Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Máire Ní Dhomhnaill.

Title
Máire Ní Dhomhnaill.
Author(s)
Ó hEidhin, Tomás,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

MÁIRE NÍ DHOMHNAILL.



Bhí baile na nAllmhúrán suidhte go haoibh-
inn i measc sléibhte Chonntae an Chláir. Bhí
paiste talmhan agus teach beag cinn-tuighe
ag Pádraig Ó Domhnaill 'san mbaile seo.
Ní raibh de chúram air acht é féin agus a
bhean agus a n-inghean Máire. Duine
lághach sibhialta dheal-lámhach a bhí ann, agus bhí
meas mór air ag muinntir an bhaile. Croidhe
na féile bhí 'n-a mhnaoi, agus, maidir le
Máire, bain-ríoghan ghleóite shéimh shuairc
gan gangaid a bhí innti.



Ba shona an teaghlach é, teaghlach Phádraig
Uí Dhomhnaill. Bhí grádh agus síothcháin ag
baint barr feabhais dá chéile ann. Ní raibh
focal dá labhairt ann acht Gaedhilg, agus
ní raibh oidhche 'san mbliadhain nach n-abairthí
an Paidrín Páirteach ann. Ba mhór an
seanachuidhe é Pádraig, agus ní raibh sé i
bhfad nídh b'fhearr 'ná bean an tighe. Is
minic d'airigh. Má ise iad ag innseacht
sean-scéalta na hÉireann. Is minic
d'airigh sí iad ag cur síos ar stair agus
ar sheanchus na hÉireann, agus is minic
do chuireadar áthas 'n-a croidhe ag gabháil
sean-amhrán na tíre.



Bhí aon tubaist amháin ar an teaghlach
sona so. Bhí aon mhío-ádh amháin ortha.
Chaith Pádraig i bhfad níos mó cíosa íoc ar
a phaiste beag talmhan ioná mar b'fhiú é.
Acht mar sin féin thug sé iarracht ar é
chongbháil íoctha, bíodh gur dheacair dhó é.



Bhí scamal mór os cionn Phádraig bíodh
nach raibh a fhios aige air. Bhí bitheamhnach
de bháille san mbaile beag aoibhinn seo.
Nhí raibh mórán talmhan aige, agus, maidir
le tigh, ní raibh aige acht ainmniughas ceann.
Leag sé a shúil ar thigh agus ar phaiste bheag
Phádraig Uí Dhomhnaill. Dubhairt sé leis
féin gurab é dhéanfadh duine dhe dá mbeadh


L. 259


sé aige. Chuaidh sé 'uig an mháighistir agus
dubhairt sé leis go raibh an talamh ro-shaor
ag Pádraig Ó Domhnaill.



Níor bheag so. D'árduigh an máighistir
an cíos ar Phádraig bhocht. Choinnigh Pádraig
an cíos nuadh íoctha ar feadh cúpla bliadhan
nó trí. Tar eis so chaith sé cur suas de.
Nuair thug, caitheadh amach ar thaoibh an
bhóthair é. Ní túisce bí sé amuigh 'ná thóg
an báille a theach agus a chuid talmhan.



Ní raibh le déanamh anois ag Pádraig
bocht acht bothán do dhéanamh ar thaoibh an
bhóthair agus teacht suas ar fhéile na gcomh-
ursan. Ní chuirfeadh Fionn Mac Cumhaill
agus sluagh na bhFiann chun tighe na mbocht
é. B'fhearr leis bás fhagháil leis an ngorta
ar thaoibh an bhóthair.



Is gearr tar éis iad do chur amach gur
ghlac bean an tighe breóidhteacht. Bhí sí ag
éalódh as i gcomhnuidhe nó gur cailleadh
'sa' deireadh í. Bhris a croidhe nuair cuir-
eadh amach iad. (Ní críoch).




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services