Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Deagh-Shompla.

Title
Deagh-Shompla.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

DEAGH-SHOMPLA.



Bhí Baitsiléir saidhbhir 'n-a chomh-
nuidhe i n-áit áirithe tamall ó
shoin. Bhí sé ag caitheamh
a shaoghail go ru-
bháilceach naomhtha
gan bheith ag
déanamh éin-nídh as an
tslighe ar éinne. Mar sin
de bhíodh sé 'n-a cheann ar
gach cumann a chuirfidhe ar
bun san áit chum na daoine do chur ar a
leas; nó muna mbíodh fein 'n-a cheann ortha
go léir d'aontóchadh sé leó pé i nÉirinn é,
chum deaghshompla do thabhairt do dhaoinibh
eile le súil go n-iompochaidís ar bhóthar a
leasa.


L. 146


Bhí dúil aige i ngloine phuins anois 's arís,
cé ná hóladh sé an iomad éan-uair, ná ní
fheacaidh éinne riamh ar meisge é, agus bhí an
sgéal go maith aige ar feadh i bhfad go dtí
gur fhás Buidhean óg láidir na measardhachta
suas ar fuid na tíre, agus gur cheap cuid do
na daoinibh san áit seo gur mhaith an rud
craobh de'n Chumann soin do chur ar bun
'n-a measg, agus nídh nach iongnadh d'iarradar
ar an mBaitsiléir seo aontughadh leó agus cur
suas dá ghloine phuins feasda chum an deagh-
shompla do thabhairt do dhaoinibh eile. Bhí sé
i gcruadh-chás, acht bhí sé macánta, agus dubhairt
sé leó gur bh'í a thuairim na raibh an ghloine
nó dhó bhí aige féin d'á chaitheamh ag déanamh
éin-díoghbhála dhó féin ná d'éinne eile: acht
mar sin féin má mheasadar go ndéanfadh
sé éan-mhaitheas do'n phobul go gcuirfeadh
sé suas ar fad de'n ghloine bhig 'go raibh
taithighe aige uirthi le fada. Do dhein sé
sin acht má dhein is gearr go raibh a rian air.
Bhí a aghaidh a bhí roimis seo ramhar beathuighthe
anois tanuidhe triuchaldha, agus deallramh
dólásach uaigneach air de ghnáth i n-ionad an
deallraimh mheidhrigh bhíodh air fadó.



Do thug Dochtúir na háite fé ndeara an
t-atharrughadh bhí ann, agus ó bhí sé 'n-a chara dhó,
dubhairt sé leis éan-lá amháin gur casadh air
sa tsráid é agus é níos dona ná riamh: "A
dhuine a' chroidhe istigh, ní'l tú ar foghnamh le
déidheannaighe; cad imthigh ort i n-éan-chor?"
"O ní'l pioc orm," arsa an Baitsiléir,
"táim i sláinte mhaith, buidheachas le Dia."
"O go deimhin, ní héan-mhaith dhuit bheith ag
iarraidh púicín do chur ar mo shúilibh-se,"
arsa an Dochtúir, "tá rud éigin ag goilleamh
ort le tamall." Agus ambasa fé dheireadh,
d'admhuigh sé do'n Dochtúir gur easbha na
gloine puins go raibh an taithighe aige uirthi,
bhí ag baint a shláinte dhe, agus ná féadfadh sé
codladh na hoidhche do dhéanamh mar ba ghnáth
leis, ná an biadh do chaitheamh acht chomh beag;
go raibh a goile caillte aige ó stad sé de'n
bhraon. "Ach aidhe a dhuine," arsa an Doch-
túir, leis "cad n-a thaobh ná féadfá do
bhraoinín do bheith agat sa bhaile nuair ná
béadh éinne id' thimcheall, agus ní dhéanfadh sé
éin-díoghbáil d'éinne." "Ní féidir liom é,"
arsa an fear eile, "ní fhéadfainn an t-uisge
beirbhthe d'fhagháil i gan fhios de Sheanaid -
mo sheirbhíseach, agus tá sí siúd go han-mhór le
Cumann na Measardhachta." "Seadh, anois
mhaise," arsa an Dochtúir ag machtnamh,
"bearrann tú thú féin is dócha?" "Bearr-
aim," arsa an fear eile. "Seadh máiseadh,"
arsa an Dochtúir, "coimeád braoinín id'
sheomra leapthan agus nuair thabharfaidh Seanaid
an t-uisge beirbhthe chugat gach maidin, dein
gloine mhaith láidir phuins duit féin do
chuirfidh i dtreó mhaith thú i gcóir an lae."



Ó'n lá soin amach, bhí atharrughadh ins an
mBaitsiléir. Bhí sé ag dul i bhfeabhus gach lá
gur gheárr go raibh sé i sláinte chomh maith is
bhí sé riamh, agus is le háthas mór do thaisbeánadh
Cumann na Measardhachta é mar shompla
ar an mbeathaidh bhfolláin agus an tsláinte
mhaith bheadh ag seanduine ná beadh éan-
bhaint aige leis an ólachán.



Bhí gach duine lúthgháireach mar gheall ar
an bhfeabus tháinig ar a shláinte acht amháin
Seanaid. Bhí a brón siúd agus a trioblóid
aigne ag méadughadh ó lá go lá go dtí i
ndeireadh thiar thall, chuaidh sí ag triall ar
an Dochtúir gan fios a sgéil do thabhairt
d'éinne. "Ó a Dhochtúir a chuid," ar sise
go truaighmhéileach, "Ba mhaith liom dá
mbuailfeá isteach lá éigin agus gan éin-nídh
do leigint ort agus féachaint i ndiaidh mo
mháighistir. Tá rud éigin air tá eagla
orm." "Arú! Éist do bhéal a bhean," arsa
an Dochtúir, "cad do bhéadh air? Níl éan-
bhaoghal air an fhaid atá sé chomh láidir


L. 147


beathuighthe sin. Níl pioc air acht an oiread
as tá ort-sa nó orm-sa."



"Ó," arsa Seanaid "is fíor go bhfuil sé
go láidir agus go beathuighthe, acht mar sin féin
tá a fhios agam go bhfuil droch-nídh éigin air.
Ní féidir a rádh go bhfuil duine ar fóghnamh
a bhearann é féin sé uaireannta sa ló."



DUL AMUDHA.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services