Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Connradh na Gaedhilge, Lúnnduin.
Title
Connradh na Gaedhilge, Lúnnduin.
Author(s)
Ó Riain, Liam,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CONNRADH NA GAEDHILGE, LÚNNDUIN. Is cosamhail leis an Oireachtas Connradh na Gaedhilge, Lúnnduin. Ar feadh seachtmhaine an Oireachtais chímíd an Muimhneach, an Connachtach, agus an tUltach bailighte le chéile san bpríomh-chathair, chímíd daoine ó'n mbaile mór, buachaillí ó bhailtí beaga agus cailiní ó'n dtuaith, acht airighmíd spiorad na hÉireann ortha go léir: ní'l éad ná troid, ní'l cúigeachas ná paróisteachas le fagháil ann. Tá an scéal céadna againn i Lunnduin gach seachtmhain i rith na bliadhna. I mBaile Átha Cliath le linn an Oireachtais samhluighmíd go bhfuilmid ar thurus aoibhinn agus nach féidir linn fuireach acht tamaillín fórior! San gconnradh i Lúnnduin deirim liom féin anois agus arís: "tá na rudaí seo ro-thaithneamach ar fad; ní féidir go mairfid buan." Go deimhin is minic bhím ag rádh liom féin: "Taím ag taidhbhreamh. Ní'l an Connradh ann ar chor ar bith. Músclóghad gan mhoill, agus ní bheidh os mo chómhair acht amháin na dúr-Shasannaigh. Béad díreach mar bhí Oisín tar éis teacht ar ais ó Thír na nOg dó." Acht moladh le Dia, níor "mhúscail" mé fós. Chím daoine an Chonnartha im' thimcheall go fóill. Tá dhá mhíle duine, nach mór, san gConnradh i Lúnnduin. Tá an Connradh so againn cosamhuil le dá chraobh déag i n-éin-ceann amháin. Tá a scoileanna ar siubhal ó Limehouse go Censington agus ó Chlapham go Hampstead. Tá na scoileanna go léir faoi aon árd-choste amháin. Táimid mar bhíodh na Gaedhil fad ó, gach treabh againn ag déanamh a ghnótha féin, acht gach treabh agus gach taoiseach fíor-umhal do'n Árd-Rí, mar adéarfá. Tá ár d"Teamhair" féin againn leis, Halla San Aindréis, agus bíonn "feis" againn san dTeamhair úd uair san tseachtmhain - oidhche Dia Luain. Chuirfeadh sí átas i gcroidhtibh na sean-suadh. San dTeamhair nuadh so ní mór dúinn oibruighadh go dian dithcheallach ar son na n-aos óg. Tosnuigheann daoine óga ar amhráin Gheadhealacha do chleachtughadh i dtosach na "feise". Is breagh an rud ceól - ceól na nGaedheal go mór-mhór - chum daoine do chur ag machtnamh go háthasach, agus agá cheapadh go bhfuil a lán glóire san tsaoghal, agus gníomhartha móra n-a gcóir féin. Nuair a chloiseann duine ceól Gaedhealach san dTeamhair seo againn i Lúnnduin érigheann a chroidhe, agus buailtear isteach'n-a aigne go bhfuil ríoghacht na nGaedheal óg, láidir go fóill, go bhfuil sí foir-leathain, agus nach baoghal di bás.
Árd-Choiste Chonnradh na Gaedhilge, Lúnndain. An Rang Uachtair: - S. Ó Síothcháín, M. Ua Dhubhda, An tAth. Ua Maoldhomhnaigh, S. Ó Catháin, Dochtúir Mac Énrí, S. Mac Giolla Pádraig, An T. Ua Cruadhlaoich, M. C. Seóighe. An Rang Láir: - S. Ua Brannagáin, D. Merceil (Cisdeóir), F. A. Ó Fathaigh (Uachdarán), E. Ní Dhrúdhaigh, Uilliam Ó Riain (Rúnaire), Dochtúir Mac Aithiris, M. Breathnach (Leas-Rúnaire), An Rang Íochtair: - Art Ua Briain, Art Ua Caoimh.
