Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Scoil Ghaedhealach.
Title
Scoil Ghaedhealach.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SCOIL GHAEDHEALACH Sula dtosnuighthear tigh, léirighthear an talamh, baintear an fód, rómharthar go bhfaightear bun daingean dlúth agus cuirtear an chloch-chúinne annsoin. Támuid-ne ag léiriughadh na talmhan. Is gnó tairbheach é agus gnó trom. Támuid ag árdughadh tighthe leis acht i n-ionad a gclocha cúinne do dhingeadh síos mar a bhfuil an chré ghlas chruaidh is eadh is bhaoghlach go bhfuilmíd 'gá gcur ar thalamh bhog do chritheann fá n-ár gcosaibh. Tá bun is na ceanntraibh Gaedhealacha agus má shuidhtear tigh air sin ní réabfadh gaoth ghuairneáin na nIndiatha Thoir an tigh sin. Measaim gur bh'iascaire d'árduigh an chéad tigh i mBaile-Átha-Cliath i bhfad ins na ciantaibh. Ní raibh aige chuige acht cleathacha adhmaid chum fallaí, agus scrath an tailmh chum dín a thighe, acht as an gcéad- thosughadh soin d'fhás Sráid Uí Chonaill mar a gcuireann Connradh na Gaedhilge fútha indiu. Cuirimís-ne leis tigh ar bun - scoil Ghaedhealach, i gceanntar Ghaedhealach - is cuma cá mbeidh sí suidhte, thiar, thuaidh nó theas, acht go mbeidh an áit Gaedhealach. Caidé an chuma is fearr chum a déanta? Is eól d'ár dtimthirí an áit is oireamhnaighe le n-a leithéid do chur ar bun acht dála na cuma is fearr chum an ghnótha do chur chum cinn bheinn buidheach do chách a chomhairle thabhairt dúinn. Dar liom-sa tá an scoil curtha suas cheana agus ní fhuil againn acht a cruth d'atharrughadh. 'Sí an scoil Bhéarlach úd í do thóg an sagart paróisde le cabhair an Bhuird Oideachais. Tá sé riachtanach orainn ar dtúis cead an tsagairt agus cead tuismidhe na leanbh d'fhaghail agus an scoil do cheannach ó'n mBord. Díolfaidh an bord í go mear má bheidh fhios aca go bhfuilmíd dáiríribh agus go bhfágfamuis a scoil 'n-a fotharach folamh aca chum scátha thabhairt d'uanaibh lá fearthainne. Muna bhfuil sí oireamhnach d'ár ngnó dhéanfainn ceann nuadh. "Cad do dhéanfar leis an máighistir mbocht atá annsúd?" adéar- faidh duine éigin. An méid seo go deimhin. Má tá fios a ghnótha aige, sé sin má tá sé 'n-a chumas Gaedhilg is léigheann maith do mhúineadh do'n aos óg, tógfar é ó smacht an Bhuird Oideachais, tabharfar tuarastal níos fearr dó ná tá aige agus coinghill freisin go bhfuighidh sé an tuaras- tal soin ar feadh a bheathadh acht a ghnó do dhéanadh go maith agus aire thabhairt dó féin. Déarfainn gur bh'fhiú fear maith tuarastal 200 púnt 'sa mbliadhain, do mhúinfeadh an leanbh ó thosach i nGaedhilg, agus do dhéanfadh clár oibre mar leanas:- Garsúin is gearrchaillí i n-éinfheacht amuigh is amach le sé bliadhna d'aois, An chéad bhliadhain: Gaedhilg amháin is Teagasc Crióstuidhe. An dara bliadhain, agus as soin go dtí an t-aonmhadh bliadhain déag: Gaedhilg, Stair, Teagasc Críostuidhe, Áireamh, Léar-eólas, Béarla - gach nídh múinte thre Ghaedhilg. An t-aonmhadh bliadhain déag: Ealadhna eile, Tómhas Cruinne, agus Úclid.
