Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Filidheacht. An Láirín Shaoghalta.

Title
Filidheacht. An Láirín Shaoghalta.
Author(s)
Féach aithriseoir,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Collector
An Buachaillín Buidhe
Contributor
Mac Ruaidhrí, Seoirse Fó-choill, Leacain
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 93


AN LÁIRÍN SHAOGHALTA.



Fuagraim péin a' mí-ádh;
Is mairg ariamh dar céileadh;
Orm-sa tá sé greamuigh',
Mo chreach, a's mo dhubhrón a's m'éagcaoin!
Ag Mainistir Cloch Meadhoin
Rinneadh orm an gríomh gan náire
Nuair sgiobadh uaim mo chaiplín ó mhára.
'Chomhursanaí na gcarad
An truagh libh brígh mo sgéala?
Sgiob Finbheara 'gus a shluaighte
Mo chaiplín leis ó'n mára.
Dá bhfágfad sé agam an craiceann
Gheobhfainn tobac ráithche
Agus dhiumhan ar fhág siad agam
Acht sean-mhinistéir agus cáirr air!
Agus dhiumhan sin leis n-á ráth (?)
A ndearna riamh i nÉirinn
Nach bhfuil mé l'éis mo láirín
Agus tá mé ag iarraidh go fóill (?)



D'éirigh mé ar buile
Agus dhearg mé mo phíopa,
Agus bhuail mé an ród go díreach.
Fuaidh mé go Cloch Meadhoin
Chun sásamh a bhaint díobhtha.
Casadh dhamh-sa Finbheara
An thulaigh aoibhinn áluinn:
"'Bhfeiceann sibh Riocard Mór
'Cuir tuaraisg ar a láirín?"
"Má's tú Finbheara,
Acht 's ort atá mo shaoradh
Sluagh Sídhe na gcroc
'Seadh thug uaim mo láirín shaoghalta."
"Ma's láirín í chomh maith sin
Is mairg ariamh agus sgar léi.
Deir buaileadh góir a' Ríogh (?)
Ní fheicfidh tú choidh' acht a sgáile."
Tá sin dona go leor
Mo bhannaigh 'gus mo nóta i ngéibheann
'Gus a luach le n-íoc go fóill agam.
"Go deimhin," ar Riocard Mór,
"Ní annso atá do láirín
Tá sí i gCrois Bhaile Chriosail
Ag sifide na mban-sídhe.



D'éirigh mé ar buile
'Gus dhearg mé mo phíopa


L. 94


'Gus bhuail mé an ród go díreach
Bhí mé 'gCrois Bhaile Chriosail
'S an meadhon-laoi críochnuigh'
Agus dubhairt mé leis an bhfritheoir
An ceart nó an chóir a dhíonamh
Nach nglacfainn lom ná leithsgéal
Go bhfághfainn mo láirín shaoghalta.
"Go deimhin," ar Riocard Mór,
"Ní annso atá do láirín,
Tá sí i nGleann a' Smóil
Ag cuir trí sheol le ráithche."

D'éirigh mé ar buile
'Gus dhearg mé mo phíopa
'Gus bhuail mé an ród go díreach
Agus bhí mé i nGleann a' Smóil
Le tuitim chun na hoidhche.
Dhiumhan fear ceirde ó Fhlaitheas anuas
Nach ann a gheobhthá 'gluasacht.
Stop siad uilig a gceird
'Gus fuair siad fuaim a gháiridhe:
"Bhfeiceann sibh Riocard Mór
'Cuir tuaraisg ar a láirín?"
Tharraing siad táiplis ceóil
Agus leófa fuair mé stiúradh.
Annsin le héirghe an lae
Bhí mé marbh, brúighte.
Dubhairt mé leis a' bhfear cruiteach
Go bpiocfainn an dá shúil as
Nach nglacfainn lom ná leithsgéal
Nó go bhfhághfainn mo láirín shaoghalta.
D'éirigh mé 'mo sheasamh
Agus bhuail mé cic san ngríosaigh: -
"D'anam ó'n deabhar, a bhodaigh,
Ná bruith agus ná dóigh na daoine!"
"Go deimhin," ar Riocard Mór,
"Ní annso atá do láirín;
Tá sí i nAlbain Laighnigh (?)
Ar adhastar ag mo mháthair."



