Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Deagh-Shompla.
Title
Deagh-Shompla.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
DEAGH-SHOMPLA. Bhí Baitsiléir saidhbhir 'n-a chomh- nuidhe i n-áit áirithe tamall ó shoin. Bhí sé ag caitheamh a shaoghail go ru- bháilceach naomhtha gan bheith ag déanamh éin-nídh as an tslighe ar éinne. Mar sin de bhíodh sé 'n-a cheann ar gach cumann a chuirfidhe ar bun san áit chum na daoine do chur ar a leas; nó muna mbíodh fein 'n-a cheann ortha go léir d'aontóchadh sé leó pé i nÉirinn é, chum deaghshompla do thabhairt do dhaoinibh eile le súil go n-iompochaidís ar bhóthar a leasa.
Bhí dúil aige i ngloine phuins anois 's arís, cé ná hóladh sé an iomad éan-uair, ná ní fheacaidh éinne riamh ar meisge é, agus bhí an sgéal go maith aige ar feadh i bhfad go dtí gur fhás Buidhean óg láidir na measardhachta suas ar fuid na tíre, agus gur cheap cuid do na daoinibh san áit seo gur mhaith an rud craobh de'n Chumann soin do chur ar bun 'n-a measg, agus nídh nach iongnadh d'iarradar ar an mBaitsiléir seo aontughadh leó agus cur suas dá ghloine phuins feasda chum an deagh- shompla do thabhairt do dhaoinibh eile. Bhí sé i gcruadh-chás, acht bhí sé macánta, agus dubhairt sé leó gur bh'í a thuairim na raibh an ghloine nó dhó bhí aige féin d'á chaitheamh ag déanamh éin-díoghbhála dhó féin ná d'éinne eile: acht mar sin féin má mheasadar go ndéanfadh sé éan-mhaitheas do'n phobul go gcuirfeadh sé suas ar fad de'n ghloine bhig 'go raibh taithighe aige uirthi le fada. Do dhein sé sin acht má dhein is gearr go raibh a rian air. Bhí a aghaidh a bhí roimis seo ramhar beathuighthe anois tanuidhe triuchaldha, agus deallramh dólásach uaigneach air de ghnáth i n-ionad an deallraimh mheidhrigh bhíodh air fadó. Do thug Dochtúir na háite fé ndeara an t-atharrughadh bhí ann, agus ó bhí sé 'n-a chara dhó, dubhairt sé leis éan-lá amháin gur casadh air sa tsráid é agus é níos dona ná riamh: "A dhuine a' chroidhe istigh, ní'l tú ar foghnamh le déidheannaighe; cad imthigh ort i n-éan-chor?" "O ní'l pioc orm," arsa an Baitsiléir, "táim i sláinte mhaith, buidheachas le Dia." "O go deimhin, ní héan-mhaith dhuit bheith ag iarraidh púicín do chur ar mo shúilibh-se," arsa an Dochtúir, "tá rud éigin ag goilleamh ort le tamall." Agus ambasa fé dheireadh, d'admhuigh sé do'n Dochtúir gur easbha na gloine puins go raibh an taithighe aige uirthi, bhí ag baint a shláinte dhe, agus ná féadfadh sé codladh na hoidhche do dhéanamh mar ba ghnáth leis, ná an biadh do chaitheamh acht chomh beag; go raibh a goile caillte aige ó stad sé de'n bhraon. "Ach aidhe a dhuine," arsa an Doch- túir, leis "cad n-a thaobh ná féadfá do bhraoinín do bheith agat sa bhaile nuair ná béadh éinne id' thimcheall, agus ní dhéanfadh sé éin-díoghbáil d'éinne." "Ní féidir liom é," arsa an fear eile, "ní fhéadfainn an t-uisge beirbhthe d'fhagháil i gan fhios de Sheanaid - mo sheirbhíseach, agus tá sí siúd go han-mhór le Cumann na Measardhachta." "Seadh, anois mhaise," arsa an Dochtúir ag machtnamh, "bearrann tú thú féin is dócha?" "Bearr- aim," arsa an fear eile. "Seadh máiseadh," arsa an Dochtúir, "coimeád braoinín id' sheomra leapthan agus nuair thabharfaidh Seanaid an t-uisge beirbhthe chugat gach maidin, dein gloine mhaith láidir phuins duit féin do chuirfidh i dtreó mhaith thú i gcóir an lae." Ó'n lá soin amach, bhí atharrughadh ins an mBaitsiléir. Bhí sé ag dul i bhfeabhus gach lá gur gheárr go raibh sé i sláinte chomh maith is bhí sé riamh, agus is le háthas mór do thaisbeánadh Cumann na Measardhachta é mar shompla ar an mbeathaidh bhfolláin agus an tsláinte mhaith bheadh ag seanduine ná beadh éan- bhaint aige leis an ólachán. Bhí gach duine lúthgháireach mar gheall ar an bhfeabus tháinig ar a shláinte acht amháin Seanaid. Bhí a brón siúd agus a trioblóid aigne ag méadughadh ó lá go lá go dtí i ndeireadh thiar thall, chuaidh sí ag triall ar an Dochtúir gan fios a sgéil do thabhairt d'éinne. "Ó a Dhochtúir a chuid," ar sise go truaighmhéileach, "Ba mhaith liom dá mbuailfeá isteach lá éigin agus gan éin-nídh do leigint ort agus féachaint i ndiaidh mo mháighistir. Tá rud éigin air tá eagla orm." "Arú! Éist do bhéal a bhean," arsa an Dochtúir, "cad do bhéadh air? Níl éan- bhaoghal air an fhaid atá sé chomh láidir
beathuighthe sin. Níl pioc air acht an oiread as tá ort-sa nó orm-sa." "Ó," arsa Seanaid "is fíor go bhfuil sé go láidir agus go beathuighthe, acht mar sin féin tá a fhios agam go bhfuil droch-nídh éigin air. Ní féidir a rádh go bhfuil duine ar fóghnamh a bhearann é féin sé uaireannta sa ló." DUL AMUDHA.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services