Ó'n t-aonmhadh bliadhain déag suas: Caithfear bean-mhúinte do sholáthar do na cailíníbh i dteannta an mháighistir, do mhúinfidh Fuagháil, Cniotáil, Nigheachán, Cócaireacht is gach nídh do bhaineann le tigh, is le héanlaithe. Ba chóir go bhfuighthidhe a leithéid sin de mhúinteóir ar chéad go leith 'sa mbliadhain agus ar an oiread céadna fear do mhúinfeadh míniughadh talmhan do na buachaillí. Caithfear trí acra do cheannach cois na scoile i gcóir gach saghas míniughadh talmhan do mhúineadh dhóibh ní amháin as leabhraibh acht as obair lámh. Is leis na haosánaigh toradh na talmhan soin agus cuirfear i dtaisce dhóibh a luach, mar díolfar ar an margadh na barraí. Is é míniughadh talmhan an t-eólas is oireamhnaighe d'ár ndaoinibh indiu. Níor múineadh fós dóibh é, agus tá a rian air, támuid creachta ag tíorthaibh deórata toisc nach bhfuil an t-eólas cruinn againn le sochar do bhaint as an dtalamh. Deir fir eólacha go mbainfidhe a chúig n-oiread sochair as an dtalamh so againn is bain- tear as indiu. Dá mbainfidhe féin ba bheag an bhrigh dhúinn-ne é mar bheadh sé go dtí seo ag an bpéist sin an máighistir talmhan. Tá breacadh an lae chughainn ámh, agus is mithid d'fheirmeóiríbh na hÉireann iad féin do ghléasadh. Tá daoine eile lasmuigh ag déanamh airgid as a gcuid talmhan agus ár dtír-ne ag dul chum fiadhantais. Thall i nAlbain an t-am so de bhliadhain is gnáthach le feirmeóirí na scioltháin do chur i mboscaíbh istigh i dtighthibh agus ithir is aoileach do chur leó go séideann na bog- ghais thre shúilibh na sciolthán soin. 'Sa mhí seo chughainn sáithfear na scioltháin sin i dtalamh is beidh prátaí nua san Abrán atá chughainn aca súd. Chonnac fiche púnt dá thabhairt ar thonna prátaí nua roimh Bheal- taine i gcathair Lúnduin. Ní áiteómhadh an saoghal orm 'ná go bhfuil sé i gcumas feirmeóirí na hÉireann an rud céadna do dhéanamh. Tháid siad chomh gasta is chomh críochnamhail leó súd thall, acht amháin nach bhfuil eólas mínighthe talmhan aca. Ní féidir leó da réir sin dhá bharra prátaí do bhaint as an dtalamh i n-éin-bhliadhain amháin agus an leasughadh ceart do chur ar n-ais ann i gcás ná raghadh an talamh soin i ndísc. "An as scoilín Gaedhealach do mheasann tú an t-eólas soin do mhúineadh do na feirmeóirí?" adéarfaidh duine éigin, is é ag leamh-gháiridhe. Go réidh, a dhalta. Ní fhuil síol-chnó na daire chómh mór le méaracán, acht féach ar bhile na coille d'fhásann uaidh, a cheann go hárd, a phréamha go doimhin, a chabhail thoirteamhail, a ghéaga reamhra, righne. D'fhás an crann uaibhreach soin as bheagán, ní raibh deabhadh 'ná deith- neas air, acht níor staon sé riamh gur fhás sé. Féach go cruinn air, is machtnuigh! D'éis an chéad scoil Ghaedhealach do chur ar bun agus taithighe bheith againn ar an ngnó, is féidir linn scoileanna eile d'fhagháil mar a múinfear gach uile chéird do theast- óchaidh uainn i nÉirinn, mar atá leasughadh leathair, gréasuidheacht, figheadóireacht, táilliúireacht, siúinéireacht, agus cearda eile. Cuirfear árdscoil ar bun i mBaile Átha Cliath, nó i gChorcaigh, nó i nGaillimh, le haghaidh gach ealadha thairbheach do mhúinedh as Gaedhilg do'n aos óg do thoghfar as na scolaibh Gaedhealacha. Chuir ár sinsir scoileanna na Teamhrach is Chluana, Bheann- choir is Árdmacha ar bun, agus leath a gcáil ar fuid an tsaoghail. Tá an fhuil chéadna ionnainne. Misneach, a chlann ó! Is linn- ne tír gheal-innseach na hÉireann, agus is gearr go mbeidh sí againn le congnamh Dé. CONÁN MAOL.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services