Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Tar Lear
Title
Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Tar Lear Tá Chamberlain an aimsir seo ag cur isteach ar Paul Kruger, acht ní mheasaim go bhfuil an méid sin ag cur garrabhuic ar Kruger - nó Craér mar a sonntar a ainm imeasg a dhaoine féin. Is cosamhail le dhá chearrbhach clisde an bheirt fhear so, acht bíonn an Má maith ag Kruger in gach cleas imeartha agus buadhann ar Chamberlain bhocht i ndeireadh na gcluithche. Tá an Transvaal ar nós faithinne nó neascóid ar deilbh na hAifric agus adeir na Bóirigh ná beidh Seághan Buidhe sásta go bráth go mbeidh a dtír geárrtha suas 'na codaibh aige. Deir Seághan nách sanntuigheann sé féin an tír i n-aon chor, acht go gcuirfidh sé d'fhiachaibh ar na Bóirighibh saoirse toilidheachta thabhairt dá dhaoinibh atá ag obair ins an tír úd. Sin mar atá eatortha indiu. Is daoine doirgeach, dúr, dán iad na Bóirigh. Tháinig a sinsear ó'n dTír Bhaidhte i roinn na hEorpa suas le trí chéad bliadhan ó shoin, agus do chómhnuideadar i Rinn na hAfrice Theas go tosach na h-aoise seo go bhfuair Sasana seilbh ann. Níor réidhtigh na Bóirigh leis an Sasanach go maith agus dá dheasgaibh sin do bhuaileadar ortha amach ó thuaidh fá'n bhfásach, a dtrusgáin tíghe i dtrucailíbh bhulán acu, a gcapaill agus a mbótáinte acu, agus níor staonadar gur bhuail an Transvaal leo mar a bhfuil siad suidhte go dtí indiu. Ghabhadar fá smacht an fear dorcha agus chuireadar ar téidheadh an leómhan, mar is cródha calma na fir iad, agus deirtheas go bhfuilid chómh cruinn chum piléir do sgaoileadh gur chóir do dhuine a udhacht do dhéanamh agus a úrnaighthe do rádh sul dul chum troda leo. Bhíodar ag coimheasgar leis an bhfear ndorcha, agus gan amhras ag tabhairt droch-íde ar an nduine mbocht, mí- adhmharach sain acht níor cualathas trácht ná tuairisg ortha ar feadh trí fichid bliadhan as breis gur thárla go bhfuair duine éigin mianach óir agus seóid in a dtír agus leis sin do bhí gach áird an domhain beag nách dubh le daoinibh ag déanamh ortha ar nós scaoth priachán amplach, ocrach. Chuir an Bórach cnead agus d'fhéach amach as a iothla aonarach go neamh-charthanach ar an sguaine neamh- ghnáthach úd ag triall 'na threó. Leig sé fá chíos an cuite nó an mianach chúcha go leath-thoileamhail. Tá an lámh i n-uachdair aige fós ar na dreamaibh úd agus sin é an fáth go bhfuil neamh-shástacht ar na díbear- thaighe ins an Transvaal ó bhliadhain go bliadhain. Deir siad go ndíolaid siad cíos trom as an n-aitea- chaibh oibre agus cáin agus íoc níos troime 'ná na Bóirigh chum gnótha na tíre do chur ar aghaidh agus gurab iad féin do thug maoin agus marguidheacht chun na Transvaal, acht mar sin féin, ná leigfeadh na Bóirigh dhóibh hum ná há do bheith acu i n-aon dlíghe do ceapathar agus do curthar i bhfeidhm i bhFeis na Transvaal. Measaim féin, má's fíor sain, gurab eagcórach an bheart é. An t-é do dhíolas airgead as ghnóthaibh na tíre ba cheart go mbéadh baint aige le déanamh na dligheadh. Acht, tá a leath-sgéal ag Kruger. Is beag é bhur gcúis gearáin adeir sé, níor chuireamar fios oraibh. Bhí na Bóirigh annso rómhaibh. Thangabhar mar mhaithe libh féin chum airgid do dhéanamh, agus ní túisge fhághann duine agaibh a sparán lán ná go sgeinneann sé leis ar n-ais chum a bhaile dúthchais. Is dibearthaighe sibh dá ríribh agus ní h-áiteoirí fíor. Fanaidh annso ar feadh deich mbliadhan agus na dhiaidh sin má táthaoi ullamh le coingeallacha thabhairt uaibh le bheith úmhal feasda do Ríaghaltas na Transvaal, gheabhaidhthí ceart an áiteóra. Is glic an mada ruadh Pól. Ní cheilleann sé gur beag an iontaoibh atá aige as Seághan Bhuidhe. Seadh, adeir sé, chuir Seághan aigneas orainn cheana, bhuail sé coga linn ar tí ár saoirse do bhaint dínn, agus féach cad do bhí dá bhárr aige. Ghabhamar de chosaibh ann ar Chnoc Majuba. Ghríosaigh sé, athrughadh n-uraidh, bail- teóirí Johannesburg chum éirghe amach nár n-aghaidh, agus ghleas an Dochtúir Jameson buidhean an phreabairí do ling go meidhreach tar theorainn le cabhrughadh leo a mbraith go h-árd-phéacach agus a ngunnaí ag búithridh. Shamhluigheadar súd go rabhamar 'nár gcodladh acht bhíomar 'nár ndúiseacht agus sgaoileamar na piléir leis an sgata gearfhiadhthe úd. An méid nach raibh ar lár díobh, bhíodar i dteannta Jameson, na mbraighde láithreach bonn. Sin mar a labhras Kruger agus a phíob 'na bhéal aige. Ar a shon féin, cuir i gcás go bhfuil an fhírinne aige, agus gidh go bhfuil na Bóirigh teann téagartha agus fuaim agus faghairt le n-a bpiléaraibh ní fhuil níos mó ná dhá mhíle dhéag fear comhraic ortha. Táid i gcéim chontabharthach. Ní furus iad do ruagadh mar d'aimseoghadh gach fear acu poll tráthair le liathróid gunna, acht mar sin féin caithfidh said cóir dlíghe agus ceart toilidheachta thabhairt do na h-áiteoiribh ar ball. Deirtheas gur fir mhacánta iad na Bóirigh, acht go bhfuilid chómh doirgeach aineolach, cumhang-chroidheach indiu agus do bhí a sinsir rómpa, dhá chéad bliadhain ó soin. Ní mhaireann fiolar na faille, ná mada uisge an tsrutha chiúin go deo. Tá Paul Kruger aosda, acht tá sé stóinsighthe nó folláin go leór. Ní fhásann fear chómh neart-inntineach leis imeasg treibhe acht go h-annamh. Thug sé greasáil mhaith do Sheághan acht béidh seisean ullamh dó an chéad uair eile. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services