Sáirseant cúpla lán-béil de
bhraon bhríoghmhar te a bhí aige i mbuidéal
siar i scórnaigh an fhir mhairbh. Ní bhaineann
sé lem' scéal a rádh cá'r deineadh an braon
úd, acht ní misde an méid seo a rádh; ní
raibh an áit i nár dheineadh é céad míle ó'n
gCathair bháin ar éan-chuma. Ba léir go
raibh an braon go maith mar tar éis é
shlogadh do'n fhear sínte do mhíog sé é féin
suas agus ba ghearr gur oscail sé a shúile
agus d'fhéach timcheall air.



"A Sháirsint" ar sé, "gaibh agus coinnibh
fé ghlas an bheirt sin atá tar éis mé
mharbhughadh. Do chuadhas dá bhfiosrughadh
anocht chun go bhfeicfinn an rabhabhair ag
tabhairt aire d'bhur ngnó, annso, agus ag
leanmhaint m'órduighthe-se; agus seo mar a
dhein na ropairí seo liom. Acht beidh sé de
shásamh agam-sa fós an uile mhac máthar
agaibh d'fheicsint crochta, mar tánn sibh go
léir comh-chionntach ins an ngníomh so."
"Éist liom-sa go fóill, a dhuine uasail"
arsa duine de sna lamhachthóirí; "nach é
t'órdughadh féin dúinn éinne ná beadh an
focal faire aige, nó ná 'neosadh a ainm, é
lámhach?" "Nár thugas-sa an focal faire
dhíbh?" ar san tOificeach. "Níor thugais;
ní id' bhréagnughadh é. Dubhraís gur bh'é
Captaén na Gealaíghe a bhí ann agus do
bhíomair-na lán-deimhnitheach gur bh'é." "Agus
nách é sin an focal ceart, a óinsigh?" ar san
tOificeach. "Gabhaim párdún agat go
fóill, a dhuine uasail" ar san Sáirseant.
Do chuaidh sé anonn go dtí seilp a bhí ar
thaobh an tseomra agus do thóg anuas
páipéar. Do shín sé chun an Oificigh é ag
rádh: "dá réir sin is é "Buachaillí Bána"
an focal ceart: is é a chuiris chughainne;
nach shid é do lámhscríbhinn féin?" Do thóg


L. 335


an tOificeach an páipéar agus do léigh.
"Chím," ar sé, ag cogaint a fhiacail, "go
bhfuil an ceart agaibh. Do chuireas an
focal faire a bí ceaptha agam d'fhearaibh
Charraig an Fhéich chughaibh-sé, agus bhur
bhfocal-sa chúcha-san. Ní raibh dul as agam,
mar do bhíos chum dul dá bhfiosrughadh-san
leis anocht agus mara lámhachfaidhe abhus mé
do lámhachfaidhe thall mé. Caithfidh mé
admhughadh gur dhéin na fir fé mar a bhí
órduighthe agam dóibh, agus," ag drannadh
gháire, "an Diabhal baoghal fur spáráladar
"Bucshot". O nách mé an D-l Dearg agus
a leithéid de bhotún a dhéanamh."



Do chaith sé é féin i n-a chearthlín ar an
urlár 'gá iomlascadh féin le neart feirge
agus tinnis. Do beireadh go hospuidéal é
ar maidin lá ar n-a bháireach.



Ní raibh sé acht dh'éis imtheacht nuair a
bhuail isteach chúcha an Sáirseant ó Charraig
an Fhéich.



"Cad 'n-a thaobh" ar sé, "nár tháinig
beirt nó triúr agaibh go dtí an rinnce
áluinn a bhí againn aréir i mbeairic Charraig
an Fhéich. Do bhí fhios againn ná corróghadh
an D-l Dearg a chos leithéid na hoidhche
úd, agus do chruinnigheamair lán an tighe
de bhuachaillí is de chailíní agus mara raibh
ceól is aoibhneas go maidin againn ní lá
fós é."



"Do bhí dearmhad mór oraibh mhaise" ar
san Sáirseant eile. "Do chorruigh an
raéce úd a chos, agus dá chomhartha soin
féin, i n-inead rinnce bheith againn aréir bá
dhóbair dúinn coiste Chronnóra bheith againn,
indiu." D'innis sé an scéal do ó thúis
deireadh. "Mhaise mo ghradhain chroidhe sibh
a bhuachaillí calma cruadha; is sibh a dhein
an obair mhaith. Dá rithfeadh leis an
rógaire feíll teacht chomh fada linne do bhí
beirthe orainn aige agus do bhíomair scri-
osta le n-ár saoghal," agus do rug sé ar
an mbeirt lámhachthóirí.



I dtaobh go raibh croiceann droma an
D-l Deirg, agus a cholpaí, chomh polltha le
criathar, ní raibh na poíll ró-dhoimhinn agus
do mhair sé ar éigin; acht do haistrigheadh é
ó thuaidh go ceanntar iargcúldha i nDún na
nGall agus níor chuir sé a chos choidhche arís
ár Charraig an Fhéich ná ra an gCathair Bháin.



DIARMAID Ó MUIMHNEACHÁIN.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services