Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Clodhanna Nua.
Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CLODHANNA NUA. DUANAIRE PHÁDRAIG. Amhráin Diadha. Ar n-a nAis- triughadh ó'n mBéarla do Thadhg Ó Donnchadha, Baile Átha Cliath : Cuideachta Bhanba. 1902. Pinginn. Leabhairín deas é seo. Ní baoghal nach deas an snas filidheachta Gaedhilghe chuirfeadh "Tórna" ar rud do'n tsórt. Dob' fhearr linne an chaint a bheith ní badh shimplidhe 'ná mar tá, acht tuigimid an sgéal, an dheac- racht do dhuine méadaireacht agus comhfhuaim an Ghaill- Bhéarla do chur i ndán agus i n-uaim Ghaedhilge. 'San gcúigeadh leathanach is é rud dob' insgríobhtha "Is duit-se, a Naomh-chroidhe Íosa, Is dual ár gcroidhthe i ngrádh." B'fhéidir eile gur cirte "leat-sa" nó "ort-sa" 'ná "duit-se" annso; "leat-sa" is mó adeirtear, agus i n-Ultaibh airightear "ort-sa" acht ní go minic é ("táim i ngrádh leat," "tá mé i ngrádh leat nó ort"). Dob' fhearr linn fós "i bhfásach na ndeór" ná "san bhfasach so deór" 'san tseachtmhadh leathanach (cmh. "as gleann na ndeór so tóg sinne feasda"). 'Na thaobh sain agus uile, molamaoid do Thórna an leabhrán so go mór, agus is dócha, nuair a thig sé 'sa' chló an ath-uair, gurab air féin a bheas sé d'fhonn gach aon dearmad beag do cheartughadh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services