Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sgríbhinní Úr-Nua. Sgoil Thamhnach Mhullaigh.

Title
Sgríbhinní Úr-Nua. Sgoil Thamhnach Mhullaigh.
Author(s)
Ó Sléibhín, Tuathal,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 51


SGOIL THAMHNACH MHULLAIGH.



Tá craobh de Chonnradh
na Gaedhilge i dTamh-
nach Mullaigh le fada,
ag deanamh obair ion-
gantach mhaith ar bheagán
iomráidh. Tá sí aithbheó-
dhuighthe ar Sheachtmhain na
Gaedhilge le spiorad nuaidh agus cosamhlacht
nach mbíonn níos fírinnighe ná níos fheárr
'choinne an Ghaedhilg agus teangaidh na hÉireann
choinneáil 'ná tá an dream atá greamuighthe
ann. Tá an sean agus an t-óg daríribh ann.


L. 52


Ní'l againn acht oidhche amháin ins an tseacht-
mhain cruinn i dteach na sgoile. Mar sin a
fhéin, ní'l teach a rachthá ann nach bhfeicfeá
an aois óg ag síor-dhul do na leabhair
Ghaedhilge, ag feitheamh cia chasadh an bealach
le n-a seóladh ceart, dá mbíodh siad ceárr.
Ní feasach muid áit ar bith is feárr a bhfuil
slighe ar an Ghaedhilg 'ná tá i sgoil Thamhnach
Mhullaigh. Ní fios do'n paisde an ag dul
'un na sgoile atá sé mur bfhuil Gaedhilg
aige, ar an ádhbhar, an fear uasal a thóg an
sgoil, Maighistir Ó Dochartaigh, gur chuir sé
an t-ainm i nGaedhilg ar an sgoil taobh
'muigh os cionn an doruis. Ní istigh amháin
atá an Ghaedhilg le fághail againn acht
sgríobhtha ar na clochaibh taobh 'muigh. Ar a
dhul isteach dúinn tá fíor-Éireannach, togha
Gaedhilgtheóra, tá go síor fá choinne maith
ár dtíre agus ar dteangaidh le fághail taobh
'stigh, mar tá, Seaghán Ó Cnáimhsighe agus a chéile
agus a theaghlach atá fá mheas agus fá urraim ins
an tír a thairbhe a gcuid Gaedhilge agus a náis-
iúntacht'. Ní bhéidheadh sárughadh ar ar
gcraoibh i dTamhnach Mhullaigh acht tiom-
paisne a bhuail d'ár dteagasgóir Seaghán Ó
Cnáimhsighe ag fághail a choise briste le n-a
chóisde féin. Chuir sé cúl mór ar na gnaith-
eachaibh acht daoine muinteardha de Ghaedh-
ilgtheóiríbh ag deanamh díchillt ar a shon go
dtí go n-órduighe an Rí i n-a measg ar ais
e agus tá me ag dúil gur gearr go bhfeicio-
muid e i n-innmh' an Ghaedhilg a theagasg ins
an sgoil nuaidh le mian agus dícheallt mar rinn
ins an tsean-sgoil.



Ní thig linn barraidheacht urrama thabhairt
do theagasgóir sgoile ar bith i bParáisde
Dhúin na nGall ar an ádhbhar so, mur mbéidh-
eadh siad 'na bhfíor-Ghaedhilgtheóiríbh agus mian
theagaisg na Gaedhilge fá chroidhe aca, níor
bhféidir dóibh stiuruightheoirí na sgoltach a
shásamh, ar an ádhbhar gur fíor-Ghaedhilgtheoirí
iad, mar tá, an Monsignor Mac Pháidín agus
an sagart óg an t-Athair Ó Caiside.



'Sé an barrán is mó bhí ann nach gcualas
iomrádh ar an chraoibh seo níos miniceacha
mar nach dteachaidh an cháin 'ionns' ar úghdair
na ngnaithe i mBaile Átha Cliath. Ní'lmid
'na dhiaidh ortha, agus dá dtiocfadh linn níos mó
a dheanamh bhéadhmuist fonnmhar. Támuid
ar ndúsacht anois. Ní bhéarfar ar gcodladh
aríst orainn ar sean ná óg i dTamhnach
Mhullaigh go dtí go rabh an Ghaedhilg coit-
cheannta ann ghach teach agus teaghlach maidin agus
tráthnóna ag éirghe agus ag luighe agus an Béarla
nuair nach dtig fághail as.



Tá mé go mór anuas ar ghléas ceoil na
haimsire nach bhfuil luach d'á fhágáil ar an
tsean-ghnás mar ab' fhiú é. Muirbhfidh sé
sean-cheól na hÉireann mur bfhuil éisdeacht
ná urraim le fághail ag an tsean-ghnás ag
féis nó cuirm cheóil i n-éan-chathair agus mo
thruaighe! níos measa 'ná uilig i mBaile
Atha Cliath. Gan biseach air, is gearr nach
mbíonn le fághail acht ceól nuaidh, ceól
Béarla áthruighthe go dtí an Ghaedhilg ag
daoinibh cluithmheara atá i n-innmh' aer a
chur leis an cheól agus a dhearbhadh ar lucht tíre
ná sléibhe go bhfuil siad fhéin ceart. Gur
so an t-ádhbhar, nuair a rinneadh an ceól
'sna sléibhtibh, gan amhras ní rabh oirneis
cheóil 'choinne cos ná méar, mar tá ins an
am atá i láthair. Mar soin de, is furust
biseach a chuir ar obair leath-dheánta, má
deir ár gcuid ceóltóirí móra i mBaile
Átha Cliath gur ceól leath-dheánta atá le
fághail fá bhun na sléibhte. Béidh bunadh
bhuin na gcnoc lán-bhuidheach ar bhiseach dhá
laighead ar an cheól acht a luach fhéin a
thabhairt ar tús do'n tsean-ghnás ceóil. Ní
rabh gar ann go dtí seo nuair nach rabh siad
ábalta am a choinneáilt le ceól na hoirneise.
Tá lúthgháir orm fá'n Oireachtas go bhfaca


L. 53


mé ins an Chlaidheamh go rabh áit agus urraim
fá choinne an tsean-ghnáis ar an bhliadhain seo.



Le heagla go bhfuilmid ag rámhailligh
fá'r n-eólus ar cheól nó Gaedhilg i dTamhnach
Mhullaigh, tá mé ag dúil nach n-áifrigheann
sibh orm é. Leis an mhisneach atá againn fá
thairbhe an Oireachtais ag tabhairt áite agus
urrama do'n tsean-ghnás, is geárr go rabh a
lán de cheóltóiríbh maithe Gaedhilge le fághail
fá sgoil Thamhnach Mhullaigh.



TUATHAL Ó SLÉIBHÍN.
Tamhnach Mhullaigh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services