Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sgríbhinní Úr-Nua. Sgoil Thamhnach Mhullaigh.
Title
Sgríbhinní Úr-Nua. Sgoil Thamhnach Mhullaigh.
Author(s)
Ó Sléibhín, Tuathal,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SGOIL THAMHNACH MHULLAIGH. Tá craobh de Chonnradh na Gaedhilge i dTamh- nach Mullaigh le fada, ag deanamh obair ion- gantach mhaith ar bheagán iomráidh. Tá sí aithbheó- dhuighthe ar Sheachtmhain na Gaedhilge le spiorad nuaidh agus cosamhlacht nach mbíonn níos fírinnighe ná níos fheárr 'choinne an Ghaedhilg agus teangaidh na hÉireann choinneáil 'ná tá an dream atá greamuighthe ann. Tá an sean agus an t-óg daríribh ann.
Ní'l againn acht oidhche amháin ins an tseacht- mhain cruinn i dteach na sgoile. Mar sin a fhéin, ní'l teach a rachthá ann nach bhfeicfeá an aois óg ag síor-dhul do na leabhair Ghaedhilge, ag feitheamh cia chasadh an bealach le n-a seóladh ceart, dá mbíodh siad ceárr. Ní feasach muid áit ar bith is feárr a bhfuil slighe ar an Ghaedhilg 'ná tá i sgoil Thamhnach Mhullaigh. Ní fios do'n paisde an ag dul 'un na sgoile atá sé mur bfhuil Gaedhilg aige, ar an ádhbhar, an fear uasal a thóg an sgoil, Maighistir Ó Dochartaigh, gur chuir sé an t-ainm i nGaedhilg ar an sgoil taobh 'muigh os cionn an doruis. Ní istigh amháin atá an Ghaedhilg le fághail againn acht sgríobhtha ar na clochaibh taobh 'muigh. Ar a dhul isteach dúinn tá fíor-Éireannach, togha Gaedhilgtheóra, tá go síor fá choinne maith ár dtíre agus ar dteangaidh le fághail taobh 'stigh, mar tá, Seaghán Ó Cnáimhsighe agus a chéile agus a theaghlach atá fá mheas agus fá urraim ins an tír a thairbhe a gcuid Gaedhilge agus a náis- iúntacht'. Ní bhéidheadh sárughadh ar ar gcraoibh i dTamhnach Mhullaigh acht tiom- paisne a bhuail d'ár dteagasgóir Seaghán Ó Cnáimhsighe ag fághail a choise briste le n-a chóisde féin. Chuir sé cúl mór ar na gnaith- eachaibh acht daoine muinteardha de Ghaedh- ilgtheóiríbh ag deanamh díchillt ar a shon go dtí go n-órduighe an Rí i n-a measg ar ais e agus tá me ag dúil gur gearr go bhfeicio- muid e i n-innmh' an Ghaedhilg a theagasg ins an sgoil nuaidh le mian agus dícheallt mar rinn ins an tsean-sgoil. Ní thig linn barraidheacht urrama thabhairt do theagasgóir sgoile ar bith i bParáisde Dhúin na nGall ar an ádhbhar so, mur mbéidh- eadh siad 'na bhfíor-Ghaedhilgtheóiríbh agus mian theagaisg na Gaedhilge fá chroidhe aca, níor bhféidir dóibh stiuruightheoirí na sgoltach a shásamh, ar an ádhbhar gur fíor-Ghaedhilgtheoirí iad, mar tá, an Monsignor Mac Pháidín agus an sagart óg an t-Athair Ó Caiside. 'Sé an barrán is mó bhí ann nach gcualas iomrádh ar an chraoibh seo níos miniceacha mar nach dteachaidh an cháin 'ionns' ar úghdair na ngnaithe i mBaile Átha Cliath. Ní'lmid 'na dhiaidh ortha, agus dá dtiocfadh linn níos mó a dheanamh bhéadhmuist fonnmhar. Támuid ar ndúsacht anois. Ní bhéarfar ar gcodladh aríst orainn ar sean ná óg i dTamhnach Mhullaigh go dtí go rabh an Ghaedhilg coit- cheannta ann ghach teach agus teaghlach maidin agus tráthnóna ag éirghe agus ag luighe agus an Béarla nuair nach dtig fághail as. Tá mé go mór anuas ar ghléas ceoil na haimsire nach bhfuil luach d'á fhágáil ar an tsean-ghnás mar ab' fhiú é. Muirbhfidh sé sean-cheól na hÉireann mur bfhuil éisdeacht ná urraim le fághail ag an tsean-ghnás ag féis nó cuirm cheóil i n-éan-chathair agus mo thruaighe! níos measa 'ná uilig i mBaile Atha Cliath. Gan biseach air, is gearr nach mbíonn le fághail acht ceól nuaidh, ceól Béarla áthruighthe go dtí an Ghaedhilg ag daoinibh cluithmheara atá i n-innmh' aer a chur leis an cheól agus a dhearbhadh ar lucht tíre ná sléibhe go bhfuil siad fhéin ceart. Gur so an t-ádhbhar, nuair a rinneadh an ceól 'sna sléibhtibh, gan amhras ní rabh oirneis cheóil 'choinne cos ná méar, mar tá ins an am atá i láthair. Mar soin de, is furust biseach a chuir ar obair leath-dheánta, má deir ár gcuid ceóltóirí móra i mBaile Átha Cliath gur ceól leath-dheánta atá le fághail fá bhun na sléibhte. Béidh bunadh bhuin na gcnoc lán-bhuidheach ar bhiseach dhá laighead ar an cheól acht a luach fhéin a thabhairt ar tús do'n tsean-ghnás ceóil. Ní rabh gar ann go dtí seo nuair nach rabh siad ábalta am a choinneáilt le ceól na hoirneise. Tá lúthgháir orm fá'n Oireachtas go bhfaca
mé ins an Chlaidheamh go rabh áit agus urraim fá choinne an tsean-ghnáis ar an bhliadhain seo. Le heagla go bhfuilmid ag rámhailligh fá'r n-eólus ar cheól nó Gaedhilg i dTamhnach Mhullaigh, tá mé ag dúil nach n-áifrigheann sibh orm é. Leis an mhisneach atá againn fá thairbhe an Oireachtais ag tabhairt áite agus urrama do'n tsean-ghnás, is geárr go rabh a lán de cheóltóiríbh maithe Gaedhilge le fághail fá sgoil Thamhnach Mhullaigh. TUATHAL Ó SLÉIBHÍN. Tamhnach Mhullaigh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services