Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Connradh na Gaedhilge, Lúnnduin.

Title
Connradh na Gaedhilge, Lúnnduin.
Author(s)
Ó Riain, Liam,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CONNRADH NA GAEDHILGE, LÚNNDUIN.



Is cosamhail leis an Oireachtas Connradh na
Gaedhilge, Lúnnduin. Ar feadh seachtmhaine an
Oireachtais chímíd an Muimhneach, an Connachtach, agus an
tUltach bailighte le chéile san bpríomh-chathair, chímíd
daoine ó'n mbaile mór, buachaillí ó bhailtí beaga agus
cailiní ó'n dtuaith, acht airighmíd spiorad na
hÉireann ortha go léir: ní'l éad ná troid, ní'l
cúigeachas ná paróisteachas le fagháil ann. Tá an
scéal céadna againn i Lunnduin gach seachtmhain i
rith na bliadhna. I mBaile Átha Cliath le linn an
Oireachtais samhluighmíd go bhfuilmid ar thurus
aoibhinn agus nach féidir linn fuireach acht tamaillín
fórior! San gconnradh i Lúnnduin deirim liom
féin anois agus arís: "tá na rudaí seo ro-thaithneamach
ar fad; ní féidir go mairfid buan." Go deimhin is
minic bhím ag rádh liom féin: "Taím ag taidhbhreamh.
Ní'l an Connradh ann ar chor ar bith. Músclóghad
gan mhoill, agus ní bheidh os mo chómhair acht amháin na
dúr-Shasannaigh. Béad díreach mar bhí Oisín tar éis
teacht ar ais ó Thír na nOg dó." Acht moladh le Dia,
níor "mhúscail" mé fós. Chím daoine an Chonnartha
im' thimcheall go fóill.



Tá dhá mhíle duine, nach mór, san gConnradh i
Lúnnduin. Tá an Connradh so againn cosamhuil le
dá chraobh déag i n-éin-ceann amháin. Tá a
scoileanna ar siubhal ó Limehouse go Censington agus
ó Chlapham go Hampstead. Tá na scoileanna go
léir faoi aon árd-choste amháin. Táimid mar bhíodh
na Gaedhil fad ó, gach treabh againn ag déanamh a
ghnótha féin, acht gach treabh agus gach taoiseach fíor-umhal
do'n Árd-Rí, mar adéarfá. Tá ár d"Teamhair"
féin againn leis, Halla San Aindréis, agus bíonn
"feis" againn san dTeamhair úd uair san tseachtmhain
- oidhche Dia Luain. Chuirfeadh sí átas i gcroidhtibh
na sean-suadh. San dTeamhair nuadh so ní mór dúinn
oibruighadh go dian dithcheallach ar son na n-aos óg.
Tosnuigheann daoine óga ar amhráin Gheadhealacha do
chleachtughadh i dtosach na "feise". Is breagh an rud
ceól - ceól na nGaedheal go mór-mhór - chum daoine
do chur ag machtnamh go háthasach, agus agá cheapadh
go bhfuil a lán glóire san tsaoghal, agus gníomhartha
móra n-a gcóir féin. Nuair a chloiseann duine ceól
Gaedhealach san dTeamhair seo againn i Lúnnduin
érigheann a chroidhe, agus buailtear isteach'n-a aigne
go bhfuil ríoghacht na nGaedheal óg, láidir go fóill,
go bhfuil sí foir-leathain, agus nach baoghal di bás.


L. 298


Árd-Choiste Chonnradh na Gaedhilge, Lúnndain.



An Rang Uachtair: - S. Ó Síothcháín, M. Ua Dhubhda, An tAth. Ua Maoldhomhnaigh, S. Ó Catháin, Dochtúir Mac Énrí, S. Mac Giolla Pádraig, An T. Ua Cruadhlaoich,
M. C. Seóighe. An Rang Láir: - S. Ua Brannagáin, D. Merceil (Cisdeóir), F. A. Ó Fathaigh (Uachdarán), E. Ní Dhrúdhaigh, Uilliam Ó Riain (Rúnaire),
Dochtúir Mac Aithiris, M. Breathnach (Leas-Rúnaire), An Rang Íochtair: - Art Ua Briain, Art Ua Caoimh.


