Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ardán na Gaedhilge.
Title
Ardán na Gaedhilge.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ardán na Gaedhilge. Gheallas duit, a Fhir Eagair, beagán do scríobhadh ag tabhairt comhairle d'ár léirightheóiríbh. Tá drámanna Gaedhilge 'gá scríobhadh tiugh go leór. Ar shon ná fuil puinn eólais ag ár scríbhneóiríbh ar chúrsaíbh árdáin, tá feabhas ag teacht ortha um an bpuinnte sin. Ní héan-mhaitheas bheith dhá cheilt acht ní féidir le duine ar bith dráma maith do scríobhadh gan eólas - beagán eólais pé i nÉirinn é - bheith aige ar bhainistighe árdáin. Caithfidh sé an t-árdán agus gach ar bh'éidir do dhéanamh ar árdán, do choimeád os comhair a aigne an fhaid do bheidh an dráma 'gá scríobhadh aige. Caithfidh sé gan bheith ag tabhairt an bhruit anuas ró-mhinic ná ag aistriughadh logán gach re nóimeat. Acht d'éis an dráma do scríobhadh, is ar na léirigh- theóiríbh do luigheann an chuid eile de'n obair. Ní héin-bheirtín gan cúram dráma chur ar árdán. Caithfear an-chuid taithighe dhéanamh ar an dráma; caithfear an t-árdán d'ullmhughadh 'n-a chóir; caithfear na radharcanna do chur i n-eagar; agus tá na céadtha rudaí beaga eile le déanamh. Dá ndéantaoi dearmhad ar éin-cheann díobh súd do bheadh lúb ar lár ann go mb'fhuirist é thabhairt fé ndeara. Tá éin-tréith amháin do bhaineann le léiriughadh dráma Gaedhilge nár mhór do gach léirightheóir é bheith aige, sé sin an Ghaedhilg do beith aige go nádurtha; blas na Gaedhilge bheith ar bharr a theangan aige; agus é bheith ar a chumas brigh chrunnda gach focail agus gach rádh dá bhfuil 'san dráma go léir do thuigsint. Is mór an congnamh do léirightheóir é bheith ar a chumas an Ghaedhilg do labhairt go maith. Cuirfidh sé áthas ar gach éinne bheidh ag éisteacht leis mar tuigfid cad tá 'gá rádh aige. Is mór an díoghbháil i n-aghaidh dráma na Gaedhilge, daoine do chur ar an árdán agus ná feadair siad ó thalamh an domhain cad é an bhrigh atá leis an méid cainnte adeirid. Is deacair daoine oireamhnacha d'fhagháil ins gach éan-áit, agus is dócha go gcaithfimíd cur suas leis an earra atá againn go dtí go bhfuighmíd ceann níos fearr.
Tá mórán daoine ann leis, agus cé go bhfuil flúirse Gaedhilge aca, ní héan-mhaitheas ar árdán iad. Labharfaidh duine aca ró- mhear. Labharfaidh duine eile amach tré n-a shróin. Labharfaidh duine aca ró-árd agus duine eile ró-íseal. Ní néan-ghnó ró- dheacair ag léirightheóir na lochtaí beaga so do leigheas roimh ré, acht aire thabhairt dó féin. Má's nós gnáthach ag duine éin-cheann díobh, is fearr dhó cur suas dá chuid léirightheóireacht, mar ní raghaidh sé chum cinn choidhche. Badh cheart do'n léirightheóir bheith ag smaoineamh i gcomhnuidhe ar an obair atá leagtha amach roimhe, a chroidhe agus a intinn do thabhairt suas ar fad di, a chion féin de'n dráma do mheabhrughadh go maith, agus os cionn gach éin-nídh eile brigh a chuid cainnte dochur i dtuigsint do'n lucht éisteacht. Seadh, a Fhir Eagair, is baoghlach liom go bhfuil breis dá rádh agam. Tá roinnt phictiúirí agam dá gcur ag triall ort. Sid iad na foirne as an Árd- Chraoibh do chuir "An Sprid", "An Pósadh", "Aodh Ó Néill", agus "Bás Aoidh Uí Néill" ar árdán i mBaile Átha Cliath. Is é Lucás Ó Maoil Ruanadha do soláthruigh na pictiúirí dham. Tá súil agam go dtaithnfidh siad le léightheóiríbh an Irisleabhair. ÁRDÁNACH. Ní raibh a dhóthain ag éinne riamh ná raibh fuighleach aige. Tá aithne ag gach éinne ar Neillí. Is maith an léim ó mhuic é. An fhaid do-gheobhthar é, fóirfidh sé. "Aimsir mhaith chughainn", arsa bean an iascaire nuair fuair sí a fear báidhte. Is fearr bolg seang ná rud do chur ann na raghadh leis. A anam féin ar gualainn gach éinne. Is cuma cia hólfaidh, 'S é Domhnall do dhíolfaidh as.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services