Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Nós do bhí fá Chnoc i Sean Dún na nGall.
Title
Nós do bhí fá Chnoc i Sean Dún na nGall.
Author(s)
Mac an Ultaigh, Seaghán,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
NÓS DO BHÍ FÁ CNOC IN SEAN DÚN NA nGALL. I gCondae Dun na nGall tá cuid mhór seanchuis fá dtaobh do na cnuic, agus is iomdha rud iongantach atá le feiceál ortha go fóill agus le na céadtaí bliadhna roimhe seo. Sílim nach bhfuil ins an Chondae ná b'éidir i nÉirinn áit a bhfuil oiread stair agus tairngreacht air agus atá fá dtaobh do'n cheanntar a bhfuil Tír Chonaill mar ainm air. Is minic do chualaidh mé scéal greannmhar agus scéaltaí beaga amuideach fá dtaobh do na cnuic ná raibh mórán céille leó, acht ní mar sin do'n scéal atá mé a dhul innsint annseo fá dtaobh do rud atá le feiceál ag an uile dhuine shíleas gur fiú dhó dul ag amharc air. Tá cnoc in Paróiste na Tuaithe i mbaile-talamh Cheann- Adharc a dtabharaidh siad Cnoc Gainimh mar ainm air, agus ní'l stoirm ná doininne thigeas ó thúis go deireadh na bliadhna ná bhfágann sé claigeann duine le feiceál os cionn talamh ag achan dhuine rachas ag siubhal trasna an chnuic seo i ndiaidh oidhche nó lá gaoithe móire. Duine ar bith do bhíos ag dul an bhóthar go Dún Fhionnlaoich nó tré an bhaile sin 'tchífidh sé an tulach bán seo ar an taobh thiar i ndteannta Toraidh. Bhéaraidh duine ar bith ins an bhaile tuairisc ar an bhealach dhó, agus bhéaraidh deich mbumaite é do'n chnoc a bhfuil an t-amharc le feiceál air. Dá bhrigh sin, rinne mé mo dhícheall leis an seanchas do mhíneachadh agus tá sé gléasta mar fuair mé ó m'athair mór é. Dubhairt seisean gur chualaidh sé ó n-a shinsir féin é; agus ní amháin sin, acht thig le na sean-daoine uilig ins an áit an scéal céadna innsint, agus tá mar leanas annseo thíos: - In san tsean-aimsir fad ó shoin nuair do bhí ár gCreideamh faoi mheas agus clú mór, bhí reilic i dToraidh agus in san reilic seo ba bhrathach le na daoine fá'n áit seo a gcuid marbh a chuir (do adhlacadh). Sin mar déarthá daoine ar bith ar bhfiú gach iad n-a raibh morán saidhbhreas aca. B'é sean-nós na ndaoine an t-am sin gur shíl siad ná raibh áit ar bith faoi an spéir chomh naomhtha ná coisricthe le Toraidh, mar ba chlúmhail an áit í an t-am sin le eaglais agus naomh. Nuair a gheobhadh duine 'san áit bás i ndiaidh an fheireach chonghbháil in san teach 'n-ar chomhnuidh siad cruinnigheadh a gcáirde agus a gcomhursain le tórramh dhóibh agus bheireadh siad leó an cholann do'n áit ins an chnoc seo i dtabharaidh siad Poll a' Ghuil mar ainm air, lag beag ar chiumhas na fairrge ag cois an chnuic seo, agus chuireadh siad an comhnchar i mbád annsin amach go Toraidh le n-a chur ins an reilic mhóir. Acht, faraoir! cha'n achan lá thiocfadh le daoine dul ar an fhairrge deich míle na níos mó, agus go háirithe nuair a béadh an ghaoth ag séadadh ó'n tuaith. Ar an adhbhar sin bhí teach beag tógtha aca ar an chlaideach le na cuirp a fhágáil ann go socroghadh an aimsear dá mbéadh an lá sin ró-gharbh le dul amach. Annsin dá mbéadh sé gan socrughadh i gceann trí lá, chaithfeadh siad an corp do bhaint as an teach seo agus é adhlacadh ins an ghainimh seo le brón agus cumhadh do'n mhuinntir dar leó é mar dubhairt siad annsoin ná raibh sé i n-ánn dóibh iad do bheith curtha ins an áit naomhtha. Agus deir siad nách díoghbhail reilice do bhí ortha nó bhí reilic nó beirt ag achan paroiste; acht mar sin féin b'é brigh an tsean-nóis nuair a rachadh siad an fhaid sin ní tiocfadh leó an corp do thabhairt arís i dteannta an bhaile. Corr-uair dá sílfeadh cáirde an duine bhí marbh nach raibh an lá
chomh holc sin air fad, agus na bádóirí i n-aghaidh dul leó mar bhéadh eólas aca go raibh an t-anfa ag teacht agus go mb'éidir nuair do bheadh siad amuigh é theacht ortha - d'éireóghadh fearg ortha le na bádóirí agus mhairfeadh mioscais eatortha fad is bhéadh duine do'n chineadh sin beó. Agus adeir siad gur an doininne do fhág annsin iad agus an doininne bheireas le feiceál iad. Tiocfaidh anfa an iarraidh seo agus béid le feiceál agus an darna stoirm dhéanfaidh sé iad a chumhdachadh. GLUAIS. Ba bhrathach le na daoine. - It was customary or usual for the people. Sin mar dearthá daoine ar bith ar b'fhiú gach iad ná raibh morán saidhbhreas aca. - That is respectable people or rich people. I ndiaidh an fheireach chonghbháil ins an teach. - After holding the wake in their own house. Poll a' Ghuil. - The weeping hollow. Comhnchar. - A coffin. Ca'n achan lá. - It is not every day. Agus deir siad nach díoghbhail seilice do bhí ortha. - They way it was not for want of burial ground. Seaghán Mac an Ultaigh Cnoc na Farradh Baile Mór, Co. Dún na nGall.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services