L. 297


Tosnuigheann na ranga Gaedhealacha ar a hocht
a chlog. Is aoibhinn an radharc na buidhne móra
agus iad ag foghluim na Gaedhilge agus stair na
hÉireann ar feadh uair go leith. Bíonn siad bailighthe
le chéile os gach áit i Lúnnduinn beagnach. Bíonn an
sagart léigheanta, an dochtúr ealadhanta, an
cléireach cliste, an cailín sciamhach, an ceannuidhe


L. 299


tíoghmhasach, an fear-oibre meidhreach, an tsean-
bhean chainnteach, an páiste gléigeal i bhfochair a chéile
ann. Is brónach an áit í Lúnnduin d'fhíor-
Ghaedhealaibh; is olc an treó atá ar an gcuid is mó
díobh innti do ló is d'oidhche. "Per me si va nella citta
dolenté", adeir Lúnnduin leó, dar liom-sa. Acht
i dtaoibh na coda dhíobh a thigeas go "Teamhair"
déanaid dearmad ar Lúnnduin. Tá morán díobh 'gá
n-ollmhughadh le haghaidh oibre i nÉirinn san am atá
romhainn. Nuair críochnuightear ar na ceachtanna
Gaedhealacha tosnuighmíd ar rinnce. 'Seadh, agus rud
is mó ná rinnce coitcheann: rinnce na gcroidhe chomh
maithle rinnce na gcos.



Tá na sagairt chomh finneamhuil agus chomh croidhe-
eamhail leis na daoinibh eile. D'fhoghluim morán díobh
an Ghaedhilg, agus anois táid 'gá múnadh do na daoinibh
óga 'na gceanntair féin annso agus annsúd i Lúnnduin.
Tá beirt shagart san Árd-Choiste: an tAthair Ua Maol-
dhamhnaigh agus an tAghair Ua Chruadhlaoigh. Is mór an
obair atá déanta ag an Athair Ua Maoldhamhnaigh ar
son na cúise, i Lúnnduin theas go háirithe. Tais-
beánann sé gur féidir le sagart bheith árd-smaoin-
teach, mtleachtach, croidheamhuil, agus dithcheallach san am
chéadna. Is béodha, cáirdeamhuil an sagart é an
tAthair Ua Cruadhlaoigh. Muimhneach óg is eadh é, chomh
croidheamhuil le file ó'n dtuaith agus chomh dána le
saighidúir Gaedhealach. Tá sagairt eile i nár measc
leis: cara do Ghaedhealaibh dá ríribh gach duine dhíobh.
Bítear agá rádh go minic, "Tá aois nuadh againn, tá
atharrughadh mór ar an saoghal, acht ní cheapann na
sagairt go bhfuil." Táim cinnte go bhfuil sagairt
againn i Lúnnduin a thuigeas go fíos-mhaith an aois
nuadh atá buailte linn.



Bhí dia leighis ag na Ceiltighibh fad ó - Diancheacht
dob' ainm dó. (Dubairt na manaigh ins na meadhon-
aoisibh nár dhia bhí ann acht dochtúr mór). Tá
dochtúirí againn san gConnradh i Lúnnduin, agus
fágaim le huadhacht go bhfuilid chomh breagh le
Diancheacht ar shlighthibh éigin - Dochtúr Mac Énrí,
Dochtúr Mac Aitiris, agus Dochtúr Marcus Ó Ríoghain.
Do réir D'Arbois de Jubainville tháinig atharrughadh ar
gach dia dá raibh ag 'na sean-Ghaedhil. Bhí aon dia
amháin do gach rud mor ar dtús: solus, leigheas agusrl.,
agus i rith na n-aoise rinneadh "triad" as. 'Seadh,
agus b'fhéidir go dtáinig Diancheacht go Lúnnduin, agus
gur rinneadh "triad" as mar an gcéadna. 'Sé sin,
i n-ionad Diancheacht anois tá Dochtúr Mac Énrí
Dochtúr Mac Aitiris, agus Dochtúr Marcus Ó Ríoghain
againn. Níor bh'fhéidir le daoinibh "saoghalta" a
bheith chomh láidir, fuinneamhail agus táid-san.



