Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Clodhanna Nua.
Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CLODHANNA NUA. Am Bàrd: Riaghlair, an t-uasal S.R. Arascain. Ar Tir agus ar Teanga. Leabhar I., Aireamh 5. Ceud Mhíos a'Gheamhraidh, 1901. Pris, Sgillin. Edition de Luxe, sia sgillinean. Sgríbhinn an-mhaith is eadh an "Comhrádh mu stáid ar tír agus ar teanga" ag Niall Ros. Is deimhnightheach gur Ghaedhilg nádúrtha atá ann, agus a fhusacht do Ghaedheal Éireannach é thuigsint ó thús go deireadh. Féadfaidhe nach bréag a rádh, dá léighfidhe i n-Éirinn é os comhair phobail Ghaedhealaigh, go dtuigfidhe beagnach gach focal de. Tá "Diarmaid na Féinne" (laoidh) fá eagar ag "Seanachaidh." Is é rud do rinne sé an chuma atá ar an laoidh i "dTóruigheacht Dhiarmada agus Ghráinne" agus cuma eile ar a bhfuar sé í ó bhéal-aithris daoine i nGaedhealtacht Alban do chur i dteannta a chéile agus i ndiaidh a chéile. Rinne sé an gnó go maith. Tá leana- mhaint ar choraibh cainte na Gaedhilge ó I. Mhac Aoidh. Tá eolas neamh-ghnáthach d'á thabhairt i "n-Áireamh na gCaorach" ó "Loch Aic". Is mór is ionmholta "Foclair Gailig" ó "Sheanachaidh." Ní'l aige d'á hinnsint acht an fhírinne ghlan gan focal faoi nó thairis. Is ceart, na focail atá beó imeasg an dá Ghaedhealtacht, iad sain go léir do bheith i bhfoclóir. Ní féidir balla práis do thógáil idir Gaedhilg na hÉireann agus Gaedhilg na hAlban. Nach tré n-a chéile gheibhthear iad i gcana- mhaint Reachrann Dáilriada? Amhráin Eoghain Ruaidh Uí Shúilleabháin maille le beathaidh an Fhilidh agus Foclóir; Iar n-a gcruinniughadh agus a gcur i bprímh-eagar leis an Athair Pádraig Ua Duinnín, ughdar an dráma "Creideamh agus Gorta," agus an sgéil "Cormac Ua Conaill", eagarthóir "Aodh- agáin Uí Rathaille", agus c. Ar n-a gcur amach ag Connradh na Gaedhilge, i mBaile Átha Cliath, 1901. Luach 1s. 6d., gan lobháil. Tá obair mhór déanta ag an Athair Ó Duinnín, agus an leabhar so do bhailiughadh i dteannta a chéile agus do chur i bprímh-eagar. Ba mhór an file Eoghan Ruadh agus ní haon iongnadh an cháil agus an teist mhór atá air ar fud na Mumhan. Is fíor do'n eagarthóir: is cuma nó sgéalta iongantais cuid de na sgéaltaibh innistear ar Eoghan Ruadh indiu. Ins an "Introduction. - I." tá a lán thíos ar an bhfile agus tá a lán eile ar lár do bhí thíos cheana ag Seaghán a Dálaigh. Acht aon nídh amháin, níor cheart "Rodney's Glory" do leigean 'sa' chló chuige ná i n-aon chor, mar ní'l faice maitheasa ann, 'pé aca dhíobh go dtráchtfaidhe air, filidheacht nó smaointe. Na dánta is mó atá ar eolus ag na daoinibh, is iad féin atá ins an leabhar so. Táid dánta eile, ámhthach, ná fuil ann. Is mór an truagh nár leig an t-eagar- thóir "Barántas Sheumais Uí Chuirc mhic Chormaic Báille" isteach, mar is fíor-shultmhar an píosa cainte é. Tá cuimhne fós ar dhántaibh eile nár leigeadh is- teach acht comh beag. Ní dócha gur mhol an tAthair Pádraig Ua Duinnín an file ní budh mhó 'ná mar thuill sé. Is leór a rádh gur bh'fhíor-fhile é.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services