Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tar Lear

Title
Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Tar Lear



Tá Chamberlain an aimsir seo ag cur isteach ar
Paul Kruger, acht ní mheasaim go bhfuil an méid sin ag
cur garrabhuic ar Kruger - nó Craér mar a sonntar
a ainm imeasg a dhaoine féin.



Is cosamhail le dhá chearrbhach clisde an bheirt fhear so,
acht bíonn an Má maith ag Kruger in gach cleas
imeartha agus buadhann ar Chamberlain bhocht i ndeireadh
na gcluithche.



Tá an Transvaal ar nós faithinne nó neascóid ar
deilbh na hAifric agus adeir na Bóirigh ná beidh Seághan
Buidhe sásta go bráth go mbeidh a dtír geárrtha suas
'na codaibh aige.



Deir Seághan nách sanntuigheann sé féin an tír i
n-aon chor, acht go gcuirfidh sé d'fhiachaibh ar na Bóirighibh
saoirse toilidheachta thabhairt dá dhaoinibh atá ag obair
ins an tír úd. Sin mar atá eatortha indiu.



Is daoine doirgeach, dúr, dán iad na Bóirigh. Tháinig
a sinsear ó'n dTír Bhaidhte i roinn na hEorpa suas le
trí chéad bliadhan ó shoin, agus do chómhnuideadar i Rinn
na hAfrice Theas go tosach na h-aoise seo go bhfuair
Sasana seilbh ann. Níor réidhtigh na Bóirigh leis an
Sasanach go maith agus dá dheasgaibh sin do bhuaileadar
ortha amach ó thuaidh fá'n bhfásach, a dtrusgáin tíghe i
dtrucailíbh bhulán acu, a gcapaill agus a mbótáinte acu,
agus níor staonadar gur bhuail an Transvaal leo mar a
bhfuil siad suidhte go dtí indiu. Ghabhadar fá smacht
an fear dorcha agus chuireadar ar téidheadh an leómhan,
mar is cródha calma na fir iad, agus deirtheas go bhfuilid
chómh cruinn chum piléir do sgaoileadh gur chóir do dhuine
a udhacht do dhéanamh agus a úrnaighthe do rádh sul dul chum
troda leo.



Bhíodar ag coimheasgar leis an bhfear ndorcha, agus gan
amhras ag tabhairt droch-íde ar an nduine mbocht, mí-
adhmharach sain acht níor cualathas trácht ná tuairisg
ortha ar feadh trí fichid bliadhan as breis gur thárla go
bhfuair duine éigin mianach óir agus seóid in a dtír agus
leis sin do bhí gach áird an domhain beag nách dubh le
daoinibh ag déanamh ortha ar nós scaoth priachán amplach,
ocrach. Chuir an Bórach cnead agus d'fhéach amach as a
iothla aonarach go neamh-charthanach ar an sguaine neamh-
ghnáthach úd ag triall 'na threó. Leig sé fá chíos an
cuite nó an mianach chúcha go leath-thoileamhail.



Tá an lámh i n-uachdair aige fós ar na dreamaibh úd
agus sin é an fáth go bhfuil neamh-shástacht ar na díbear-
thaighe ins an Transvaal ó bhliadhain go bliadhain.



Deir siad go ndíolaid siad cíos trom as an n-aitea-
chaibh oibre agus cáin agus íoc níos troime 'ná na Bóirigh chum
gnótha na tíre do chur ar aghaidh agus gurab iad féin do
thug maoin agus marguidheacht chun na Transvaal, acht
mar sin féin, ná leigfeadh na Bóirigh dhóibh hum ná há
do bheith acu i n-aon dlíghe do ceapathar agus do curthar
i bhfeidhm i bhFeis na Transvaal. Measaim féin, má's
fíor sain, gurab eagcórach an bheart é. An t-é do
dhíolas airgead as ghnóthaibh na tíre ba cheart go mbéadh
baint aige le déanamh na dligheadh.



Acht, tá a leath-sgéal ag Kruger. Is beag é bhur
gcúis gearáin adeir sé, níor chuireamar fios oraibh.
Bhí na Bóirigh annso rómhaibh. Thangabhar mar mhaithe
libh féin chum airgid do dhéanamh, agus ní túisge fhághann
duine agaibh a sparán lán ná go sgeinneann sé leis
ar n-ais chum a bhaile dúthchais. Is dibearthaighe sibh
dá ríribh agus ní h-áiteoirí fíor. Fanaidh annso ar feadh
deich mbliadhan agus na dhiaidh sin má táthaoi ullamh le
coingeallacha thabhairt uaibh le bheith úmhal feasda do
Ríaghaltas na Transvaal, gheabhaidhthí ceart an áiteóra.



Is glic an mada ruadh Pól. Ní cheilleann sé gur
beag an iontaoibh atá aige as Seághan Bhuidhe. Seadh,
adeir sé, chuir Seághan aigneas orainn cheana, bhuail sé
coga linn ar tí ár saoirse do bhaint dínn, agus féach cad
do bhí dá bhárr aige. Ghabhamar de chosaibh ann ar
Chnoc Majuba. Ghríosaigh sé, athrughadh n-uraidh, bail-
teóirí Johannesburg chum éirghe amach nár n-aghaidh, agus
ghleas an Dochtúir Jameson buidhean an phreabairí do
ling go meidhreach tar theorainn le cabhrughadh leo a
mbraith go h-árd-phéacach agus a ngunnaí ag búithridh.
Shamhluigheadar súd go rabhamar 'nár gcodladh acht
bhíomar 'nár ndúiseacht agus sgaoileamar na piléir leis
an sgata gearfhiadhthe úd. An méid nach raibh ar lár
díobh, bhíodar i dteannta Jameson, na mbraighde
láithreach bonn. Sin mar a labhras Kruger agus a phíob
'na bhéal aige.



Ar a shon féin, cuir i gcás go bhfuil an fhírinne aige,
agus gidh go bhfuil na Bóirigh teann téagartha agus fuaim agus
faghairt le n-a bpiléaraibh ní fhuil níos mó ná dhá mhíle
dhéag fear comhraic ortha. Táid i gcéim chontabharthach.
Ní furus iad do ruagadh mar d'aimseoghadh gach fear
acu poll tráthair le liathróid gunna, acht mar sin féin
caithfidh said cóir dlíghe agus ceart toilidheachta thabhairt
do na h-áiteoiribh ar ball.



Deirtheas gur fir mhacánta iad na Bóirigh, acht go
bhfuilid chómh doirgeach aineolach, cumhang-chroidheach
indiu agus do bhí a sinsir rómpa, dhá chéad bliadhain ó soin.



Ní mhaireann fiolar na faille, ná mada uisge an
tsrutha chiúin go deo. Tá Paul Kruger aosda, acht tá
sé stóinsighthe nó folláin go leór. Ní fhásann fear chómh
neart-inntineach leis imeasg treibhe acht go h-annamh.
Thug sé greasáil mhaith do Sheághan acht béidh seisean
ullamh dó an chéad uair eile.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services