Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Filidheacht. An Láirín Shaoghalta.
Title
Filidheacht. An Láirín Shaoghalta.
Author(s)
Féach aithriseoir,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Collector
An Buachaillín Buidhe
Contributor
Mac Ruaidhrí, Seoirse Fó-choill, Leacain
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN LÁIRÍN SHAOGHALTA. Fuagraim péin a' mí-ádh; Is mairg ariamh dar céileadh; Orm-sa tá sé greamuigh', Mo chreach, a's mo dhubhrón a's m'éagcaoin! Ag Mainistir Cloch Meadhoin Rinneadh orm an gríomh gan náire Nuair sgiobadh uaim mo chaiplín ó mhára. 'Chomhursanaí na gcarad An truagh libh brígh mo sgéala? Sgiob Finbheara 'gus a shluaighte Mo chaiplín leis ó'n mára. Dá bhfágfad sé agam an craiceann Gheobhfainn tobac ráithche Agus dhiumhan ar fhág siad agam Acht sean-mhinistéir agus cáirr air! Agus dhiumhan sin leis n-á ráth (?) A ndearna riamh i nÉirinn Nach bhfuil mé l'éis mo láirín Agus tá mé ag iarraidh go fóill (?) D'éirigh mé ar buile Agus dhearg mé mo phíopa, Agus bhuail mé an ród go díreach. Fuaidh mé go Cloch Meadhoin Chun sásamh a bhaint díobhtha. Casadh dhamh-sa Finbheara An thulaigh aoibhinn áluinn: "'Bhfeiceann sibh Riocard Mór 'Cuir tuaraisg ar a láirín?" "Má's tú Finbheara, Acht 's ort atá mo shaoradh Sluagh Sídhe na gcroc 'Seadh thug uaim mo láirín shaoghalta." "Ma's láirín í chomh maith sin Is mairg ariamh agus sgar léi. Deir buaileadh góir a' Ríogh (?) Ní fheicfidh tú choidh' acht a sgáile." Tá sin dona go leor Mo bhannaigh 'gus mo nóta i ngéibheann 'Gus a luach le n-íoc go fóill agam. "Go deimhin," ar Riocard Mór, "Ní annso atá do láirín Tá sí i gCrois Bhaile Chriosail Ag sifide na mban-sídhe. D'éirigh mé ar buile 'Gus dhearg mé mo phíopa
'Gus bhuail mé an ród go díreach Bhí mé 'gCrois Bhaile Chriosail 'S an meadhon-laoi críochnuigh' Agus dubhairt mé leis an bhfritheoir An ceart nó an chóir a dhíonamh Nach nglacfainn lom ná leithsgéal Go bhfághfainn mo láirín shaoghalta. "Go deimhin," ar Riocard Mór, "Ní annso atá do láirín, Tá sí i nGleann a' Smóil Ag cuir trí sheol le ráithche." D'éirigh mé ar buile 'Gus dhearg mé mo phíopa 'Gus bhuail mé an ród go díreach Agus bhí mé i nGleann a' Smóil Le tuitim chun na hoidhche. Dhiumhan fear ceirde ó Fhlaitheas anuas Nach ann a gheobhthá 'gluasacht. Stop siad uilig a gceird 'Gus fuair siad fuaim a gháiridhe: "Bhfeiceann sibh Riocard Mór 'Cuir tuaraisg ar a láirín?" Tharraing siad táiplis ceóil Agus leófa fuair mé stiúradh. Annsin le héirghe an lae Bhí mé marbh, brúighte. Dubhairt mé leis a' bhfear cruiteach Go bpiocfainn an dá shúil as Nach nglacfainn lom ná leithsgéal Nó go bhfhághfainn mo láirín shaoghalta. D'éirigh mé 'mo sheasamh Agus bhuail mé cic san ngríosaigh: - "D'anam ó'n deabhar, a bhodaigh, Ná bruith agus ná dóigh na daoine!" "Go deimhin," ar Riocard Mór, "Ní annso atá do láirín; Tá sí i nAlbain Laighnigh (?) Ar adhastar ag mo mháthair." D'éirigh mé ar buile 'Gus dhearg mé mo phíopa 'Gus bhuail mé an ród go díreach Agus bhí mé i nAlbain Laighnigh Le tuitim chun na hoidhche. Casadh orm mo chailleach 'Gus labhair sí trí lár a Béarla! "What do you want, you rascal you? I don't like your notion." "Is cuma liom, a chailligh, Cé'r'd dhéanfas do chuid Béarla Acht tabhair dham an teanga A thuigeanns gach éinne." "Go deimhin," ar Riocard Mór, "Ní annso atá do láirín, Chuír mé le píosa le síogaidhe Go Rath Cruach ar éirghe." 