Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ardán na Gaedhilge - Drámanna Náisiúnta.
Title
Ardán na Gaedhilge - Drámanna Náisiúnta.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
ARDÁN NA GAEDHILGE. DRÁMANNA NÁISIÚNTA. Is maith liom, a fhir eagair, go bhfuil tú ag tabhairt faoi chloich bhig Ghaedhealaigh do chur le carn an Dráma Náisiúnta - an carn úd do réir "U. Ó R." do shroisfeadh ó Cholumhain Nelson go dtí an Stad. Caithfimíd-ne cuid mhór de chlochaibh Gaedhealacha do chur leis an gcarn chéadna. Ní'l mórán déanta againn fós, acht is gearr ó thosnuigh sinn. Mar sin féin, bh'éidir gur chóir breis bheith déanta againn roimhe seo. Tá dhá shaghas daoine ann go bhfuil urmhór de chúram Dhrámanna Náisiúnta ortha. Is iad soin na scríbhneóirí agus na léirightheóirí. Táimíd féin anois ag iarraidh Dráma Gaedhealach i n-ár dteangaidh dhuthchais do chur ar bun. Caithfimíd an dá threibh daoine seo do chur ar an mbealach ceart. Caithfimíd fios an ghnótha do mhúineadh dhóibh ó thosach nach mór. Caithfimíd innsint dóibh cionnus seo agus siúd do dhéanamh n-a cheart agus cionnus locht annso agus locht annsúd do leasughadh. Ní mór dúinn tosnughadh ar na scríbhneóiríbh. Tá an-chuid scríbhneóirí againn, buidheachas le Dia, agus do
réir an fhuadair atá fúinn is gairid go mbeidh a thuilleadh againn. Dá liacht iad is eadh is fearr é. Gheobhaidh gach éinne a dhá dhóthain le déanamh, agus níor cheart an obair go léir d'fhágaint fé thriúr nó ceathrar dá fheabhas iad. I n-ionad maitheas a dhéanamh is amhlaidh loitfeadh an bhruid agus an bruth- laghas iad. Tugtar aimsir chum machtnaimh dhóibh. Acht, dálta gach éin-scéil, tá scríbhneóirí agus scríbhneóirí ann, agus ní gach éin-scríbhneóir d'fhéadfadh dhráma do scríobhadh. Chum dráma foghanta do scríobhadh níor mhór do dhuine bheith go cliste ar scéal d'innsint. Sin í bun-phréamh an dráma. Is beag an meas do bheidh ar dhráma ná bheidh rud éigint ann gur mhaith le daoinibh bheith ag éisteacht leis, rud éigint do chuirfidh ag gáiridhe iad, nó do thaithneoghaidh leó ar chuma éigint. Caithfidh gach scríbhneóir a lucht éisteacht do choimeád os a chomhair i gcomhnuidhe. Caithfidh sé é féin do cheistiughadh go minic i dtaobh a choda oibre féachaint an bhfuil an uile roinnt de 'n-a cheart nó an mbeadh sé taithneamhach leis an sluagh. Níor mhór do scríbhneóir dráma bheith go cliste ar chomhrádh do scríobhadh; comhrádh sultmhar tathacach "gan bun cleite isteach ná barr cleite amach" air atá ag teastáil uainn; comhrádh gan éan-oráidí fada ann. Cuireann na horáidí fada úd uaigneas ar gach éinne. Lagann siad misneac na foirne; agus is deacair iad do chur do mheabhair. Caithfear gan breis radharc do chur i ndráma, agus gach éan radharc do bheith chuimheasach fada ar éan- chuma. Tá an locht so an-choitchianta ins na drámanna atá againn cheana féin, agus dá bhrigh sin is deacair iad do léiriughadh, mar is éigin an radharc d'atharrughadh go ró-mhinic. Led' chead-sa, a fhir eagair, fagfad na léirightheóirí go dtí tráth éigint eile. Tá cosamhlacht Liam Ó Fathaigh agam dá chur chughat. Is é do mhúin foirne "Casadh an tSúgáin" agus "An Tobar Draoidheachta." Is é do chéad-chuir "Eilís agus an Bhean Deirce" ar árdán. Is é Peadar Mac Fhionnlaoigh do scríobh "Eilís", agus b'é an céad dráma Gaedhilge do cuireadh ar árdán i mBaile Átha Cliath é. Tá radharc as "Eilís" agam dá chur chughat leis agus tá súil agam go dtaithneoghaidh siad le léightheóiríbh an Irisleabhair. ÁRDÁNACH.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services