D'éirigh mé ar buile
'Gus dhearg mé mo phíopa
'Gus bhuail mé an ród go díreach
Agus bhí mé i nAlbain Laighnigh
Le tuitim chun na hoidhche.
Casadh orm mo chailleach
'Gus labhair sí trí lár a Béarla!
"What do you want, you rascal you?
I don't like your notion."
"Is cuma liom, a chailligh,
Cé'r'd dhéanfas do chuid Béarla
Acht tabhair dham an teanga
A thuigeanns gach éinne."
"Go deimhin," ar Riocard Mór,
"Ní annso atá do láirín,
Chuír mé le píosa le síogaidhe
Go Rath Cruach ar éirghe."
'Filleadh thuas anuas
Chuir mé mo chuairt i gcuimhne,
Casadh um an síogaidhe
Síntí ins an luachar.
"Shiubhail tú rud beag mall,
Shiubhail tú rud beag déidheannach.
Rinne mé hunting cap
Go (= de ?) choinnil cháit a réir di;
Leabhra, is gránda an duine thú,
Ní'l do leitheid i nÉirinn.
Ó's agam tá an sgéal sin
Is mise thuig 'innsin.
Is truagh liom fear gan bó
Agus dá uair fear gan caora
Agus cúrsaí fear gan láirín
Is doiligh dhó a dhíonamh (?)
Téirigh 'un do thighearna
Agus déan leis cunntas déidheannach
Agus maithfidh sé dhuit cíos bliadhna
Nó caillfidh sé a chiall 's a réasún.
Téirigh go Cluain Mór
Ag an onóir Uasail (?)
Mac Thomáis Mhóir an Iarla
Agus bhéarfaidh sé sporán óir dhuit."



Béal an Átha,
Co. Mhuigh-Eó,
Bealtaine 2, 1902.



A Dhuine Uasail, - An dán atá mé do chur chugat -


L. 95


"An Láirín Shaoghalta" - b'fhéidir nach mhisde leat é
bheith agat le haghaidh an Irisleabhair. Fuair mé é ó
sean-fhear darab ainm do Seoirse Mac Ruaidhrí atá
'n-a chomhnuidhe i bhFó-choill, baile beag atá i ngar do
Leacain agus do Chill Chúimín ar Chuan Cille Alaidh ins an
gConndae so. Tá sé suas le céad bliadhain d'aois,
agus 'siud is go dtug mé aire maith dhó, agus na focail ag
teacht ó n-a bhéal, táim cinnte nach bhfuil an t-iomlán
de thíos i gceart agam. Dar le na mhac óg Miceál
chomhnuigheas sa gCarraig Duibh i n-aice do Bhaile Átha
Cliath ní'l an t-iomlán de'n dán ann, agus caithim-se a
rádh nach dtig liom gach éin-líne dhe do thuigsint. Cíbé
sgéal é, so duit-se é, agus tig leat é 'chur fá chló má's
fiú leat é. Tá neart Gaedhilge ag muinntir na
comhursanachta timcheall Cille Alaidh, agus is mór an
brón atá orm nach mbíonn sé d'uain agam tuilleadh
de na sean-sgéaltaibh agus de na sean-amhránaibh do
chuir i sgríbhinn. Tá roinnt aca ag tabhairt
Gaedhilge dhá gclainn, agus tá an teanga dhá múineadh i
roinnt de na sgoilteachaibh, acht maidir le Béal an-
Átha, ní facathas a leath oiread de sheoiníníbh agus de
shúmairíbh Gallda riamh agus tá le feiceál ins an mbaile
mór so. Cad n-a thaobh nach gcuireann sibh an
timthire síos annso le cor do bhaint as na snagairíbh
malluighthe, go bhfuil an áit so líonta díobhtha? Go
deimhin, níor mhisde roinnt de "chainnt árd-ghlóraigh
fheargaigh" - mar deir an "Mhéarthóg" - do thabhairt
dóbhtha, chomh madramhail colgach agus do b'fhéidir.



Mise le meas mór,



AN BUACHAILLÍN BUIDHE.



Seosamh Laoide
"Irisleabhar na Gaedhilge."



[Tá lán an chirt ag "An mBuachaillín Bhuidhe": caith-
fear cor do bhaint as na snagairíbh malluighthe úd an
Bhéarla gan mórán moill, mar is iad is measa ar bith.



Maidir leis an dán, tá an mhéadaireacht bun os
cionn agus tré n-a chéile ó thús go deireadh beagnach, i
gcaoi nach bhféadfaidhe é cheartughadh as an innsint seo
air.)



Mára = (?) máraidh (Uí Mhéith Mhara), I. na G., U. 136,
l. 13. Chun na hoidhche = chuim na hoidhche? Deabhar =
diabhal. Albain Laighnigh = Almhuin Laighean. Um =
umam nó orm? - F. an I.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services