Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Uilliam Mac Uilliam.

Title
Uilliam Mac Uilliam.
Author(s)
Ó Dálaigh, Pádraig,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

UILLIAM MAC UILLIAIM.



Gan éan agómh beidh áthas ar gach uile
Ghaedhilgeóir an peictiúir atá 'ghá chraobh-
sgaoileadh againn an mhí seo d'fheiscint.



Agus má bheidh ar an Éireannach teann-
chroidheach soin an tAthair Séamus Ander-
son, O.S.A., 'seadh is cóir an buidheachas do
bheith, mar is aige do bhí sé. Bhíodar araon
go han-mhuinnteardha nuair do bhí an
tAthair Séamus i nDomhn' Garbháin tá ós
ceann deich mbliadhna fichead ó shoin, agus
mar sin d'fhan an peictiúir i n-a sheilbh
aige.



Ba chliste léigheanta an sgoláire é
Uilliam Mac Uilliaim, agus ba dhoimhin
daingean an t-eólas a bhí aige ar theangain
agus ar stair agus ar bhéal-sheanchas na duthaighe
seo. Bhí éan rud amháin, bé ar domhan de,
'sé sin an ogham-chraobh, agus ní dóigh liom go
raibh duine i nÉirinn le n-a linn ba mho
eólas air 'ná é.



Nuair ná raibh éinne, nó an fíor-bheagán,
ag cur mórán spéise ná suime 'sa' nGaedh-
ilg, bhí Mac Uilliaim agus Seaghán Pléimeann


L. 312


agus an tAthair Pádraig ó Maonaigh ag obair
go dian duthrachtach ciúin i nduthaigh Déise.
'Siad an triúr soin do chuir Cumann an
Chéitinnigh ar bun, agus 'sé Mac Uilliaim féin
d'ollmhuigh an Teagasg Críosdaighe do chuir
an Cumann úd i gclódh. Bhí obair mhór eile
idir lámhaibh aige agus í ullamh réidh le cló-
bhualadh nuair a claoidheadh leis an mbás é, agus,
fóiríor! tá an "Eochair Sgiath" i nDomhn'
Gharbháin fós díreach glan mar d'fhág sé í
tá fiche bliadhain ó shoin.



D'airigheas ó Sheaghán Ó Baoighil, atá
anois i n-a phrímh-chléireach ag Comhairle
Chonndae Phortláirge, go raibh aithne mhaith
aige ar "An Draoi" (leas-ainm do
ghlaodhtí go ceanamhail ar Mhac Uilliaim)
ó'n mbliadhain 1867 go dtí aimsir a bháis.
Deir sé gurab aoibhinn simplidhe an bheatha
do chaith sé - beatha chiúin shocair réidh, mar
is gnáthach do mhuinntir na tuaithe.



Anois agus arís theidheadh sé féin agus an
Pléimeannach agus Seaghán Ó Baoighil ar
thuras go dtí áit éigin i mbeadh ogham-
chraobh nó tobar beannuighthe nó sean-chloig-
theach le feiscint ann. Agus ba bhreagh é
do bheith ag éisteacht leis féin agus leis
an bPléimeannach ag tabhairt amach ar
Fhilidheacht agus ar Sheanchuidheacht na duthaighe
thart-thimcheall, is iad ag gabháilt tré chnoc-
aibh agus gleanntaibh na nDéise. Ní labhraidís
acht Gaedhilg eadartha féin i gcomhnuidhe agus
leis na daoine do chastaoi orra leis;
acht ba bheag an tsuim do bhí 'gá cur 'sa'
nGeadhilg an uair sin.



Acht dá mbeidís an bheirt sin i n-ár
measg indiú nach rí-mhaith do thaithneóchadh
sé leó an oiread fuinnimh agus brigh is atá ar
thaoibh na Gaedhilge agus chomh láidir tréan is
atá barr agus toradh ag teacht as an obair.



Rugadh agus tógadh Mac Uilliaim i nDomhn'
Gharbháin i ndúthaigh Déise, agus fuair sé bás
ann ar an gceathramha lá déag de mhí Iúl,
1875, i n-aois a chúig bliadhna déag is
dachad. Go ndéinidh Dia trócaire ar a
anam!



Buidheachas uaim do Sheaghán Ó Baoighil agus
do Phádraig Mac Cárrthaigh, an giúistís,
'sa' mBaile Dubh, do bhí go muinnteardha le
Mac Uilliaim, do Mhicheál Ó Béarra agus do
Liam Ó Míodhcháin i nDomhn' Gharbháin a thug
roinnt eólais dom ar adhbhar an ailt seo.



PÁDRAIG Ó DÁLAIGH.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services