Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Uilliam Mac Uilliam.
Title
Uilliam Mac Uilliam.
Author(s)
Ó Dálaigh, Pádraig,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
UILLIAM MAC UILLIAIM. Gan éan agómh beidh áthas ar gach uile Ghaedhilgeóir an peictiúir atá 'ghá chraobh- sgaoileadh againn an mhí seo d'fheiscint. Agus má bheidh ar an Éireannach teann- chroidheach soin an tAthair Séamus Ander- son, O.S.A., 'seadh is cóir an buidheachas do bheith, mar is aige do bhí sé. Bhíodar araon go han-mhuinnteardha nuair do bhí an tAthair Séamus i nDomhn' Garbháin tá ós ceann deich mbliadhna fichead ó shoin, agus mar sin d'fhan an peictiúir i n-a sheilbh aige. Ba chliste léigheanta an sgoláire é Uilliam Mac Uilliaim, agus ba dhoimhin daingean an t-eólas a bhí aige ar theangain agus ar stair agus ar bhéal-sheanchas na duthaighe seo. Bhí éan rud amháin, bé ar domhan de, 'sé sin an ogham-chraobh, agus ní dóigh liom go raibh duine i nÉirinn le n-a linn ba mho eólas air 'ná é. Nuair ná raibh éinne, nó an fíor-bheagán, ag cur mórán spéise ná suime 'sa' nGaedh- ilg, bhí Mac Uilliaim agus Seaghán Pléimeann
agus an tAthair Pádraig ó Maonaigh ag obair go dian duthrachtach ciúin i nduthaigh Déise. 'Siad an triúr soin do chuir Cumann an Chéitinnigh ar bun, agus 'sé Mac Uilliaim féin d'ollmhuigh an Teagasg Críosdaighe do chuir an Cumann úd i gclódh. Bhí obair mhór eile idir lámhaibh aige agus í ullamh réidh le cló- bhualadh nuair a claoidheadh leis an mbás é, agus, fóiríor! tá an "Eochair Sgiath" i nDomhn' Gharbháin fós díreach glan mar d'fhág sé í tá fiche bliadhain ó shoin. D'airigheas ó Sheaghán Ó Baoighil, atá anois i n-a phrímh-chléireach ag Comhairle Chonndae Phortláirge, go raibh aithne mhaith aige ar "An Draoi" (leas-ainm do ghlaodhtí go ceanamhail ar Mhac Uilliaim) ó'n mbliadhain 1867 go dtí aimsir a bháis. Deir sé gurab aoibhinn simplidhe an bheatha do chaith sé - beatha chiúin shocair réidh, mar is gnáthach do mhuinntir na tuaithe. Anois agus arís theidheadh sé féin agus an Pléimeannach agus Seaghán Ó Baoighil ar thuras go dtí áit éigin i mbeadh ogham- chraobh nó tobar beannuighthe nó sean-chloig- theach le feiscint ann. Agus ba bhreagh é do bheith ag éisteacht leis féin agus leis an bPléimeannach ag tabhairt amach ar Fhilidheacht agus ar Sheanchuidheacht na duthaighe thart-thimcheall, is iad ag gabháilt tré chnoc- aibh agus gleanntaibh na nDéise. Ní labhraidís acht Gaedhilg eadartha féin i gcomhnuidhe agus leis na daoine do chastaoi orra leis; acht ba bheag an tsuim do bhí 'gá cur 'sa' nGeadhilg an uair sin. Acht dá mbeidís an bheirt sin i n-ár measg indiú nach rí-mhaith do thaithneóchadh sé leó an oiread fuinnimh agus brigh is atá ar thaoibh na Gaedhilge agus chomh láidir tréan is atá barr agus toradh ag teacht as an obair. Rugadh agus tógadh Mac Uilliaim i nDomhn' Gharbháin i ndúthaigh Déise, agus fuair sé bás ann ar an gceathramha lá déag de mhí Iúl, 1875, i n-aois a chúig bliadhna déag is dachad. Go ndéinidh Dia trócaire ar a anam! Buidheachas uaim do Sheaghán Ó Baoighil agus do Phádraig Mac Cárrthaigh, an giúistís, 'sa' mBaile Dubh, do bhí go muinnteardha le Mac Uilliaim, do Mhicheál Ó Béarra agus do Liam Ó Míodhcháin i nDomhn' Gharbháin a thug roinnt eólais dom ar adhbhar an ailt seo. PÁDRAIG Ó DÁLAIGH.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services