Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Nós do bhí fá Chnoc i Sean Dún na nGall.

Title
Nós do bhí fá Chnoc i Sean Dún na nGall.
Author(s)
Mac an Ultaigh, Seaghán,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

NÓS DO BHÍ FÁ CNOC IN SEAN
DÚN NA nGALL.



I gCondae Dun na nGall tá cuid mhór
seanchuis fá dtaobh do na cnuic, agus is
iomdha rud iongantach atá le feiceál ortha
go fóill agus le na céadtaí bliadhna
roimhe seo.



Sílim nach bhfuil ins an Chondae ná b'éidir
i nÉirinn áit a bhfuil oiread stair agus
tairngreacht air agus atá fá dtaobh do'n
cheanntar a bhfuil Tír Chonaill mar ainm air.
Is minic do chualaidh mé scéal greannmhar
agus scéaltaí beaga amuideach fá dtaobh
do na cnuic ná raibh mórán céille leó, acht
ní mar sin do'n scéal atá mé a dhul
innsint annseo fá dtaobh do rud atá le
feiceál ag an uile dhuine shíleas gur fiú
dhó dul ag amharc air. Tá cnoc in
Paróiste na Tuaithe i mbaile-talamh Cheann-
Adharc a dtabharaidh siad Cnoc Gainimh mar
ainm air, agus ní'l stoirm ná doininne thigeas
ó thúis go deireadh na bliadhna ná bhfágann
sé claigeann duine le feiceál os cionn
talamh ag achan dhuine rachas ag siubhal
trasna an chnuic seo i ndiaidh oidhche nó lá
gaoithe móire. Duine ar bith do bhíos ag
dul an bhóthar go Dún Fhionnlaoich nó tré
an bhaile sin 'tchífidh sé an tulach bán seo
ar an taobh thiar i ndteannta Toraidh.
Bhéaraidh duine ar bith ins an bhaile tuairisc
ar an bhealach dhó, agus bhéaraidh deich
mbumaite é do'n chnoc a bhfuil an t-amharc
le feiceál air.



Dá bhrigh sin, rinne mé mo dhícheall leis
an seanchas do mhíneachadh agus tá sé
gléasta mar fuair mé ó m'athair mór é.
Dubhairt seisean gur chualaidh sé ó n-a
shinsir féin é; agus ní amháin sin, acht thig
le na sean-daoine uilig ins an áit an
scéal céadna innsint, agus tá mar leanas
annseo thíos: -



In san tsean-aimsir fad ó shoin nuair do
bhí ár gCreideamh faoi mheas agus clú mór,
bhí reilic i dToraidh agus in san reilic seo
ba bhrathach le na daoine fá'n áit seo a
gcuid marbh a chuir (do adhlacadh). Sin
mar déarthá daoine ar bith ar bhfiú gach iad
n-a raibh morán saidhbhreas aca. B'é
sean-nós na ndaoine an t-am sin gur shíl
siad ná raibh áit ar bith faoi an spéir chomh
naomhtha ná coisricthe le Toraidh, mar ba
chlúmhail an áit í an t-am sin le eaglais agus
naomh.



Nuair a gheobhadh duine 'san áit bás
i ndiaidh an fheireach chonghbháil in san teach
'n-ar chomhnuidh siad cruinnigheadh a gcáirde
agus a gcomhursain le tórramh dhóibh agus
bheireadh siad leó an cholann do'n áit ins an
chnoc seo i dtabharaidh siad Poll a' Ghuil mar
ainm air, lag beag ar chiumhas na fairrge
ag cois an chnuic seo, agus chuireadh siad
an comhnchar i mbád annsin amach go
Toraidh le n-a chur ins an reilic mhóir.



Acht, faraoir! cha'n achan lá thiocfadh le
daoine dul ar an fhairrge deich míle na
níos mó, agus go háirithe nuair a béadh an
ghaoth ag séadadh ó'n tuaith. Ar an adhbhar
sin bhí teach beag tógtha aca ar an chlaideach
le na cuirp a fhágáil ann go socroghadh an
aimsear dá mbéadh an lá sin ró-gharbh le
dul amach. Annsin dá mbéadh sé gan
socrughadh i gceann trí lá, chaithfeadh siad
an corp do bhaint as an teach seo agus é
adhlacadh ins an ghainimh seo le brón agus
cumhadh do'n mhuinntir dar leó é mar
dubhairt siad annsoin ná raibh sé i n-ánn
dóibh iad do bheith curtha ins an áit naomhtha.
Agus deir siad nách díoghbhail reilice do
bhí ortha nó bhí reilic nó beirt ag achan
paroiste; acht mar sin féin b'é brigh an
tsean-nóis nuair a rachadh siad an fhaid sin
ní tiocfadh leó an corp do thabhairt arís i
dteannta an bhaile. Corr-uair dá sílfeadh
cáirde an duine bhí marbh nach raibh an lá


L. 275


chomh holc sin air fad, agus na bádóirí
i n-aghaidh dul leó mar bhéadh eólas aca go
raibh an t-anfa ag teacht agus go mb'éidir
nuair do bheadh siad amuigh é theacht ortha -
d'éireóghadh fearg ortha le na bádóirí agus
mhairfeadh mioscais eatortha fad is bhéadh
duine do'n chineadh sin beó.



Agus adeir siad gur an doininne do
fhág annsin iad agus an doininne bheireas
le feiceál iad. Tiocfaidh anfa an iarraidh
seo agus béid le feiceál agus an darna
stoirm dhéanfaidh sé iad a chumhdachadh.



GLUAIS.



Ba bhrathach le na daoine. - It was customary or
usual for the people.
Sin mar dearthá daoine ar bith ar b'fhiú gach iad ná
raibh morán saidhbhreas aca. - That is respectable
people or rich people.
I ndiaidh an fheireach chonghbháil ins an teach. - After
holding the wake in their own house.
Poll a' Ghuil. - The weeping hollow.
Comhnchar. - A coffin.
Ca'n achan lá. - It is not every day.
Agus deir siad nach díoghbhail seilice do bhí ortha. -
They way it was not for want of burial ground.



Seaghán Mac an Ultaigh
Cnoc na Farradh
Baile Mór, Co. Dún na nGall.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services