Tá buachaillí san gConnradh againn, agus táim
cinnte go mbéidh a lán cainnte 'n-a dtaoibh i
nÉirinn lá éigin. Oibruigheann siad go hiongantach
ar fuid na cathrach, agus n-a dhiaidh soin nuair a
bhíonn siad bailighthe le chéile ag scoruidheacht nó
cruinniughadh eile is deas an sult agus an chroidheamhlacht
a bhíos le fagháil uatha. Samhluighim-se go minic
nuair bhím ag féachaint ortha go bhfuil sean-Éire
ghrádhmhar ar ais arís: Éire 'na raibh éadtromacht,
filidheacht, agus féile. Táid smaointeach fós - acht badh
dheacair cur síos ar a dtréithibh go léir. Tá a lán
chúmhacht san gConnradh 'n-a bhfuil daoine mar Sheaghán
Ó Catháin, Muiris Ua Dubhda, Pádraic Ó Conaire
Tomás De Buíd, Uilliam Ua Domhnaill, Art Ua
Briain, Micheál Breathnach, Muiris Seóighe, Art Ua
Caoimh, Seóirse Mac Amhalaoigh, Seaghán Mac Giolla
Pádraig, Seaghán Ó Síothcáin, agus buachaillí eile
nach iad. Acht tá dealughadh mór eatortha. Tá cuid
aca à la moderne, mar adéaradh an Franncach. Ins na
hoidhcheanna soilseacha ar a dteacht a-bhaile dhóibh féin
tar éis obair na Gaedhilge bheith déanta aca,
smaoineann cuid aca ar thaidhbhsíbh i nÉirinn i bhfad
uatha; smaoineann cuid eile aca ar an Zeit Geist:
Zeit Geist, ámh, ag a bhfuil an Ghaedilg. Agus maidir
leis na buachaillí litiordha, tá dealughadh mór
eatortha-san freisin. I n-aimsir cheóil agus rinnce agus
féile do rugadh cuid aca (mar Mhicheál Breathnach):
i n-aimsir bróin agus gorta do rugadh cuid eile aca;
scríobhann siad ar bheatha bochtán agus lucht siubhail
I-nIarthar Éireann (glac mar shompla Pádraic
Ó Conaire), agus is truaighmhéilach í a dtuairisc.
Measadóirí cuid eile dhíobh, agus badh dhóigh leat go
raibh saoithe an domhain, ó Chonfúichius go dtí Goethe,
i measc a gcomhursan i laethibh a n-óige.



Acht, mo mhíle brón, nach náireach an rud é nar
scríobhas pioc go fóill ar chailínibh breagha, gleóidhte,
spéireamhla an Chonnartha, ó Inghean ní Dhrúdhaigh go
dtí - acht, fóríor, is fearr dham stad. Tá daoine
san gConnradh i bhfad 's i bhfad níos cliste sna
rudaíbh seo 'ná mise. File óg mar Micheál
Breathnach, nó saoi áthasach, deas-bhéalach, ceólmhar
mar ár nUachtrán F. A. Ó Fathaigh, gan trácht ar ár
sean-charaid Fionán Mac-Coluim, do chur an
Connradh ar bun - 'siad-san moltóirí na mban dá
ríribh!



B'fhéidir do dhuine a bheith ag trácht ag an gConnradh
ar feadh seachtmhaine, gan cunntas iomlán a thabhairt
air; A cheachtanna, a cheóil, a dhrámanna, a scoruidh-
eachta, a sheanchuis, a sheilgí, a rinnce; agus ní hiad-san
an Connradh go léir. Tá spiorad agus intinn ann nach
féidir cur síos ortha.



Táimíd mar bheadh náisiún beag Gaedhealach i
dtír iasachta. Ní'l fearann ná sléibhte, ní'l sruth-
anna ná bailte, ní'l coillte ná cathracha, ní'l
raidhbhreas ná saighdiúirí againn - do réir chosamh-
lachta. Ná creididh é sin, a cháirde! Is againn atá
- an talamh fóghanta, na srutháin bhinn-ghlóracha, na
coillte glasa áilne, bailte na ndaoine nádúrtha,
tighthe na féile, scoileanna na bpáistí sonasacha,
teampuill diadha cluthmhara, agus príomh-chathair aoibhinn
'n-a bhfuil bruth Bhanba, an bhainríoghan. Agus ní
féidir le námhad dá bhfuil fé'n ngrein theacht d'ár
ndíbirt as an tír shíor-áluinn seo!



LIAM Ó RIAIN.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services