Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Scoil Ghaedhealach.

Title
Scoil Ghaedhealach.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

SCOIL GHAEDHEALACH



Sula dtosnuighthear tigh, léirighthear an
talamh, baintear an fód, rómharthar go
bhfaightear bun daingean dlúth agus cuirtear
an chloch-chúinne annsoin. Támuid-ne ag
léiriughadh na talmhan. Is gnó tairbheach é
agus gnó trom. Támuid ag árdughadh tighthe
leis acht i n-ionad a gclocha cúinne do
dhingeadh síos mar a bhfuil an chré ghlas
chruaidh is eadh is bhaoghlach go bhfuilmíd 'gá
gcur ar thalamh bhog do chritheann fá n-ár
gcosaibh.



Tá bun is na ceanntraibh Gaedhealacha
agus má shuidhtear tigh air sin ní réabfadh
gaoth ghuairneáin na nIndiatha Thoir an
tigh sin.



Measaim gur bh'iascaire d'árduigh an
chéad tigh i mBaile-Átha-Cliath i bhfad ins
na ciantaibh. Ní raibh aige chuige acht
cleathacha adhmaid chum fallaí, agus scrath an
tailmh chum dín a thighe, acht as an gcéad-
thosughadh soin d'fhás Sráid Uí Chonaill mar
a gcuireann Connradh na Gaedhilge fútha
indiu.



Cuirimís-ne leis tigh ar bun - scoil
Ghaedhealach, i gceanntar Ghaedhealach - is
cuma cá mbeidh sí suidhte, thiar, thuaidh nó
theas, acht go mbeidh an áit Gaedhealach.
Caidé an chuma is fearr chum a déanta?
Is eól d'ár dtimthirí an áit is oireamhnaighe
le n-a leithéid do chur ar bun acht dála na
cuma is fearr chum an ghnótha do chur chum
cinn bheinn buidheach do chách a chomhairle
thabhairt dúinn.



Dar liom-sa tá an scoil curtha suas
cheana agus ní fhuil againn acht a cruth
d'atharrughadh. 'Sí an scoil Bhéarlach úd í
do thóg an sagart paróisde le cabhair an
Bhuird Oideachais. Tá sé riachtanach orainn
ar dtúis cead an tsagairt agus cead
tuismidhe na leanbh d'fhaghail agus an scoil
do cheannach ó'n mBord. Díolfaidh an
bord í go mear má bheidh fhios aca go
bhfuilmíd dáiríribh agus go bhfágfamuis a
scoil 'n-a fotharach folamh aca chum scátha
thabhairt d'uanaibh lá fearthainne. Muna
bhfuil sí oireamhnach d'ár ngnó dhéanfainn
ceann nuadh. "Cad do dhéanfar leis an
máighistir mbocht atá annsúd?" adéar-
faidh duine éigin. An méid seo go
deimhin. Má tá fios a ghnótha aige, sé sin
má tá sé 'n-a chumas Gaedhilg is léigheann
maith do mhúineadh do'n aos óg, tógfar é
ó smacht an Bhuird Oideachais, tabharfar
tuarastal níos fearr dó ná tá aige agus
coinghill freisin go bhfuighidh sé an tuaras-
tal soin ar feadh a bheathadh acht a ghnó do
dhéanadh go maith agus aire thabhairt dó féin.



Déarfainn gur bh'fhiú fear maith tuarastal
200 púnt 'sa mbliadhain, do mhúinfeadh an
leanbh ó thosach i nGaedhilg, agus do dhéanfadh
clár oibre mar leanas:-



Garsúin is gearrchaillí i n-éinfheacht amuigh
is amach le sé bliadhna d'aois,



An chéad bhliadhain:
Gaedhilg amháin is Teagasc Crióstuidhe.



An dara bliadhain, agus as soin go dtí an
t-aonmhadh bliadhain déag:



Gaedhilg, Stair, Teagasc Críostuidhe, Áireamh,
Léar-eólas, Béarla - gach nídh múinte thre
Ghaedhilg.



An t-aonmhadh bliadhain déag:



Ealadhna eile, Tómhas Cruinne, agus Úclid.


L. 187


Ó'n t-aonmhadh bliadhain déag suas:



Caithfear bean-mhúinte do sholáthar do na
cailíníbh i dteannta an mháighistir, do mhúinfidh
Fuagháil, Cniotáil, Nigheachán, Cócaireacht is gach
nídh do bhaineann le tigh, is le héanlaithe.



