Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Máire Ní Dhomhnaill.
Title
Máire Ní Dhomhnaill.
Author(s)
Ó hEidhin, Tomás,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
MÁIRE NÍ DHOMHNAILL. Bhí baile na nAllmhúrán suidhte go haoibh- inn i measc sléibhte Chonntae an Chláir. Bhí paiste talmhan agus teach beag cinn-tuighe ag Pádraig Ó Domhnaill 'san mbaile seo. Ní raibh de chúram air acht é féin agus a bhean agus a n-inghean Máire. Duine lághach sibhialta dheal-lámhach a bhí ann, agus bhí meas mór air ag muinntir an bhaile. Croidhe na féile bhí 'n-a mhnaoi, agus, maidir le Máire, bain-ríoghan ghleóite shéimh shuairc gan gangaid a bhí innti. Ba shona an teaghlach é, teaghlach Phádraig Uí Dhomhnaill. Bhí grádh agus síothcháin ag baint barr feabhais dá chéile ann. Ní raibh focal dá labhairt ann acht Gaedhilg, agus ní raibh oidhche 'san mbliadhain nach n-abairthí an Paidrín Páirteach ann. Ba mhór an seanachuidhe é Pádraig, agus ní raibh sé i bhfad nídh b'fhearr 'ná bean an tighe. Is minic d'airigh. Má ise iad ag innseacht sean-scéalta na hÉireann. Is minic d'airigh sí iad ag cur síos ar stair agus ar sheanchus na hÉireann, agus is minic do chuireadar áthas 'n-a croidhe ag gabháil sean-amhrán na tíre. Bhí aon tubaist amháin ar an teaghlach sona so. Bhí aon mhío-ádh amháin ortha. Chaith Pádraig i bhfad níos mó cíosa íoc ar a phaiste beag talmhan ioná mar b'fhiú é. Acht mar sin féin thug sé iarracht ar é chongbháil íoctha, bíodh gur dheacair dhó é. Bhí scamal mór os cionn Phádraig bíodh nach raibh a fhios aige air. Bhí bitheamhnach de bháille san mbaile beag aoibhinn seo. Nhí raibh mórán talmhan aige, agus, maidir le tigh, ní raibh aige acht ainmniughas ceann. Leag sé a shúil ar thigh agus ar phaiste bheag Phádraig Uí Dhomhnaill. Dubhairt sé leis féin gurab é dhéanfadh duine dhe dá mbeadh
sé aige. Chuaidh sé 'uig an mháighistir agus dubhairt sé leis go raibh an talamh ro-shaor ag Pádraig Ó Domhnaill. Níor bheag so. D'árduigh an máighistir an cíos ar Phádraig bhocht. Choinnigh Pádraig an cíos nuadh íoctha ar feadh cúpla bliadhan nó trí. Tar eis so chaith sé cur suas de. Nuair thug, caitheadh amach ar thaoibh an bhóthair é. Ní túisce bí sé amuigh 'ná thóg an báille a theach agus a chuid talmhan. Ní raibh le déanamh anois ag Pádraig bocht acht bothán do dhéanamh ar thaoibh an bhóthair agus teacht suas ar fhéile na gcomh- ursan. Ní chuirfeadh Fionn Mac Cumhaill agus sluagh na bhFiann chun tighe na mbocht é. B'fhearr leis bás fhagháil leis an ngorta ar thaoibh an bhóthair. Is gearr tar éis iad do chur amach gur ghlac bean an tighe breóidhteacht. Bhí sí ag éalódh as i gcomhnuidhe nó gur cailleadh 'sa' deireadh í. Bhris a croidhe nuair cuir- eadh amach iad. (Ní críoch).
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services