'Filleadh thuas anuas Chuir mé mo chuairt i gcuimhne, Casadh um an síogaidhe Síntí ins an luachar. "Shiubhail tú rud beag mall, Shiubhail tú rud beag déidheannach. Rinne mé hunting cap Go (= de ?) choinnil cháit a réir di; Leabhra, is gránda an duine thú, Ní'l do leitheid i nÉirinn. Ó's agam tá an sgéal sin Is mise thuig 'innsin. Is truagh liom fear gan bó Agus dá uair fear gan caora Agus cúrsaí fear gan láirín Is doiligh dhó a dhíonamh (?) Téirigh 'un do thighearna Agus déan leis cunntas déidheannach Agus maithfidh sé dhuit cíos bliadhna Nó caillfidh sé a chiall 's a réasún. Téirigh go Cluain Mór Ag an onóir Uasail (?) Mac Thomáis Mhóir an Iarla Agus bhéarfaidh sé sporán óir dhuit." Béal an Átha, Co. Mhuigh-Eó, Bealtaine 2, 1902. A Dhuine Uasail, - An dán atá mé do chur chugat -
"An Láirín Shaoghalta" - b'fhéidir nach mhisde leat é bheith agat le haghaidh an Irisleabhair. Fuair mé é ó sean-fhear darab ainm do Seoirse Mac Ruaidhrí atá 'n-a chomhnuidhe i bhFó-choill, baile beag atá i ngar do Leacain agus do Chill Chúimín ar Chuan Cille Alaidh ins an gConndae so. Tá sé suas le céad bliadhain d'aois, agus 'siud is go dtug mé aire maith dhó, agus na focail ag teacht ó n-a bhéal, táim cinnte nach bhfuil an t-iomlán de thíos i gceart agam. Dar le na mhac óg Miceál chomhnuigheas sa gCarraig Duibh i n-aice do Bhaile Átha Cliath ní'l an t-iomlán de'n dán ann, agus caithim-se a rádh nach dtig liom gach éin-líne dhe do thuigsint. Cíbé sgéal é, so duit-se é, agus tig leat é 'chur fá chló má's fiú leat é. Tá neart Gaedhilge ag muinntir na comhursanachta timcheall Cille Alaidh, agus is mór an brón atá orm nach mbíonn sé d'uain agam tuilleadh de na sean-sgéaltaibh agus de na sean-amhránaibh do chuir i sgríbhinn. Tá roinnt aca ag tabhairt Gaedhilge dhá gclainn, agus tá an teanga dhá múineadh i roinnt de na sgoilteachaibh, acht maidir le Béal an- Átha, ní facathas a leath oiread de sheoiníníbh agus de shúmairíbh Gallda riamh agus tá le feiceál ins an mbaile mór so. Cad n-a thaobh nach gcuireann sibh an timthire síos annso le cor do bhaint as na snagairíbh malluighthe, go bhfuil an áit so líonta díobhtha? Go deimhin, níor mhisde roinnt de "chainnt árd-ghlóraigh fheargaigh" - mar deir an "Mhéarthóg" - do thabhairt dóbhtha, chomh madramhail colgach agus do b'fhéidir. Mise le meas mór, AN BUACHAILLÍN BUIDHE. Seosamh Laoide "Irisleabhar na Gaedhilge." [Tá lán an chirt ag "An mBuachaillín Bhuidhe": caith- fear cor do bhaint as na snagairíbh malluighthe úd an Bhéarla gan mórán moill, mar is iad is measa ar bith. Maidir leis an dán, tá an mhéadaireacht bun os cionn agus tré n-a chéile ó thús go deireadh beagnach, i gcaoi nach bhféadfaidhe é cheartughadh as an innsint seo air.) Mára = (?) máraidh (Uí Mhéith Mhara), I. na G., U. 136, l. 13. Chun na hoidhche = chuim na hoidhche? Deabhar = diabhal. Albain Laighnigh = Almhuin Laighean. Um = umam nó orm? - F. an I.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services