Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ardán na Gaedhilge.

Title
Ardán na Gaedhilge.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 272


Ardán na
Gaedhilge.



Gheallas duit, a Fhir Eagair, beagán do scríobhadh
ag tabhairt comhairle d'ár léirightheóiríbh. Tá
drámanna Gaedhilge 'gá scríobhadh tiugh go leór.
Ar shon ná fuil puinn eólais ag ár scríbhneóiríbh ar
chúrsaíbh árdáin, tá feabhas ag teacht ortha um an
bpuinnte sin. Ní héan-mhaitheas bheith dhá cheilt acht
ní féidir le duine ar bith dráma maith do scríobhadh
gan eólas - beagán eólais pé i nÉirinn é - bheith aige
ar bhainistighe árdáin. Caithfidh sé an t-árdán agus gach
ar bh'éidir do dhéanamh ar árdán, do choimeád os
comhair a aigne an fhaid do bheidh an dráma 'gá
scríobhadh aige. Caithfidh sé gan bheith ag tabhairt an
bhruit anuas ró-mhinic ná ag aistriughadh logán gach
re nóimeat.



Acht d'éis an dráma do scríobhadh, is ar na léirigh-
theóiríbh do luigheann an chuid eile de'n obair. Ní
héin-bheirtín gan cúram dráma chur ar árdán.
Caithfear an-chuid taithighe dhéanamh ar an dráma;
caithfear an t-árdán d'ullmhughadh 'n-a chóir;
caithfear na radharcanna do chur i n-eagar; agus tá na
céadtha rudaí beaga eile le déanamh. Dá ndéantaoi
dearmhad ar éin-cheann díobh súd do bheadh lúb ar
lár ann go mb'fhuirist é thabhairt fé ndeara.



Tá éin-tréith amháin do bhaineann le léiriughadh
dráma Gaedhilge nár mhór do gach léirightheóir é bheith
aige, sé sin an Ghaedhilg do beith aige go nádurtha;
blas na Gaedhilge bheith ar
bharr a theangan aige; agus é
bheith ar a chumas brigh chrunnda
gach focail agus gach rádh dá
bhfuil 'san dráma go léir do
thuigsint.



Is mór an congnamh do
léirightheóir é bheith ar a chumas
an Ghaedhilg do labhairt go
maith. Cuirfidh sé áthas ar gach
éinne bheidh ag éisteacht leis
mar tuigfid cad tá 'gá rádh
aige. Is mór an díoghbháil i
n-aghaidh dráma na Gaedhilge,
daoine do chur ar an árdán agus
ná feadair siad ó thalamh an
domhain cad é an bhrigh atá
leis an méid cainnte adeirid.
Is deacair daoine oireamhnacha
d'fhagháil ins gach éan-áit, agus is
dócha go gcaithfimíd cur suas
leis an earra atá againn go
dtí go bhfuighmíd ceann níos
fearr.


L. 273


Tá mórán daoine ann leis, agus
cé go bhfuil flúirse Gaedhilge
aca, ní héan-mhaitheas ar árdán
iad. Labharfaidh duine aca ró-
mhear. Labharfaidh duine eile
amach tré n-a shróin. Labharfaidh
duine aca ró-árd agus duine eile
ró-íseal. Ní néan-ghnó ró-
dheacair ag léirightheóir na
lochtaí beaga so do leigheas
roimh ré, acht aire thabhairt dó
féin. Má's nós gnáthach ag duine
éin-cheann díobh, is fearr dhó cur
suas dá chuid léirightheóireacht,
mar ní raghaidh sé chum cinn
choidhche.



Badh cheart do'n léirightheóir
bheith ag smaoineamh i gcomhnuidhe
ar an obair atá leagtha amach
roimhe, a chroidhe agus a intinn do
thabhairt suas ar fad di, a chion
féin de'n dráma do mheabhrughadh
go maith, agus os cionn gach éin-nídh
eile brigh a chuid cainnte dochur i dtuigsint do'n
lucht éisteacht.



Seadh, a Fhir Eagair, is baoghlach liom go bhfuil
breis dá rádh agam. Tá roinnt phictiúirí agam dá
gcur ag triall ort. Sid iad na foirne as an Árd-
Chraoibh do chuir "An Sprid", "An Pósadh", "Aodh
Ó Néill", agus "Bás Aoidh Uí Néill" ar árdán i mBaile
Átha Cliath. Is é Lucás Ó Maoil Ruanadha do
soláthruigh na pictiúirí dham. Tá súil agam go
dtaithnfidh siad le léightheóiríbh an Irisleabhair.



ÁRDÁNACH.



Ní raibh a dhóthain ag éinne riamh ná raibh fuighleach
aige.



Tá aithne ag gach éinne ar Neillí.



Is maith an léim ó mhuic é.



An fhaid do-gheobhthar é, fóirfidh sé.



"Aimsir mhaith chughainn", arsa bean an iascaire
nuair fuair sí a fear báidhte.



Is fearr bolg seang ná rud do chur ann na raghadh
leis.



A anam féin ar gualainn gach éinne.



Is cuma cia hólfaidh,
'S é Domhnall do dhíolfaidh as.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services