Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clodhanna Nua.

Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CLODHANNA NUA.



DUANAIRE PHÁDRAIG. Amhráin Diadha. Ar n-a nAis-
triughadh ó'n mBéarla do Thadhg Ó Donnchadha, Baile
Átha Cliath : Cuideachta Bhanba. 1902. Pinginn.



Leabhairín deas é seo. Ní baoghal nach deas an snas
filidheachta Gaedhilghe chuirfeadh "Tórna" ar rud do'n
tsórt. Dob' fhearr linne an chaint a bheith ní badh
shimplidhe 'ná mar tá, acht tuigimid an sgéal, an dheac-
racht do dhuine méadaireacht agus comhfhuaim an Ghaill-
Bhéarla do chur i ndán agus i n-uaim Ghaedhilge. 'San
gcúigeadh leathanach is é rud dob' insgríobhtha



"Is duit-se, a Naomh-chroidhe Íosa,
Is dual ár gcroidhthe i ngrádh."



B'fhéidir eile gur cirte "leat-sa" nó "ort-sa"
'ná "duit-se" annso; "leat-sa" is mó adeirtear,
agus i n-Ultaibh airightear "ort-sa" acht ní go minic é
("táim i ngrádh leat," "tá mé i ngrádh leat nó ort").
Dob' fhearr linn fós "i bhfásach na ndeór" ná "san
bhfasach so deór" 'san tseachtmhadh leathanach (cmh. "as
gleann na ndeór so tóg sinne feasda"). 'Na thaobh
sain agus uile, molamaoid do Thórna an leabhrán so go
mór, agus is dócha, nuair a thig sé 'sa' chló an ath-uair,
gurab air féin a bheas sé d'fhonn gach aon dearmad
beag do cheartughadh.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services