Tosnuigheann na ranga Gaedhealacha ar a hocht a chlog. Is aoibhinn an radharc na buidhne móra agus iad ag foghluim na Gaedhilge agus stair na hÉireann ar feadh uair go leith. Bíonn siad bailighthe le chéile os gach áit i Lúnnduinn beagnach. Bíonn an sagart léigheanta, an dochtúr ealadhanta, an cléireach cliste, an cailín sciamhach, an ceannuidhe
tíoghmhasach, an fear-oibre meidhreach, an tsean- bhean chainnteach, an páiste gléigeal i bhfochair a chéile ann. Is brónach an áit í Lúnnduin d'fhíor- Ghaedhealaibh; is olc an treó atá ar an gcuid is mó díobh innti do ló is d'oidhche. "Per me si va nella citta dolenté", adeir Lúnnduin leó, dar liom-sa. Acht i dtaoibh na coda dhíobh a thigeas go "Teamhair" déanaid dearmad ar Lúnnduin. Tá morán díobh 'gá n-ollmhughadh le haghaidh oibre i nÉirinn san am atá romhainn. Nuair críochnuightear ar na ceachtanna Gaedhealacha tosnuighmíd ar rinnce. 'Seadh, agus rud is mó ná rinnce coitcheann: rinnce na gcroidhe chomh maithle rinnce na gcos. Tá na sagairt chomh finneamhuil agus chomh croidhe- eamhail leis na daoinibh eile. D'fhoghluim morán díobh an Ghaedhilg, agus anois táid 'gá múnadh do na daoinibh óga 'na gceanntair féin annso agus annsúd i Lúnnduin. Tá beirt shagart san Árd-Choiste: an tAthair Ua Maol- dhamhnaigh agus an tAghair Ua Chruadhlaoigh. Is mór an obair atá déanta ag an Athair Ua Maoldhamhnaigh ar son na cúise, i Lúnnduin theas go háirithe. Tais- beánann sé gur féidir le sagart bheith árd-smaoin- teach, mtleachtach, croidheamhuil, agus dithcheallach san am chéadna. Is béodha, cáirdeamhuil an sagart é an tAthair Ua Cruadhlaoigh. Muimhneach óg is eadh é, chomh croidheamhuil le file ó'n dtuaith agus chomh dána le saighidúir Gaedhealach. Tá sagairt eile i nár measc leis: cara do Ghaedhealaibh dá ríribh gach duine dhíobh. Bítear agá rádh go minic, "Tá aois nuadh againn, tá atharrughadh mór ar an saoghal, acht ní cheapann na sagairt go bhfuil." Táim cinnte go bhfuil sagairt againn i Lúnnduin a thuigeas go fíos-mhaith an aois nuadh atá buailte linn. Bhí dia leighis ag na Ceiltighibh fad ó - Diancheacht dob' ainm dó. (Dubairt na manaigh ins na meadhon- aoisibh nár dhia bhí ann acht dochtúr mór). Tá dochtúirí againn san gConnradh i Lúnnduin, agus fágaim le huadhacht go bhfuilid chomh breagh le Diancheacht ar shlighthibh éigin - Dochtúr Mac Énrí, Dochtúr Mac Aitiris, agus Dochtúr Marcus Ó Ríoghain. Do réir D'Arbois de Jubainville tháinig atharrughadh ar gach dia dá raibh ag 'na sean-Ghaedhil. Bhí aon dia amháin do gach rud mor ar dtús: solus, leigheas agusrl., agus i rith na n-aoise rinneadh "triad" as. 'Seadh, agus b'fhéidir go dtáinig Diancheacht go Lúnnduin, agus gur rinneadh "triad" as mar an gcéadna. 