Laoi na hÉan-mhná.
Diarmaid Ó Duibhne .i. duine de'n Fhéinn, cct.
I.
Aoibhinn chaithim an bhliadhain;
Is mé Diarmaid ó Duibhne :
An tráth nach díolaim cliara,
Bím ag fiadhach gach ruibhne.
II.
Lá dham is mé im' aonar
I mBinn Éadair mhic Éadghaoith,
Tarla dam re hucht nóna
Dá laoch óga go n-éan-mhnaoi.
III.
Do ráidh mé, Críoch bhur gcúise
Labhraidh liúm-sa, a dhís tréin-fhear :
Cá tír dhíbh nó cá talamh,
Nó an libh ghabhas an éin-bhean?
IV.
Le Rígh Albain i gcoimhmeas
Do chuamair, loingeas Francach,
'S do marbhadh linn, gér chéim deacair,
Ceithre chéad d'fhearaibh Alban.
V.
Mórán díobh nár áirimh sinne
Do marbhadh linne an lá-sain :
Do thuit rinn an Rí Féinne;
So í a chéile atá i láthair.
VI.
Cia thusa féin, a mhacaoimh?
Is leór linn a gcanmaoid duibh-se.
Ní gnáth m'ainm-se ar iarraidh :
Mise Diarmaid ó Duibhne.
VII.
Is liom ó'n bhFéinn mír churadh;
Buaidh riamh ní rugadh orm-sa:
Seisear agus éin-bhean eile
Mo dhíol feise d'á fhorgall.
VIII.
Tocht ar do bhéal, a Dhiarmaid;
Ní'lmíd led' bhriathraibh ag éisdeacht :
Is dóigh linn gur bréag chantaoi
Is, dar linn, ní bhfaghthaoi éin-bhean.
IX.
Do dhéanfainn comhrádh libh-se,
Má thug sise dhíbh aire,
Gibé leanfas sí ó'n láthair,
Sealbh na mná-so bheith aige.
X.
Annsin gluaisid ó'n dtulaigh
An triúr curaidh 's an éin-bhean :
'Sé comhrádh do chan sise,
Sóraidh libh-se, a dhís tréin-fhear.
XI.
Do ghluaiseadh liom-sa an éin-bhean
Tar mheas na déise fial-mhac,
'S do bhí gan cheas im' pháirt-se
Gur chaith ráithe is trí bliadhna.
XII.
Ag sin deireadh mo dhála
Leis an mnaoi mánla mbéal-chaoin:
Ní mé éin-fhear do mealladh;
Bím sealad ag gach éan-mhnaoi.