Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Laoi na hÉan-mhná.
Title
Laoi na hÉan-mhná.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Laoi na hÉan-mhná. Diarmaid Ó Duibhne .i. duine de'n Fhéinn, cct. I. Aoibhinn chaithim an bhliadhain; Is mé Diarmaid ó Duibhne : An tráth nach díolaim cliara, Bím ag fiadhach gach ruibhne. II. Lá dham is mé im' aonar I mBinn Éadair mhic Éadghaoith, Tarla dam re hucht nóna Dá laoch óga go n-éan-mhnaoi. III. Do ráidh mé, Críoch bhur gcúise Labhraidh liúm-sa, a dhís tréin-fhear : Cá tír dhíbh nó cá talamh, Nó an libh ghabhas an éin-bhean? IV. Le Rígh Albain i gcoimhmeas Do chuamair, loingeas Francach, 'S do marbhadh linn, gér chéim deacair, Ceithre chéad d'fhearaibh Alban. V. Mórán díobh nár áirimh sinne Do marbhadh linne an lá-sain : Do thuit rinn an Rí Féinne; So í a chéile atá i láthair.
VI. Cia thusa féin, a mhacaoimh? Is leór linn a gcanmaoid duibh-se. Ní gnáth m'ainm-se ar iarraidh : Mise Diarmaid ó Duibhne. VII. Is liom ó'n bhFéinn mír churadh; Buaidh riamh ní rugadh orm-sa: Seisear agus éin-bhean eile Mo dhíol feise d'á fhorgall. VIII. Tocht ar do bhéal, a Dhiarmaid; Ní'lmíd led' bhriathraibh ag éisdeacht : Is dóigh linn gur bréag chantaoi Is, dar linn, ní bhfaghthaoi éin-bhean. IX. Do dhéanfainn comhrádh libh-se, Má thug sise dhíbh aire, Gibé leanfas sí ó'n láthair, Sealbh na mná-so bheith aige. X. Annsin gluaisid ó'n dtulaigh An triúr curaidh 's an éin-bhean : 'Sé comhrádh do chan sise, Sóraidh libh-se, a dhís tréin-fhear. XI. Do ghluaiseadh liom-sa an éin-bhean Tar mheas na déise fial-mhac, 'S do bhí gan cheas im' pháirt-se Gur chaith ráithe is trí bliadhna. XII. Ag sin deireadh mo dhála Leis an mnaoi mánla mbéal-chaoin: Ní mé éin-fhear do mealladh; Bím sealad ag gach éan-mhnaoi.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services