Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ardán na Gaedhilge - Drámanna Náisiúnta.

Title
Ardán na Gaedhilge - Drámanna Náisiúnta.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

ARDÁN NA GAEDHILGE.



DRÁMANNA NÁISIÚNTA.



Is maith liom, a fhir eagair, go bhfuil tú ag tabhairt
faoi chloich bhig Ghaedhealaigh do chur le carn an
Dráma Náisiúnta - an carn úd do réir "U. Ó R."
do shroisfeadh ó Cholumhain Nelson go dtí an Stad.
Caithfimíd-ne cuid mhór de chlochaibh Gaedhealacha do
chur leis an gcarn chéadna. Ní'l mórán déanta
againn fós, acht is gearr ó thosnuigh sinn. Mar sin
féin, bh'éidir gur chóir breis bheith déanta againn
roimhe seo.



Tá dhá shaghas daoine ann go bhfuil urmhór de
chúram Dhrámanna Náisiúnta ortha. Is iad soin na
scríbhneóirí agus na léirightheóirí. Táimíd féin
anois ag iarraidh Dráma Gaedhealach i n-ár
dteangaidh dhuthchais do chur ar bun. Caithfimíd an
dá threibh daoine seo do chur ar an mbealach ceart.
Caithfimíd fios an ghnótha do mhúineadh dhóibh ó thosach
nach mór. Caithfimíd innsint dóibh cionnus seo agus
siúd do dhéanamh n-a cheart agus cionnus locht annso agus
locht annsúd do leasughadh.



Ní mór dúinn tosnughadh ar na scríbhneóiríbh. Tá
an-chuid scríbhneóirí againn, buidheachas le Dia, agus do


L. 257


réir an fhuadair atá fúinn is gairid go mbeidh a
thuilleadh againn. Dá liacht iad is eadh is fearr é.
Gheobhaidh gach éinne a dhá dhóthain le déanamh, agus níor
cheart an obair go léir d'fhágaint fé thriúr nó
ceathrar dá fheabhas iad. I n-ionad maitheas a
dhéanamh is amhlaidh loitfeadh an bhruid agus an bruth-
laghas iad. Tugtar aimsir chum machtnaimh dhóibh.



Acht, dálta gach éin-scéil, tá scríbhneóirí agus
scríbhneóirí ann, agus ní gach éin-scríbhneóir d'fhéadfadh
dhráma do scríobhadh. Chum dráma foghanta do
scríobhadh níor mhór do dhuine bheith go cliste ar
scéal d'innsint. Sin í bun-phréamh an dráma. Is
beag an meas do bheidh ar dhráma ná bheidh rud éigint
ann gur mhaith le daoinibh bheith ag éisteacht leis,
rud éigint do chuirfidh ag gáiridhe iad, nó do
thaithneoghaidh leó ar chuma éigint.



Caithfidh gach scríbhneóir a lucht éisteacht do
choimeád os a chomhair i gcomhnuidhe. Caithfidh sé é
féin do cheistiughadh go minic i dtaobh a choda oibre
féachaint an bhfuil an uile roinnt de 'n-a cheart nó
an mbeadh sé taithneamhach leis an sluagh.



Níor mhór do scríbhneóir dráma bheith go cliste ar
chomhrádh do scríobhadh; comhrádh sultmhar tathacach
"gan bun cleite isteach ná barr cleite amach" air
atá ag teastáil uainn; comhrádh gan éan-oráidí
fada ann. Cuireann na horáidí fada úd uaigneas
ar gach éinne. Lagann siad misneac na foirne;
agus is deacair iad do chur do mheabhair.



Caithfear gan breis radharc do chur i ndráma, agus
gach éan radharc do bheith chuimheasach fada ar éan-
chuma. Tá an locht so an-choitchianta ins na
drámanna atá againn cheana féin, agus dá bhrigh sin
is deacair iad do léiriughadh, mar is éigin an radharc
d'atharrughadh go ró-mhinic.



Led' chead-sa, a fhir eagair, fagfad na léirightheóirí
go dtí tráth éigint eile. Tá cosamhlacht Liam
Ó Fathaigh agam dá chur chughat. Is é do mhúin foirne
"Casadh an tSúgáin" agus "An Tobar Draoidheachta."
Is é do chéad-chuir "Eilís agus an Bhean Deirce"
ar árdán. Is é Peadar Mac Fhionnlaoigh do scríobh
"Eilís", agus b'é an céad dráma Gaedhilge do cuireadh
ar árdán i mBaile Átha Cliath é. Tá radharc as
"Eilís" agam dá chur chughat leis agus tá súil agam go
dtaithneoghaidh siad le léightheóiríbh an Irisleabhair.



ÁRDÁNACH.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services