'Sé sin, i n-ionad Diancheacht anois tá Dochtúr Mac Énrí Dochtúr Mac Aitiris, agus Dochtúr Marcus Ó Ríoghain againn. Níor bh'fhéidir le daoinibh "saoghalta" a bheith chomh láidir, fuinneamhail agus táid-san. Tá buachaillí san gConnradh againn, agus táim cinnte go mbéidh a lán cainnte 'n-a dtaoibh i nÉirinn lá éigin. Oibruigheann siad go hiongantach ar fuid na cathrach, agus n-a dhiaidh soin nuair a bhíonn siad bailighthe le chéile ag scoruidheacht nó cruinniughadh eile is deas an sult agus an chroidheamhlacht a bhíos le fagháil uatha. Samhluighim-se go minic nuair bhím ag féachaint ortha go bhfuil sean-Éire ghrádhmhar ar ais arís: Éire 'na raibh éadtromacht, filidheacht, agus féile. Táid smaointeach fós - acht badh dheacair cur síos ar a dtréithibh go léir. Tá a lán chúmhacht san gConnradh 'n-a bhfuil daoine mar Sheaghán Ó Catháin, Muiris Ua Dubhda, Pádraic Ó Conaire Tomás De Buíd, Uilliam Ua Domhnaill, Art Ua Briain, Micheál Breathnach, Muiris Seóighe, Art Ua Caoimh, Seóirse Mac Amhalaoigh, Seaghán Mac Giolla Pádraig, Seaghán Ó Síothcáin, agus buachaillí eile nach iad. Acht tá dealughadh mór eatortha. Tá cuid aca à la moderne, mar adéaradh an Franncach. Ins na hoidhcheanna soilseacha ar a dteacht a-bhaile dhóibh féin tar éis obair na Gaedhilge bheith déanta aca, smaoineann cuid aca ar thaidhbhsíbh i nÉirinn i bhfad uatha; smaoineann cuid eile aca ar an Zeit Geist: Zeit Geist, ámh, ag a bhfuil an Ghaedilg. Agus maidir leis na buachaillí litiordha, tá dealughadh mór eatortha-san freisin. I n-aimsir cheóil agus rinnce agus féile do rugadh cuid aca (mar Mhicheál Breathnach): i n-aimsir bróin agus gorta do rugadh cuid eile aca; scríobhann siad ar bheatha bochtán agus lucht siubhail I-nIarthar Éireann (glac mar shompla Pádraic Ó Conaire), agus is truaighmhéilach í a dtuairisc. Measadóirí cuid eile dhíobh, agus badh dhóigh leat go raibh saoithe an domhain, ó Chonfúichius go dtí Goethe, i measc a gcomhursan i laethibh a n-óige. Acht, mo mhíle brón, nach náireach an rud é nar scríobhas pioc go fóill ar chailínibh breagha, gleóidhte, spéireamhla an Chonnartha, ó Inghean ní Dhrúdhaigh go dtí - acht, fóríor, is fearr dham stad. Tá daoine san gConnradh i bhfad 's i bhfad níos cliste sna rudaíbh seo 'ná mise. File óg mar Micheál Breathnach, nó saoi áthasach, deas-bhéalach, ceólmhar mar ár nUachtrán F. A. Ó Fathaigh, gan trácht ar ár sean-charaid Fionán Mac-Coluim, do chur an Connradh ar bun - 'siad-san moltóirí na mban dá ríribh! B'fhéidir do dhuine a bheith ag trácht ag an gConnradh ar feadh seachtmhaine, gan cunntas iomlán a thabhairt air; A cheachtanna, a cheóil, a dhrámanna, a scoruidh- eachta, a sheanchuis, a sheilgí, a rinnce; agus ní hiad-san an Connradh go léir. Tá spiorad agus intinn ann nach féidir cur síos ortha. Táimíd mar bheadh náisiún beag Gaedhealach i dtír iasachta. Ní'l fearann ná sléibhte, ní'l sruth- anna ná bailte, ní'l coillte ná cathracha, ní'l raidhbhreas ná saighdiúirí againn - do réir chosamh- lachta. Ná creididh é sin, a cháirde! Is againn atá - an talamh fóghanta, na srutháin bhinn-ghlóracha, na coillte glasa áilne, bailte na ndaoine nádúrtha, tighthe na féile, scoileanna na bpáistí sonasacha, teampuill diadha cluthmhara, agus príomh-chathair aoibhinn 'n-a bhfuil bruth Bhanba, an bhainríoghan. Agus ní féidir le námhad dá bhfuil fé'n ngrein theacht d'ár ndíbirt as an tír shíor-áluinn seo! LIAM Ó RIAIN.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services