Ba chóir go bhfuighthidhe a leithéid sin de
mhúinteóir ar chéad go leith 'sa mbliadhain
agus ar an oiread céadna fear do mhúinfeadh
míniughadh talmhan do na buachaillí.



Caithfear trí acra do cheannach cois na scoile
i gcóir gach saghas míniughadh talmhan do mhúineadh
dhóibh ní amháin as leabhraibh acht as obair lámh.
Is leis na haosánaigh toradh na talmhan soin agus
cuirfear i dtaisce dhóibh a luach, mar díolfar ar
an margadh na barraí.



Is é míniughadh talmhan an t-eólas is
oireamhnaighe d'ár ndaoinibh indiu. Níor
múineadh fós dóibh é, agus tá a rian air,
támuid creachta ag tíorthaibh deórata
toisc nach bhfuil an t-eólas cruinn againn
le sochar do bhaint as an dtalamh. Deir
fir eólacha go mbainfidhe a chúig n-oiread
sochair as an dtalamh so againn is bain-
tear as indiu. Dá mbainfidhe féin ba
bheag an bhrigh dhúinn-ne é mar bheadh sé go
dtí seo ag an bpéist sin an máighistir
talmhan. Tá breacadh an lae chughainn ámh,
agus is mithid d'fheirmeóiríbh na hÉireann
iad féin do ghléasadh. Tá daoine eile
lasmuigh ag déanamh airgid as a gcuid
talmhan agus ár dtír-ne ag dul chum
fiadhantais.



Thall i nAlbain an t-am so de bhliadhain
is gnáthach le feirmeóirí na scioltháin do
chur i mboscaíbh istigh i dtighthibh agus ithir is
aoileach do chur leó go séideann na bog-
ghais thre shúilibh na sciolthán soin. 'Sa mhí
seo chughainn sáithfear na scioltháin sin i
dtalamh is beidh prátaí nua san Abrán atá
chughainn aca súd. Chonnac fiche púnt dá
thabhairt ar thonna prátaí nua roimh Bheal-
taine i gcathair Lúnduin. Ní áiteómhadh
an saoghal orm 'ná go bhfuil sé i gcumas
feirmeóirí na hÉireann an rud céadna do
dhéanamh. Tháid siad chomh gasta is chomh
críochnamhail leó súd thall, acht amháin nach
bhfuil eólas mínighthe talmhan aca. Ní
féidir leó da réir sin dhá bharra prátaí do
bhaint as an dtalamh i n-éin-bhliadhain amháin
agus an leasughadh ceart do chur ar n-ais ann
i gcás ná raghadh an talamh soin i ndísc.



"An as scoilín Gaedhealach do mheasann
tú an t-eólas soin do mhúineadh do na
feirmeóirí?" adéarfaidh duine éigin, is é
ag leamh-gháiridhe. Go réidh, a dhalta. Ní
fhuil síol-chnó na daire chómh mór le
méaracán, acht féach ar bhile na coille
d'fhásann uaidh, a cheann go hárd, a phréamha
go doimhin, a chabhail thoirteamhail, a ghéaga
reamhra, righne. D'fhás an crann uaibhreach
soin as bheagán, ní raibh deabhadh 'ná deith-
neas air, acht níor staon sé riamh gur fhás
sé. Féach go cruinn air, is machtnuigh!



D'éis an chéad scoil Ghaedhealach do chur
ar bun agus taithighe bheith againn ar an ngnó,
is féidir linn scoileanna eile d'fhagháil
mar a múinfear gach uile chéird do theast-
óchaidh uainn i nÉirinn, mar atá leasughadh
leathair, gréasuidheacht, figheadóireacht,
táilliúireacht, siúinéireacht, agus cearda eile.
Cuirfear árdscoil ar bun i mBaile Átha
Cliath, nó i gChorcaigh, nó i nGaillimh, le
haghaidh gach ealadha thairbheach do mhúinedh as
Gaedhilg do'n aos óg do thoghfar as na
scolaibh Gaedhealacha. Chuir ár sinsir
scoileanna na Teamhrach is Chluana, Bheann-
choir is Árdmacha ar bun, agus leath a gcáil ar
fuid an tsaoghail. Tá an fhuil chéadna
ionnainne. Misneach, a chlann ó! Is linn-
ne tír gheal-innseach na hÉireann, agus is
gearr go mbeidh sí againn le congnamh Dé.



CONÁN MAOL.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services